Poem in printable PDF format
A-tú i gcogadh
rem chairdibh
[McKenna, L.:
Dán Dé: The poems of Donnchadh Mór Ó Dálaigh, and the religious
poems in the duanaire of the Yellow Book of Lecan, Dublin,
1922, poem 13]
Tadhg Óg Ó
hUiginn
1 A-tú i gcogadh
rem chairdibh
ní hó inntinn
easchairdigh
mo lucht comtha
ar clár nimhe
mo ghrádh ortha
is m’oirbhire.
2 ’S iad féin i
measg a meanma
i dtimcheall a
dTighearna
ní laghaim dom
lucht fáirte
a bhfaghaim d’ulc
m’easláinte.
3 Gidh doirbh
fulang a bhfuair mé
d’easláinte d’éis
a chéile
beag nach doilghe
a Dhé do nimh
gan mé ar
chuimhne ’gum chairdibh.
4 Gan charaid ag
congnamh linn
ceadh nach
ísleoghadh mh’inntinn
ní fhéad mé a
trian do thuirimh
mo phian re sé
seachtmhuinibh.
5 Feadh mo
ghalair níor ghabh leam
Pádraig absal na
hÉireann
mo sheise naoimh
gus a-niogh
níor shaoil meise
ná ar muinntear.
6 Aithreach dhamh
nach dearna mé
toil Íosa
d’iarraidh sláinte
tig croidhe Dé ar
gach nduine
mé a Mhoire ní
mhothuighe.
7 Ní thug fós é
dá aire
is í cúis mo
chorraighe
Eoin Baisde gidh
hé as annsa
mé i ngaisde ’gun
ghalarsa.
8 A-tá toirrcheas
d’fheirg fholaigh
agam ris na
hasbolaibh
gidh bé
neimhdhéine do neinn
deirbhéile é ó
inntinn.
9 Peadar is Pól
asbal
comaoin damh a
ndearmad-san
ní mé nar
dhearmaid an dias
a-dearmaid é re
hAinnrias.
10 San Doiminic
do dhearmaid mé
mó mh’éagnach ar
Eoin Bruinne
leasg damh gan
mh’aire ortha
dá rabh caidhe an
comhartha.