firstLine"; ?>

276. Athfhas freimhe clann Carrthaigh $
Length: long 39qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. imagery to describe patron
  3. patron’s liberality to poets
  4. war with the Foreigners
  5. Foreign conquest of Ireland
  6. Kingly Functions:binding men together etc
Patron Christian Names:
  1. Domhnall mac Cormaic
Patron Surnames:
  1. MacCarthaigh Cairbreach (d. 1636)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Athfhás fréimhe Clann Charrthoigh

[O’Conor Don, 364b]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Athfhás fréimhe Clann Carrthoigh

croinn chúmhra chnúais chabhartoigh

bláth sédchlár mblathordruic mBreagh

gégphrádh abhallguirt d’óirnedh.

2 Gé táid fós ’na ccoill chumhdaigh

ní fhuil d’áithle a n-ionnarbaidh

san trénchloinn gan tlás ndála

acht fás fréumhchroinn phrathála.

3 Ceilfidh a eirge athfhás truims

ós cionn na fréimhe fuluing

ar ccoill a cédbrotha dhi

barrr a hégcrotha a héigne.

4 Benfaid do lucht a lingthe

tesda [n]a ccráobh ccumaircte

a baoghalbhédg do fhás di

fás fáoburdealg na fréimhi.

5 Do dhúnadh a dorus mbáis

tamhuin thairthecha a hathfháis

’na chéile ar na coimhthecht soin

broithnert na fréimhe fásoigh.

6 Clann Charrthaigh onchoin ágha

an t-athfhás-so a hedrána

do breith cairte saoirfréamh a sens

a n-áoibhfréamh a mhaicne Míledh.s

7 A-ta bile búadha bisighs

bháithfes bruid na fréimhe-sin

an cathfhásfhuil fán mall muir

don athfhás-suin Chlann cCarrthaigh.

8 Mag Carrthaigh cáomhna a chuinge [365a]

cás caillte a céddhuille

onchú cosgair créachtlann tte

gegcrann fosgaid na fréimhe.

9 Eigre Cormaic Mhég Carrtaigh

fóirfidh d’aithle an fhionnanfaid

cnó aibche thegorcholl ttiogh

égcomhtrom mhaicne Míliodh.

10 Tar dhealgoibh cródha gach croinn

doirbh rúagadh a bfreum fuloing

a los créuchtsaoibhe a ccealg mbáis

dealg na héchtcráoibhe athfháis.

11 An dealg doírbh-si da ttáthar

ceilfidh péin a prémhmáthar

feólchú fa neimhnighe nimh

ceinnbhile gleóchrú Gáoidhil

12 Gerr go madh coill nid natrach

cur ré treisi a ttreathancath

seabhuic shealgocha chráoi cCuinn

ar áoi dealgbrotha Domhnuill.

13 Séidfid sechnóin Banba Breagh

do chosg antruim mac Míledh

’na cháoir chrithrigh cerd ccogtach

bithneimh a dealg diogaltach.

14 Fóirfidh Mag Carrtaigh Cairbreach

truime a bfhoghla a bformaidbhreth

a mbruid fhoirfe a n-égnuch trúagh

a n-eghcruth doilfe a ndiomb(h)úadh.

15 Ceilfidh a ttime a ttacha

dingéabaidh a ndecracha

giodh í a n-éigiondáil gidh edh

a mbéiddiombáidh a mbúaidhredh.

16 Moirgeólaidh a méin ccaithlinn

ísleoghaid a n-úabharchuing

airghe an chailgleoghain chniochtda

airdeóghaidh a n-aigionda [leg. -ta].

17 A misneach a méin fhledhóil

meideochaid mac Ailghenóir

a los goile a n-áithfhir fhéil

táithfidh rér-oile íad-séin.

18 Do-ghéna mac mhic Dómhnaill

cuillttigh don cháoir cogtadhlainn

tar thanacht a ttamhan sin

tamhan a bfaladh fóirfidh.

19 Do nós mhemhsana an mhasail

tesccadh na ccrann ccúmhra-sain

croinn tharaidh as aibche d’fhiodh

ragaidh do mhaicne Míliodh.

20 Lenfaidh ar legadh a bhláth

méin mhórdha an masail iongnáth

bláth crann gach sedfairccthe soin

dán barr médaigthe a memhsoin.

21 Fásaidh blath a bhiledh sen

sínfidh glúine a gég n-íseal

táithfidh cnesghona a chráobh ccuir

do tháobh memhsona an mhasuil.

22 Ní eile ar ccaill a chasnuigh

mhédaighios an masal-soin

d’egla a ngoimhe d’athdhul air

glacudh goile (na goile) ’na gonaibh.

23 Na Gáoidhil-si cáor ccogthach [365b]

masal na ngon nguasachtach

posd glíadh gegfhairgthe Uisnigh

grían médaighthe an mhasail-sin.

24 Mag Carrthaigh grían a ngoirthe

racaidh a ráth dersgnoighthe

beithre ferrdha chaithmhe a ccruidh

d’aithle a gabhtha ’na ngonaibh.

25 Go faghail oígre Chormuic

don líg úama an domhainluita

fada trá(th) a ccróilighe a ccnedh

a-tá a móirfhine Mhíledh.

26 Mar gréin mhédaighthe an mhasail

d’éis chabra a ccnedh n-anbfosaigh

íar ttesgadh a shochair sin

fochain a ccédghomh ceilfigh.

27 Mórfaidh tairthe a ttamhon ccorr

sgáoilfidh snádma a slat n-anfann

crann soillsi a sochairtreabh ccuir

doirrsi a ndochairchnedh dúnfuidh.

28 Tar líonmhuire a locht ttromdha

táithfidh an t-óg osgarrdha

clár síthe sreabhthéchta tTe

seinchréchta criche ó cCairbre.

29 Aineocaidh mac mic Mairgg

a n-antrom a n-[a]buighbhéd (?)

ro dáoire a ngúaisbhearta a ngomh

sáoibhe a ccrúaisrechta a ccongal.

30 Ní fuigfe ag áon rer-oile

fan ccrich shealgaigh sheabhcoidhe

críoch mogallán na ccíoch ccorr

grodfhorrán fíoch na forrlonn.

31 Cenn fedhna crich ó cCairbre

mionn da n-ádhruid esccairde

caomna a ttinn calgnáimhe a ccen

ardbhráighe gill na nGáoideal.

32 Cnú mhullaigh mhaicne Míledh

clíath fhosgaigh a n-imshníomhfher

a síon mesarrdha a ngrían nglan

ríadh a n-esúmhla a n-ionnramh.

33 Lorgaire lenta a n-érca

báthadh a mbert ndoidhénta

stoc bedgtha a mbriochtfheinned mer

cerd[cha] na n-iltréighedh tt’oirnedh.s

34 A ttennáil oídhche fúaire

ging égnighthe a n-anbhúaine

én do chúanál gribhe ar goil

a bfuarán síne sámhraidh.

35 A ttuir thenta a ttobur fis

a ndeóch shláinte a luibh leighis

ceilt a ndochar a n[d]orc(r)a

nochtadh a neirt natharrdha.x

36 Fa tús cláochlaighte dom cheill

a los m’ionmhuine dhóibh-séina

drech shengbhog ar lí an luisne

dermod dhi da ndernuinn-si.

37 Ar cclóighedh duinn[e] dhi-si

sgoth íarccomairc m’óigi-si

bas thimgheal therclabra dhil

inghen rechtámra an Róisdigh.

38 Ionnmus bethaighthe bocht nduim [366a]

cisde loin lochta an lethtruim

cúl geg tromdha cciabh ccorach

sédchumra chlíar ccomromhach.

39 Éidedh diona dhámh sgagtha

brat tathaim fher n-umhlachta

gnúis rédhghlan rosgmhall ruithneach

fosgcrann érlamh n-úrnaightech. Athfhás...