firstLine"; ?>

283. Beach eolais na heigse Aodh $
Length: long 44qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th mid
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Harvard O’Byrne MS c. 1726 < 1622ex
  2. TCD1346 (H.4.4) Hugh O Daly 1726-50
  3. TCD 1288 (H.1.14) A. O Dalaigh 1750
Prints:
  1. text LB no.1
Motifs:
  1. imagery to describe patron
  2. nobility of patron’s ancestry
  3. patron’s liberality to poets
  4. king’s officers
  5. prophecies of a ruler
  6. allusion to Ruaraiocht
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh (Harvard O’Byrne MS)
Poet Surnames:
  1. O Muirgheasa
Patron Christian Names:
  1. Aodh mac Seaain
Patron Surnames:
  1. O Broin d. 1579
Apologue Subclasses:
  1. Three virtues of Fionn which ensured victory
  2. Vine : grows higher than highest tree
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Beach eólais na héigse, Aodh


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 1]


Donnchadh Ó Muirghiosa cc


1 Beach eóluis na héigsi Aodh,

do chuir sí a haire d’éantaobh,

lán beóil dan mínleach moladh,

fírbheach eóil na healadhan.

2 Aoinbheach eóluis aca soin,

saithe éigios Chláir Cobhthuigh;

mar lán muire a ttráigh tarla

a ndáil uile a n-aonadhbha.

3 Do ghabh sé an éigsi ré ais,

Aodh Ó Broin a mbeach eóluis;

téid ón ghréin ’s an ré as radharc,

don chléir is é as aonamharc.

4 Maith an tráth fá ttug a láimh

cion na héigsi do admháil;

bláth beantuir bláth na héigsi,

dleaghthair cách dá coimhéid-si.

5 Iúl go hAodh iarruid scola,

féich na huaisle an ealadha;

tar gach aoinfhear d’Fhiadh Fhuinidh

triall aoigheadh dá ionnsaighidh.

6 A mair d’éigsibh Innsi Cuinn

iadhaid fá mhac mheic Rémuinn;

is é Aodh a n-énchoim soin,

in chraobh don fhéthluinn uasail.

7 Tamhan croinn fhíneamhna Aodh,

crann toruidh d’fhiodhbhaidh fhíonchaor,

gnáth cion ar gach crann ttoraidh,

crann ós fhiodh [a] ionnshamhail.

8 Crann blátha na mbuadh n-iomdha

fiú cnuas an chroinn fhíneamhna

foil ríogh ’na chomhar do chur,

a thoradh ’na fhíon uasal.

9 Fán mbile as airde d’fheadhuibh

dá mbeith aoinghéag d’fhíneamhain,

gnáth ris an ngéig righe ris,

an bile, go ttéid tairis.

10 Mar tá an fhíneamhuin ós fhiodh,

teisd Aodha ós uaislibh Gaoidhiol;

ré lán na fréimhe dá bhfuil,

a ndál re chéile as cosmhuil.

11 Bés na fíneamhna is sé sin,

oirbhirt Aodha ag breith bisigh;

moir nár thráigh ins an turadh,

cáir mur soin a samhlughadh.

12 Ua Rémuinn na ruag ndána,

borb gcogaidh, soirbh síothchána,

mór ngníomh dá thogha tarla,

modha a ríogh ’s a ríodhamhna.

13 Cú Chulainn a fhine féin

mac Seaáin, slat don ríghfhréimh,

gaol raghar ar chlú don Choin,

an tamhan do chrú Criomhthain.

14 Do chosc leatruim Leithe Cuinn

mar do toghadh Cú Chulainn,

toghaid Laighin don taobh thoir

Aodh ré haighidh gach amhghoir.

15 Ní bhiadh a gcóír amhla ar fhear,

laochruidh láimhéachtach Laighean;

Aodh ré haghaidh gach coguidh

maor tabhaigh do thoghadair.

16 Mar nách cuirthear a gcrích thiar

coinne Gaoidhiol Ghuirt Ghailian,

an choinne dá seóladh soir

go leómhan cloinne Criomthoin.

17 Ó tharla clann Chathaoir Mhóir

ag cur leis líon a ttionóil,

leath Branuigh dár mbreith-ne a-niugh

a n-aghuidh cheithre gcóigiodh.

18 Lé hAodh lá má léagthar soin,

seól coguidh chloinne Fiachaidh

beith ’na leith an lá bhus áil,

ar a bhreith atá a thógbháil.

19 Scéal aithghearr do léghadh leam

ar Pádraig, príomhfháidh Éireann,

’s ar laoch deaghfhuil Thighe an Trír,

an bile ós fheadhuibh, Oisín.

20 D’Oisín mhac Finn, lá do láibh,

do fhiafraigh Pádruig príomhfháidh,

scél binn dárbh innleanta d’fhior,

imdheachta Finn na bhFéinniodh.

21 Mac Arploinn do fhiafraigh dhe

tar gach fios dá bhfríoth uaidhe,

an fáth fá bhfuair Fionn fleadhach

buaidh ós cionn na gcineadhach.

22 “Ar trí hadhbharuibh fuair Fionn”

ar Oisín fá cruaidh ccéimionn,

“ a theisd ós gach nduine ar ndul;

ní ceisd nách fuighe a fuasgladh.”

23 “Is é an céadadhbhar fár chuir

a chlú ós cách a ttosuigh,

fear ór mealladh gach séd soin,

brég ’na ghealladh nár ghnáthuigh.”

24 “Adhbhar oile fá raibhe,

a Phádruig Phuirt Laoghaire,

ós cionn oirbhiorta gach fhir

Fionn ar oirdhearca a oinigh.”

25 “Ar cródhacht a chroidhe a gcath,

Fionn mhac Cumhuill, fáidh feasach,

an ré iomlán dob é sin,

sé gan iomrádh níorbh éidir.”

26 Na trí hadhbhair fá bhfuair Fionn

barr teasda ó uaislibh Éirionn,

craobh ós cionn na gcraoth ttoraidh,

Fionn Aodh ar na hadhbharuibh.

27 Cosmhuil a bhfírinne is Fionn,

cosmhuil cródhacht a gcéimionn;

meadh oinigh Aodh dá-roile

is craobh oilfhir Almhuine.

28 Gá beag an bladh do bheith lán

a ndíol maoine mheic Seaán;

soitheach lán go bruach a bhladh,

cuach tar a lán ní líontar.

29 Gairid lá a mbrugh an Bhranuigh,

lucht ann ris gach n-ealadhain,

sgol nuaidhe dá thoigh ag teacht,

crodh le scoil uaidhe ag imtheacht.

30 Ní hiongna nach inghill fear

re ceann síodha sluaigh Laighion,

síol mBroin na curaidh ór chin,

ó Mhoigh Luraidh a Laighnibh.

31 Gabhal Raghnuill is sí sin,

dígeann daingin gach Laighnigh;

crú Raghnuill, faolchoin na bhfiodh,

daghroinn do laochraidh Laighion.

32 Críoch Raghnuill fá trom ttoradh,

dá éis go n-uair Conchubhar;

ní clos riamh roinn do Raghnall

do bhoing don fhiadh abhannmhall.

33 Domhnall Glas nár ghrádhuigh crodh

fuair an tír d’éis a athar,

teas a sín gan eas n-anfuidh,

an treas rígh do Raghnallchuibh.

34 Aodh a ndeaghaidh Domhnaill Ghlais

fuair uain don fhoraois dúthchais;

foraois én ’na seabhcuibh sin,

leantair an sgéal ó scaoiltir.

35 Foraois na ríogh [fá ré lán]

tar éis Aodha fuair Seaán;

ioth an tuair ní tháinig ann

a huain go ráinig Rémann.

36 Fríoth an tír a-rís gan roinn

lé Seaán Óg d’éis Rémuinn;

a sealbh do-chuaidh tar a cheann

nó gur dhearbh cruaidh a chéimeann.

37 Aodh mhac Seaáin na sleagh sean

[gnáth gach díoghruis fá dheireadh]

an tí dá nách beantar barr,

an seachtmhadh rí go Raghnall.

38 Tig dhíobh a ndiaidh a chéile,

feirrde rath na ríghfhréimhe,

ag so siobhal na slat nglan,

mac a n-ionadh an athar.

39 Ní fhuil ésguidh a n-iomuidh

ré fán roghlan airdrionnaigh;

oighre Doirinne is sé soin,

ré soininne dá sléchtair.

40 Iomdha rí dá fhréimh roimhe,

an plannda d’fhuil Iúghoine,

agá raibh cáin bánfhuinn Breagh,

táin budh áluinn re n-áireamh.

41 Meic ríogh nach rugadh a ngeall,

leath iad a n-aghaidh Éirionn;

teacht dá ttaobh [do] thairngir fáidh,

Laighnigh agus Aodh d’énláimh.

42 Ar macdhacht ríoghdha, ar riar scol,

Aodh ’na n-aghaidh a aonor;

is breath ré [a] bhfaghair gach fear,

Branuigh acht cé leath Laighion.

43 Ós cách do-chuadair Branuigh,

ríoghraidh shuaithnidh shíodhamhuil;

an chraobh gan righe ré a rath,

Aodh ’na bhile ós gach Branach.

44 Mac Duirinne nár dhiúlt fear,

nach biadh fá bhreith na bhfileadh,

dóigh ag cléir dá déiniomh dhe,

éinfhior dá fhréimh ní raibhe.