Poem in printable PDF format
A chlú a-moigh ar
Mhág Uidhir
[Greene, David:
Duanaire Mhéig Uidhir, Dublin, 1972, poem 10]
Íorial Ó hUigind
.cc.
1 A chlú a-moigh
ar Mhág Uidhir
co bhfuil súd ’na
dhál deimhin;
gnáth dá deoin
féin a foghail
conoir réidh eoil
an einigh.
2 Do chrú Uidhir
do éirigh
an clú a-moigh ar
a mhaoinibh;
tesda cáigh re
bloidh bádhaidh
táraidh soin do
dháimh dhaoinigh.
3 Geall tesda
a-niar dá nemhthoil
do bhrethaibh na
ccliar cuirrthir;
geall do bhuain
do chrú Charrthaigh,
clú an Mhanchaigh
a-tuaidh tuillfidh.
4 Bíodh a chiall
ac Clár Lughaigh,
dál gach rígh
riamh as righin;
fada an ré le Fád
Fuinigh
Mág Uidhir is sé
ar slighidh.
5 A díoth a ccás
ní cuirthir
an chríoch
do-cháidh fá chomhthoibh;
feirrdi tír trom
an Mhanchaigh
mín n-anfaidh
gach tonn torchoir.
6 Faghail sin
téid a dtarbha
a mbladh féin a
bhfir foghla;
iomdha ag cléir
co crú Ferghna
berna réidh clú
do chomhdha.
7 Foghlaidh é is
oirdherc foghail
sé dá fhoghlaibh
ní fhuirigh;
díoth cruidh as
dú ’na deghaidh
lenaidh an clú
d’fhuil Uidhir.
8 Ní chlóidhfe a
bheirn gan bhráighde,
mór budh inbher
don éigne;
rí ar áth eo
hionChon cCuailnge
uaidne is gnáth
d’iomchur éigne.
9 Bríogh nach
bhfuair ina foghail
a guais don
chríchsin cuiridh;
an chríoch do-chí
gan chabhoir
gabhaidh sí ar
fhíoch hÍ Uidhir.
10 Barr tesda tar
Cloinn cCobhthaigh
ar bhroinn an
tresa tuillfidh;
an t-áth a n-am
an anfaidh,
Manchaidh and re
ccách cuirrthir.
11 Lór cách do
chor fa chomhaigh
dob fháth gan dol
a ndeabhaigh;
smacht ríogh orra
fá fhaghail
anaidh Síol
cColla ó chenaibh.
12 Títhe Cláir
Chuinn do chomhdha
do bhí a ndán do
dhruim fhaghla,
sé re ccath do
légh liobhra
iomdha sgeul ac
brath Bhanbha.
13 Téid sí uatha
gan fhaghail
tar guasacht dá
mbí ar bhruidhin,
- lór cliar do
chora a ccoraibh -
d’omhain gliadh
fhola hUidhir.
14 Gan luadh ar
leabthoibh luidhe
cnedha d’uaim ar
a n-aire
neimh géill mur
an ngiall oile
goine giall féin
dá bhfaire.
15 Dob fhiú a
ghuais re ndáimh ndoiligh
co ndáilter duas
nach dleghair;
díol darbh ál co
n-uair d’fhilidh
sibhin uaidh a
lár leabhair.
16 Bac ort fa
fhíndigh d’ibhe
ortha co
sgaoiledh sgoile;
gnáth fá fhíon an
uair shuidhe
uille an ríogh
uaibh rer oile.
17 Indtleacht dot
ghuais nár gabhadh
imtheacht ar
n-uathadh curadh;
ní budh tóir duid
a dheiriodh
do ceiliodh cuid
d’fhóir Uladh.
18 Cia do threud
Bhanbha is buachoil
do mheud th’anma
féin féchaidh,
gabh díol ó chách
re ccliathaigh
ní d’fhiachaibh
ríogh áth d’fhéchain.
19 Buain duit do
dhaoinibh iomdha
ní maoite a
dtroid nach tarbha;
ar do sgáth san
fhiodh omna
comhdha ar chách
d’fhior gan arma.
20 An tráth nach
ccroithe an ccaoilshleigh
áth ara dhocra
dénaimh;
slegh is hí ad
láimh gan luaghail
uamhain le tóir
hí d’fhéghain.
21 Téid fíon dá
thaoibh ar tulaigh
do dhíol
d’aontoigh nach oghair;
dá brígh do bhen
a bhruidhin
fleadh chuiridh
ag rígh romhaibh.
22 Ní cóir fa
ndernadh dlighedh
is tóir fhaghladh
co humhal;
don tóir fa
Bhóinn do benadh
an chóir dleghar
d’fhóir Uladh.
23 Téid a mogh
rígh tar riaghoil
do chor na
ccríoch fa chánaigh;
fada ó thocht ar
cheird cléirigh
déinimh deirg do
ghort ghábhaidh.
24 Sé a mberna as
treabhadh toraidh
treabhadh menma
Mhég Uidhir;
d’fhuil Chuinn as
cáir a chabhoir
madh áil faghail
Fhuind Fhuinidh.
25 Imdha ar éis a
ghliadh gailleacht
a tséla a ndiaigh
a dhondalt;
biodhbha as-toigh
ar mhnáibh maillderc
ainnert gráidh do
Choin Chonnacht.
26 Cú fiadhaigh
aird gach oirir
a thriall ar
cairde cuiridh;
gan fher an
chruidh do chabhair
do bhen faghail
d’fhuil Uidhir.
27 Cú Chondacht
’sa chrú omna
cú lé mblodhthar
gach berna,
dá n-ana an tóir
re tiomna
iomdha fala ar
fhóir Emhna.
28. Sí ag adhradh
don bheus bhunaidh
gá hadhbhor féin
co bhfuirigh;
badhbh is gan hí
’na haraidh
glanaidh sí arm
hí Uidhir.
29 A n-iongnadh
ciodh fár cuiriodh
a medh
d’fhiodhbhaigh nach aghar ?
terc fiodh mur an
bhfiodh bhfoghadh
fiodh folamh is
tiogh dtaradh.
30 Ní hé a
n-adhnadh díoth Danar
a ccríoch do
fágbhadh folamh;
a sín fhuair fa
treibh teiniodh
deiriodh sluaidh
do-gheibh goradh.
31 Sé a-moigh ar
a dtí tarrla,
ní sguir re díoth
dá nderna;
clú nach fer
cruidh do chomhdha
do bhen foghla
d’fhuil Fherghna. A.C.L.U.
32 Mná lé a
bhfiondtar feilghníomh
sé le Béi Bhind
dob iomnár;
tuc car goile ’na
gealghruadh
fealbhuadh ban
oile d’iomrádh.
33 Ní fhuighther
uirre aonchoir
uirre oile nach
iarthoir;
luidhe miond lé
ní lémhthoir
gébhthoir Béi
Bhionn ’na briathroibh.
34 Barr dtesda
dár mBé Bhindne
céim mall dan
medh a fuidhle;
téid a bladh
dáibh a ndoilghe
roighne ban cáigh
gá ccuimhne. E.C.L.U.