Poem in printable PDF format
A chláirsioch
Chnuic Í Chosgair
[Bergin, Osborn:
Irish Bardic Poetry, poem 15]
Gofraidh Fionn Ó
Dálaigh
1 A chláirsioch
Chnuic Í Chosgair
chuirios suan ar
síorrosgaibh,
a nuallánach
bhinn bhlasda,
ghrinn fhuaránach
fhorasda.
2 A chlár buadha
as bláith mínlearg,
a mhonghárach
mhéirfhírdhearg,
a cheóladhach do
chealg sinn,
a dhearg
leómhanach láinbhinn.
3 A bhrégadh eóin
a healta,
a fhionnfhuaradh
aigionta,
a dhonn
bhionnfhoclach bhallach,
lonn iongantach
iodhlannach.
4 A leighios gach
laoich ghonta,
a shógh brégtha
banntrachta,
a eól gnáthach ós
goirmlinn,
a cheól fáthach
foghairbhinn.
5 A bháthadh
gacha croinn chiúil,
a chrann
taitneamhach taidhiúir,
a chomhnaidhi
eidir chloinn gCoinn,
a chroinn
donnbhuidhi dhíoghainn.
6 A aoinleannán
na n-eólach,
a chorrach
bhláith bhinncheólach,
a rélta chorcra
ós cionn síodh,
a mhionn ochta na
n-airdríogh.
7 A sgatha binne
boga,
a chláirsioch
dhonn Diarmada,
a chruth gan
fhuath ó fheadhain,
a ghuth cuach a
gcéiteamhain.
8 Ní chuala ceól
mar do chronn,
tar éis Tuaithi
Dé Danann;
a chraobh
dhonnloghach dhata,
chaomh
fhorbharach allata.
9 A fhuaim trágha
ré toinn cciúin,
a chrann
fosgadhghlan fírchiúil,
fleadha ’gá n-ól
it fhochair,
a ghlór eala ós
fhionnshrothaibh.
10 A nuall ban
sídhe a Síth Lir,
’s gan ceól do
chor at aighidh,
ód threóir as
téidbhinn gach teach,
a chéidrinn
cheóil na gcláirsioch.
11 Nó no as tú an
Áisioch Fhalláin,
an Mhíonghlórach
Mhanannáin,
ríoghna suarca ag
tríall it theach,
do mhían do
chuarta, a chláirsioch.
12 Nó as tú do
bhí ag Aonghus Óg
i mBrugh Bóinni
na míonród -
cuirfidh sé
snaidhm ar eólach -
fa hé th’ainm an
Ilcheólach.
13 Ó Mhanannáin
tar muir mall
cláirsioch mar
thú fuair Fionnbharr -
nír féadadh
snaidhm badh socra -
darbh ainm
Brégadh Banntrachta.
14 Tú Ballchaomh
Bhuadha Bhuidhbh Dheirg,
iomdha ball
corcra id choimhleirg,
ballchaomh ód
thochta gach teach,
a lannchraobh
chorcra, a chláirsioch.
15 Féithchiúin
Ilbhreic Easa Ruaidh,
cláirsioch
chruthach cheóil fhionnfhuair,
ciúin do labhair
ar gach leath,
samhail do
chiúil, a chláirsioch.
16 Badh í an
Téidbhinn th’ainm oile
ag mac Donnchaidh
Dhormhaighi;
tug tú do
thédaibh ’na theach
gur mhédaigh do
chlú, a chláirsioch.
17 Do-bhéram ainm
nua a-nosa
ort, a
chláirsioch chéadnasa,
réidh ód chlú
troimfhearg troda,
as tú Doinndearg
Dhiarmada.
18 Ag Diarmait as
dócha dhuit
bheith fa chlú, a
chláirsioch orrdhruic;
ní haigionta
tnúdh ré a theach,
ni múr caigiolta
cláirsioch.
19 A Í
Chonchobhair chathrach Coinn,
a mheic mheic Í
Mhaoil Eachloinn,
daoine sona ag
tnúdh réd theach,
do mhúr as cora
cláirsioch.
20 Adhmholadh
Coluim Chille,
ni fhuil ceól as
coimmbinne,
béraidh sé re
seal nguidhi
mé go Teagh na
Trócaire.
21 Aoghuiriocht
Pheadair Phuirt Grég
lór liom ar chion
dum choimhéd,
ar ar gcúl do
chrann smachta,
thall i ndún na
diadhachta.
22 Ar mhéid
meadhrach a mhúir chuirr
Mháig Eochagáin
fhuair urruim
biaidh cnoc
lomnán ar gach leath
d’orghán a chrot
’s a chláirsioch.