firstLine"; ?>

267. Ata sinn ar slighidh $
Length: middling c. 21qq
Certainty: 3
Period:
  1. 15th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. TCD 1318 (H.2.16) pseudoYBL 15th c.
  2. TCD 1340 (H.3.19) 16th-17th cent.
  3. Bruss. Bib.roy. 20,978-9 ?1616-18
  4. Book of O’Conor Don c. 1631
  5. RIA 1 (23/D/14) 17th cent. ?Offaly
Prints:
  1. transl. McKenna, DDe no. viii
Motifs:
  1. hosting, sluaigheadh
  2. role of BVM
  3. crucifixion
  4. brevity of life
  5. legal terminology
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Og (TCD 1318)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Meter Vars:
  1. Rionnaird
Poem:

Poem in printable PDF format

A-tá sinn ar slighidh


[McKenna, L.: Dán Dé: The poems of Donnchadh Mór Ó Dálaigh, and the religious poems in the duanaire of the Yellow Book of Lecan, Dublin, 1922, poem 8]


Tadhg Óg Ó hUiginn


1 Atá sinn ar slighidh

síodh mh’olc is eadh dhlighim

le n-a n-imdhigheann orainn

imdhigheam go hinill.

2 Do chuadar cách uile

uainn tar éis a chéile

a bhfoil beo ní buaine

ná ceo re goil ngréine.

3 Sluaigheadh ag síol Ádhaimh

budh í an eachtra fhada

an dream do chuaidh chuga

budh gearr uainn a n-aga.

4 Borb don tí nach tuigeann

mar tú is truagh an gábhadh

do chuaidh soin ar sluaigheadh

a bhfoil uainn go hÁdhamh

5 Cóir dhúinn a Dhé Athar

ar n-aire ar iúl ndíreach

ní linn an lá a-márach

a-tá sinn ag sír-rioth.

6 Díle ar druim an talmhan

tugais fa taom frithir

ní fhoil ann a Athair

ó shoin acht crann crithir.

7 Tráth dá thabhairt d’aire

’s m’aois a Dhé ar ndul thoram

tar riaghail ní ragham

gan dá fhiadhain oram.

8 Guais damh mé do mhealladh

is gar é is is iongar

mh’fhoghlaidh agus mh’aingeal

fan anmain ag iomadh.

9 Guais liom lá na coinne

is deas fán cóir dulann

do theach d’iadhadh oram

is breath m’fhiadhan d’fhulang.

10 Ní fríoth ’gum fhior fheithmhe

mh’árach olc do níthir

uch ní bhí ar mo bhuachail

do ghuth a Rí an ríchidh.

11 Do chuaird i gclí ndaonda

dia Luain gidh lór d’aighneas

dá leanta a Dhé a ndearnas

do theachta is é mh’aimhleas.

12 Tú i gcroich tar ceann mh’anma

’s i n-uaigh adhbhar glóire

do threas ionadh uainne

cneas iodhan na hóighe.


13 Tú ar chuaird ’n-a clí naoidhe

naoi míosa a Mheic ionmhuin

beag nglóire thú i dtalmhain

brú na hóighe th’iomdhaidh.


14 Níor chan comhrádh baoise

sul do bhí an ógh ionfhuilt

fearr do lón dí a ndubhairt

an ógh gur bh’í th’ionuilt.


15 Gur shaorais shíol Ádhaimh

d’éis a ndaortha a Dhúilimh

beir lat é mar fhiadhain

do Mhac a Dhé dhúiligh.


16 Do cheannuigh cloinn Ádhaimh

Íosa ar fhuil a thaobha

gidh bé roinn fhoil uadha

ó shoin don droing dhaonda.


17 Dar ngrádh do ghabh cholainn

cóir dhó dol ’n-ar sealbha

Mac Moire an chraobh chubhra

laogh oighe dar n-ealbha.


18 Dá dheoin féin fuair oidhidh

ar Íosa is olc thaisgthir

truagh is cur a chosgair

a dhul uadh i n-aisgidh.


19 D’fhurtocht fear an talmhan

táinig truagh an séala

Rí an chruinne i gcorp dhaonda

truime iná olc Éabha.


20 Tugadh d’inghin Anna

ní hanta ’gá iomrádh

Rí na glóire ó Ghaibhrial

’s do bhí a hóighe iomshlán.


21 D’iomad mh’olc a Íosa

m’anacol ní fhéadfa

fíon i ndabhaigh dhúnta

’gar gcabhair do chréachta.