Poem in printable PDF format
Baoghal dí, lá an
Bhreitheamhnais
[Tomás Ó Rathile:
Dánta Grádha, no. 59]
1 Baoghal dí, lá
an Bhreitheamhnais,
díoghal Dé a los
ar marbhtha;
do choir
chiontaigh neimhchiontaigh
táinig dise goid
mh’anma.
2 Bás duine do
luathaghadh
[cé tá duine dan
sochar!]
’s a comharsa
d’fhuathaghadh, -
do rinne sí dhá
dhochar.
3 Nár ghrádaigh a
comharsain,
mar do fhágaibh
Dia i dtalmhain,
ní ar son do
dhochair-se, -
measa liom é dhá
hanmain.
4 Anois am an
aithreachais;
meince ar gcuarta
dá féachain,
iomarcaidh an
aitheantais
tarcaisne orm do
mhéadaigh.
5 Ise lán dom
neamhpháirt-se,
mé dá toil gan
taom gcéille, -
an leigheas ’s an
easláinte
atá i n-aghaidh a
chéile.
6 Atá sise,
ad-chualamair,
re tochmhairc ar
tí a ceangail;
fa-ríor nách eadh
fuaramair
sgéal do
sgéalaibh an earraigh.
7 A fhir
luighfeas aicise,
mo chros a
haithle ar marbhtha,
ar litir dot
aibidil
do-bhéarainn
maitheas Banbha.