Poem in printable PDF format
A-tá an saoghal
ag seanmhóir
[McKenna, L.:
Dán Dé: The poems of Donnchadh Mór Ó Dálaigh, and the religious
poems in the duanaire of the Yellow Book of Lecan, Dublin,
1922, poem 22]
Cormac Ruadh Ó
hUiginn
1 A-tá an saoghal
ag seanmhóir
ní fhuil ann acht
ísealghlóir
dá ngabham is an
ghné chóir
ní anann sé acht
ag seanmhóir.
2 An saoghal is
síol Eabha
seanmhóir uile a
n-airdheana
díne don chruinne
ag a cur
líne uirre i n-a
n-ionadh.
3 Go dtí sinn sa
slighidh chóir
ris an saoghal ag
seanmhóir
ní duine do
chuaidh tar ceart
uain acht an uile
i n-éineacht
4 Ó nach tug Íosa
a fhios damh
an tráth fá
dtiocfa ar saoghal
créad an fáth ar
an bhfeithimh
is tráth don éag
oirichil.
5 Déanadh Chríosd
comhall an ghaoil
gé bheith duine
go díomhaoin
dlighidh sé
féaghuin dá fuil
d’éanfhuil mé is
a mháthair.
6 Sgath m’uaille
níor fhulair dhamh
do leigean síos
ré séanadh
ní san aois budh
nóin do neach
budh chóir a
bhaois ar biseach.
7 Bíoth an duine
nach deachaidh
uime féin go
fuireachair
ní idir mé gá
méad lá
idir m’éag ’s an
t-é theasdá.
8 Ar iasacht is
eadh do bhir
an domhan do na
daoinibh
an bioth cé ní
dúthaigh dháibh
acht sé fúthaibh
ar formáil.
9 Glóir an
bheatha bun ós cheann
’s an ghlóir ar
nach fuil foircheann
gearr bhus lón
loise an domhain
clódh na boise a
baromhail.
10 Feirrde mé
méad a áladh
dá bhféadaim-ne a
bhfriothálamh
ní haonalt do
chuaidh gan chneidh
uainn do
dhaonnacht an Dúilimh.
11 A-déar re
hoighre an Athar
nach deach meise
ar mearachadh
[ná leig] uile
sinn re sruth
go gcuire inn it
arthruch.
12 Ó thugais do
chneas dá gcionn
do chách ná
fágaibh fuigheall
an mheadh as lán
dom lochtaibh
bean a clár dod
chumhochtaibh.
13 Ród díreach ag
gach duine
go teaghdhais na
trócuire
gabhthar slighe
tarrsna ód thigh
’gan chridhe
dhallsa a Dhúilimh.
14 A-tá maor eile
aige
díol [a] chíosa
is córaide
an bráth bídh i
n-a urraidh
ré sín cách do
choronnaibh.
15 Cuireadh i
gcathraigh nimhe
a-tá ag gach aon
d’áirighe
ní buidhean
chuire dod chloinn
acht cuireadh
uile agoinn.
16 Measa an rogha
rug meise
ar dtréigean do
thighei-se
ní rángas é agus
t’fhagháil
mé gan m’álghas
d’iongabháil.
17 Ag tabhairt
láimhe liom féin
a-tá meise dod
mhíréir
ná leig eadrainn
agus inn
ní fhreagraim
dheid mar dhlighim.
18 Tabhair dhamh
a Dhé nimhe
cungnamh th’éarca
d’aithrighe
cuididh [im]
chionn dod chrochadh
cuidigh liom fá
leasochadh.
19 Do dhéanamh
carad dá chluinn
táinig Íosa ar
cuaird chuguinn
go dtánaig a-nall
do nimh
námhaid a chlann
don Choimdhidh.
20 Gá tarbha an
béal do bheith lais
’s an inntinn i
’n-a éagmhais
an tí as ionnraic
mar budh eadh
ar tí a n-iomlait
ós íseal.
21 Dom anmain ní
fhuair meise
lámh thaisgeadha
thairise
teacht don anam
ar th’oineach
reacht a chalann
chomhoidheach.
22 Lá rinn a
haithle an osaidh
ag Íosa fan
agrasain
i nguin a
bhos-san ’s a bhonn
ní fhuil acht
osadh agam.
23 Mairg a-tá ’s
a olc uile
ag taobhadh re
trócuire
fear gan
aithrighe is eadh ionn
[ar] mhaithmhighe
is eadh fheithiom.
24 Do mhúinfeadh
Íosa iúl damh
cungnamh uaim
féin dá bhfaghadh
mar bhias an
Dúileamh réidh rinn
múineadh féin ó
nach faicim.
25 Íosa Chríosd
is ’n-ar gcomhair
do ní ar a fheirg
arodhain
ar an míne do ní
a-niogh
is í a ndíle bhus
deireadh.
26 Liaide duine
ag dul ó chuing
feabhas Íosa fa
urruim
meisde hé agus ar
n-olcas
leisge Dé fa
dhíogholtas.
27 Comhrac
éinfhir ní háil dí
’s an t-anam gan
fhear páirte
do ní an domhan
’s an corp cuil
comhal bhus olc
dom anmuin.
28 Do sháraigh
Eabha an aithne
a-táim-ne ar tí a
sáraighthe
iarmhar a ceana
aga cloinn
Eabha ar n-a
riaghladh romhuinn.
29 A ghuin gémadh
guasacht damh
do bheith oram gá
hiomchar
do bhiadh réidh
im bhior an bhuinn
mo chion féin
acht nach folchuinn.
30 Mé im brághaid
gan bheith i láimh
do dhíoth
aíthreachais d’fhagháil
liom gion go
gcuir an cridhe
n-a ghioll uil an
aithrighe.
31 A chéasadh tar
ceann a ghaoil
d’Íosa Chríosd
nochar chumaoin
duit do chuaidh a
chorp daonna
a thruaigh as olc
iontaobha.
32 Lá ag Íosa ris
an uile
dá fhios cia bhus
ciontuighe
guais don tí nach
tabhair lón
i n-aghaidh na
dtrí dtionól.
33
Ní mó ná acfuinn gach fhir
do
shirfeadh Dia ar na daoinibh
ní
[áil] an Coimdhe dá chionn
’s
do roighne dháibh a dhíchioll.
34
Gidh tearc a-tá dá fhine
re
hiompódh a oirbhire
iomdha gabhlán as ar ghin
gur
lomnán diomdha an Dúilimh.
35 I
n-aisgidh gidh eadh ro b’áil
a
ndearna Íosa d’fhagháil
do
chuid dá othar ní fhuil
duid
gan dochar ’n-a dheaghuidh.
36
Gion go gcuirid clann Eabha
fós
re híoc a oidheadha
tiocfa lá bhus daoradh dhóibh
a-tá
an saoghal ag seanmhóir.
37
Muna leige Mac Muire
meise i dteagh na trócuire
nár
leige an bhanógh mé a-muigh
munab ramhór é d’iarruidh.
38
Mo chuid nochar chúitigh mé
don
gha do chuaidh ’n-a chroidhe
go
rabh ag guidhe fan nga
Muire dhamh ar a dalta.