Poem in printable PDF format
A-tá sunn
seanchas Mu-áin
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 71; see also
[Williams, N. J. A.: The poems of Giolla Brighde Mac Con
Midhe (Irish Texts Society 51, 1980), poem 12]
Giolla Brighde
Mac Con Midhe cct
1 A-tá sunn
seanchas Mu-áin
ó chath cairrge
seanChu-áin
ríogha Banbha go
mbearair
gníomha is gabhla
geinealaigh.
2 Niall
Naoighiallach an neirt truim
seanathair Mu-áin
mhéarchuirr
go Muir nIocht ní
fhuil achadh
nach fuil sliocht
a seanathar.
3 Mac Eoghain
mhic Néill náraigh
athair Mu-áin
mhórdhálaigh
glas na
bhfuineadhach bhfuileach
Muireadhach cas
céadghuineach.
4 Earc inghean
ríogh Alban aird
máthair Mu-áin
mhir mhórghairg;
Móirbhinn a
seanmháthair sin;
dearbháchaidh
sinn go suaithnidh.
5 Inghean ríogh
Sagsan sleaghaigh
Móirbhinn máthair
Muireadhaigh
súile gorma agus
glac bhán
mac mar mhac
Morna Mu-án.
6 Muircheartach
mhac Earca fhinn
do ghabh Albain
is Éirinn
- éinbhean fa
deaghmháthair dháibh -
dearbhráthair
méirgheal Mu-áin.
7 Téid lá a
Teamhraigh - toisg reabhach -
athair Mu-áin
Muireadhach
dá dtarla ar an
seachrán soir
a gealchlár
Banbha i mBreatnoibh.
8 Dá dtarla rí
Gabhráin ghuirm
ar Eirc inghin
ríogh Loghuirnn
go ros líon grádh
Í Chuinn chais
ó shál a bhuinn
go bathais.
9 Téid adhbhar
airdríogh Bhanbha
i n-Albain ’n-a
hathardha
mac Eoghain
Teamhra dá thairm
do shealbha an
leoghain Loghairnn.
10 Seacht
mbliadhna dhéag sa tír thoir
do Mhuireadhach
mhac Eoghain
gur imdhigh tar
gleannmhuir nguirm
le hinghin
leannmhair Loghuirnn.
11 Ráinig go bun
na Bóinne
mac ríogh Fódla
fleadhmhóire;
codlaidh san
phurt - níor pheall te -
is a cheann i
n-ucht Eirce.
12 Mucaidh
Eoghain a athar
láimh re Bóinn na
mbreaclachan
do-chí i mbun
innbhir fhóid Bhreagh
inghin n-óig agus
aoinfhear.
13 Gabhais éad
’gá fhaicsin sain
mucaidh
ainbhfeargach Eoghain;
táinig bás an
damhna dhe;
don Bhanbha níor
chás coisge.
14 Sleagh i
Muireadhach gur mharbh
sáithis an
t-aitheach athgharbh;
leannán sluagh
Gaoidheal do ghuin;
truagh a
mhaoidheamh do mhucaidh.
15 Gluaisis Earc
go hEoghan n-ard
innisis dó a mhac
mórgharg;
cuirthear
teaghlach úr le hEirc
go múr Teamhrach
dá thoirbheirt.
16 Bearthar i
dTeamhraigh is-teach
an rí i
n-aireagal uaigneach;
i mbarr an
bhrogha acht an bhean
ní robha ann dá
fheitheamh.
17 Tig eas tar
airdrígh bhfear bhFáil
a froighidh ghil
an ghrianáin;
buailis go garbh
Earc an eis
go ros marbh tre
theacht thairis.
18 Eas oile i
gcéadóir do chuir
luibh ’n-a béal
go ros beathaigh;
ar dteacht a
hanma san eis
tarla Earc ar a
haithris.
19 Do láidh barr
an luis leabhair
an bhean i mbéal
Muireadhaigh;
don Bhanbha do
budh beart sídh
teacht a anma san
airdrígh.
20 A Fhir do
dhealbh an domhan
is duit as dual
altoghadh
mar thearna slat
Teamhra ón tán.
go ndearna mac
mar Mhu-án.
21 Síol Mu-áin
mhóir mheic Earca
saoire ná síol
cruithneachta
laoich goirminnse
finne Fáil,
gille coirmmilse
Cruacháin.
22 Níor chanta, a
choinnle Teamhra,
taoiseach re bhar
dtighearna
nó go mbeath
oireacht mar ibh
ag toigheacht go
teach taoisigh.
23 Tarraidh
tighearna an tíre
eochracha na
hairdríghe
treabha ban nach
bí ag fearaibh
rí go ngabh Ó
Gairmleadhaidh.
24 Niall Ó
Gairmleadhaidh Geirge
garbh móide ’s
mín Gaoidheilge
ní budh mór ar
cách [a] chrodh
[a shlógh an
tráth] a-tá-san.