firstLine"; ?>

272. Atam i gcas idir dha chomhairle $
Length: middling 22qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
  2. Munster (poet’s loc.)
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. Francis. A25 B. MagNiallghusa c.1610-
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
  3. RIA2 (23/F/16) O Gara MS 1655-9
  4. TCD 804 (F.1.18) 1667
  5. NLS Adv 72/1/44 17th cent.
Prints:
  1. text DiD no. 70
  2. transl. Ir. Monthly 58, 649
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. patron’s irresistible attractions for women
  3. poet as patron’s spouse
  4. education of poets
  5. patrons’ liberality to poets
  6. poet-patron relationship
  7. house and/or furnishings
Poet Christian Names:
  1. Eochaidh (BOCD, RIA2,540,744)
  2. Giolla Brighde (TCD1399)
Poet Surnames:
  1. cname only (*see Dan na mBr.M. ii, 110 n.1)
  2. O hEoghusa (sname only Franc.A25)
Patron Christian Names:
  1. Aodh
Patron Surnames:
  1. MagUidhir d. 1600
Meter Vars:
  1. droighneach
Poem:

Poem in printable PDF format

A-tám i gcás eidir dhá chomhairle


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 70]


Eochaidh Ó hEoghusa cct


1 A-tám i gcás eidir dhá chomhairle;

gá cás as rodhailghe ná an dál a-direim-ne?

guais teacht ó chríochbhun an dá chomhairle

dá neart chomhaidhbhle dar síorchur dar slighidh-ne.


2 Dá chúis rom-ghoin le diamhair ar ndoimheanma

toil na hoileamhna ag iarraidh ar n-aradhna

ó fhairche ráthaigh ghartghloin gheilEamhna

[’gar] máthair gheineamhna is m’antoil anamhna.


3 Measaim triall le mearbhail ar mórchumhadh

ó fhiadh na n-órchuladh, ó sheanmhaigh shíothMhumhan,

go hadhbhaidh mbuig sruithbhinn na saorchuradh

is cuid dar saothrughadh ar nach cuirfinn críochnughadh.


4 Measaim dá éis i n-aimsir ar dtriallai-ne

go géis ngrianDaire ros faillsigh gach fáidhfhile

is mé go haoinchéim ar ndul sa dréimire

nar chéillidhe sgur re baoithréim ar mbáirei-ne.


5 Anfad re cuma ar nduaine deiridh-ne

sunna i neimhinmhe - gá cruaidhe comhairle?

mása thruagh leo - gidh eadh dá n-anaim-ne

ní raghaim-ne beo go sluagh mear Modhairne.


6 Ó chrích chaillghil na gcaladh síodhamhail

dá n-anar san ríoMhumhain mhaighrigh mhíondoirigh

gá dulc dhún ar sealadh go sírrrighin?

dleaghar do ríghfhilidh súr gach síodhoirir;

an dara bliadhain gan triall fa thuaidheamhain

ní bhiam ó shluaighfheadhain riaraigh ríoghOiligh.


7 Gér linn ón droing do ghnáth a nguailnidheacht

do luaighidheacht tar cách is roinn a ríoghadhart,

is luibh chabhra dhúin ar ar ndeoraidheacht

ó cheoloireacht Ghabhra ar súil re a síorradharc.


8 Dursan ar dtriall ó oirear fhionnDaoile

na moigheadh ndionnnaoidhe go fiadh bhfionnÁine;

gidh ionmhuin clár sreathghlan seanDáire,

neamhthal ar leannáin-ne fa dál diombáidhe.


9 Uchán ar gcéim-ne ón talmhain thuaidheamhain,

’s ó Éirne chuainealaigh bhalbhghlain bhraondoirigh,

is ó fhréimh armruaidh rúnbhrais ríoghUidhir,

’s ó shíodhuidhibh glanshluaigh shúlghlais shaorOiligh

’s óm Aodh féine mo ghrádh tar Ghaoidhealaibh,

as céile d’aoigheadhaibh ’s as fhál d’aoghairibh.


10 Is í ar ndáigh nach ba cian ar gcéilidhe,

ar gcéilei-ne riamh a-mháin dá mhóirfhine,

ó Mhág Uidhir dá roiseam ’n-a ríobhaile,

síodhaidhe boisseang ó bhruighin ar mBóinneine.


11 Do-ghéabh i síothlios fhionn an Aodha-sa

mo dhínchrios taobha-sa, mo lionn lúdha-sa,

is gan ar dtriall a hamharc an aoilleasa

radharc gach aoibhneasa san fhiadh Úna-sa.


12 Budh mór saorchlann dom fhios do b’inríoghtha

is fraochlann rinnlíomhtha ar slios na sean- bhóchna;

budh iomdha béinne úr airmniamhtha

is glainbhriathra cléire san dún dealbhórtha.


13 Budh iomdha le moltaibh fáidh fan bhfionnorlár,

’s gáir bionnorghán le hochtaibh imeilmhéar,

’s ceo doilbhthe ar gach leath fan loinnearmhúr

ó chroibmearlúdh bhoirrthe each n-ingeinghéar.


14 Budh iomdha ag triall don ealtain éigseighil

éigsfhilidh dá riar ón ghreantaigh ghéagsdaraigh;

badh iomdha rithlearg áith le hógsgolaibh

go ráith bhfódsgoraigh na n-ilcheard n-éagsamhail.


15 Badh iomdha sompla úr ar óireangaibh,

is lúdh ag sróillearraibh corcra ós chaoilrean- naibh,

gáir ag seilg, bionngháir ag buabhallaibh

fan leirg mbuabhallaigh lionnbháin laoidheangaigh.


16 Do-ghéabh róm gan fholta gan imreasain

an slógh re finnleasaibh corcra an chuirmlissin;

do badh díol teineadh don uallchath Eamhna-sain

dealbhlasair buadh chlach bleidheadh na bruighneisin.


17 Do-ghéabh Aodh romham ’n-a ríoghshuidhe,

síodhuidhe saor nach bloghann a bhéalluighe,

’s a ógbhadh thréan ar ar thinne caomhfhile

’s ar bhfréamh chraobhei-ne ime go héanduine.


18 Dá roicheam don bhrugh fhionnfhuar oireaghdha

budh diombuan ar ndoimheanma ar ndul san deaghadhbha;

do-ghéabh san phurt mo ghaol geineamhna

is Aodh seinEamhna go n-a lucht leanamhna,

lámh ler sgaoileadh teagar gach tighearna,

dreagan nach infheadhma re haoinfhear n-ealadhna.


19 Fuath na dreime ó raonchlár ríoBhóinne,

baothghrádh fíoróighe seinge síodhshaoire,

fa nochtaid fialmhná a meanma mímhéine,

grianlá rífhéine meardha míonDaoile.


20 Beithir Eamhna dar fuilngeadh fíorfhoghal,

ríoghobhal Teamhra na mbuidhneadh mbéinneimhear,

seabhac d’ealtain na gcuradh gcaolfhoghadh,

saoraghadh deargthair gan omhan éinfhileadh.


21 Mo chéile rúin, caomhthach gach chomhuidhigh,

ón saothrach ar sgoluidhibh múir Muireadhaigh,

fear síorchuir óir ar ar n-ealadhain

tar deaghfhalaibh an tslóigh fhíochmhair fhuineadhaigh


22 Mo chean fionnbharr na bhfeadh [ndruidfheactha]

dá dtiobhram cuideachta re feadh bhfaideachtra,

’s an learg neamhchruinn fhionnghlan fhadochta

mo chearchuill chodalta, ionnladh mh’aigeanta. A-tám.