Poem in printable PDF format
A-táid trí
comhruig im chionn
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 5]
1 A-táid trí
comhruig im chionn
fá ndligh mé
meanma ísioll;
dúinne budh tráth
dhá dtuigsin
núidhe a-chách na
comhruig-sin.
2 Ní damh nach
doirbh an obair
teacht ó na trí
comhrogaibh;
ní sia ar réi-ne
ná a ré sin
ar ré le chéile
chaithir.
3 Gidh bé do
bheith ar a dtí
an lucht
comhruic-se ad-chluintí
ó ghleó an
trír-se ní thiocfa
beo acht le hísle
aigionta.
4 Cosg éanlá ní
headh budh lat
is a n-arm aca ar
iomlat;
lá dot aimsir
ghirr ná gad
is rinn na
n-airm-sin ionnad.
5 Gan mo liaigh
do léigin uaim
re headh laoi
d’uain nó [d’anuain]
cóir damh go
bhfionnam an bhfuil
blagh ionnam do
na harmuibh.
6 An chalann ag
comhrag riom
’s an tighearna
tá i n-Ifrionn
’s an saoghal
seise ar gcolla
mhei-se im aonar
eatorra.
7 Docair don anam
iodhan
dul uatha gan
aimsioghadh;
a-táid trí
biodhbhaidh ’n-a bun
ar tí ionnlaigh
an anman.
8 An t-anam is
uaigneach dhi
’n-a haonar gan
fhior páirte;
ar gclí-ne ’s a
cáraid gaoil
a námhuid fhíre
d’éantaoibh.
9 A-táid triúr
nach tualaing mé
do chosg dhíom -
dia do thoirrse -
an cholann-sa
bhias dom brath
’s a dias
chomhfhallsa chumthach.
10 A-tá romham
bearn bhaoghail
bréag dhiombuan
an drochshaoghail;
is gearr má
dheach don domhan
go ndeach ceann
na gcathoghadh.
11 Sirid mh’aonta
ó aois leinibh
teaghlach tighe
Lúisifir;
ar gcoimhéid-ne
is beag a bhroid
cead foiréigne ó
nach faghoid.
12 Gidh lá do
bheith cead an chuirp
agam fa fhéagain
d’iarmuirt
caithfidh mé
aithchead d’fhagháil
nó caithfead hé
d’iongabháil.
13 An bonn do bhí
fan othar
dom chaomhna ar
an gcathochadh
’s an dearna do
bhí fan mbior
na trí feadhma go
bhfuilngior.
14 Dia Athar níor
fholáir dhamh
do theacht chugam
dom chosnamh;
muna thí a
dtámuid i ngioll
dá námhuid nó a
trí im thimchioll.
15 Do b’áil liom
- leathtrom an cor -
go deacham ó Dhia
Athor;
do b’áil leam
dhon leith oile
beith teann as a
thrócoire.
16 Ní dhlighim gé
a-deirim so
gan dóigh agam a
hÍoso
gé bheith lá gan
réidhe riom,
ar gcréi-ne a-tá
’n-a thimchioll.
17 Go mbia liom
lá na breithe
Mac na hÓighe
d’áirithe
gion go ndeachadh
saor acht sinn
ó ghaol mo
sheathar shaoilim.
18 Bean Ádhaimh
an uair do thuill
fearg Dhé fan
deachmadh abhuill
a ghaol rinn-ne
ní roibhe
’s do-rinne taom
trócoire.
19 Bean Ádhaimh
nochar áil di
coimhéad abhla na
haithne;
fa-ríor níor
bh’áil le hÁdhamh
cáin an Ríogh do
fhriothálam.
20 Ní shirfeadh
éaraic eile
orra ar-aon acht
aithrighe;
briseadh
aithneadh Dé don dís
do mhaithfeadh sé
acht go sirdís
21 A intinn gion
gur aithrigh
móide a aithbhir
iomaithbhir
re freagra
d’fhagháil do an
do ghabháil eagla
d’Ádhamh.
22 Táinig cridhe
cinn na ndúl
air acht go
n-aomhadh iompúdh;
do rádh Dia: “i
ndóigh a mhaithmhe
cia do-chóidh fam
chomairche?”
23 “An t-ubhall
far fhás rinn-ne
lasair fheirge
th’inntinne
ní mé do bhean,
gá daoi dhamh;
lean ar an mnaoi
é” ar Ádhamh.
24 Do-chuaidh
d’agallaimh Éabha
Mac Dé i ndóigh
na haithmhéala;
do bhí Éabha as a
haithle
ar tí shéana a
sháraichthe.
25 Do b’é rún
Ríogh na n-uile
mar tháinig a
thrócuire
beith léi-se ar
lot na habhla
’s do loc dh’éise
a hagallmha.
26 Do cheileadar
a gcionta;
do thuig Íosa a
n-aigionta;
dul saor nochar
dheachair dháibh
’s a bpeacaidh
ar-aon d’admháil.
27 Do ordaigh
dhóibh gér dhoirbh lais
a gcur ó
chrannaibh Parrthais
dul ar eachtra
leath ar leath
ar son gan
teachta ar taithleach.
28 Do chaithfinn
cridhe toirrseach
[i-né] ar
mh’intinn amhoirseach;
narab ionann é is
Éabha
mé i n-ionam na
haithmhéala.
29 Iarrmuid síoth
ar son ar locht;
ionmhuin le hÍosa
an umhlocht;
a-tá ar tí
riaraighthe ribh
dar mianaich-ne
Rí an ríchidh.
30 As so suas dá
seachnadh mé
na neithe do-nínn
roimhe
a n-aithfior an
uighbhe sinn;
duilghe an
t-aithchion im intinn.
31 Is é ceard na
gceathra ndúl
- córaide ar
n-aigneadh d’iompúdh -
an té do bhí ’s
an té tá
agus is é an tí
theastá. A-táid