Poem in printable PDF format
Beag nach lór a
luaidhim dhe
[McKenna, L.:
The book of Magauran, Dublin, 1947, poem 21]
Maol Pádraig Mac
Naimin cc
1 Beag nach lór a
luaidhim dhe
a dtiocfadh d’ulc
dá éise;
gidh cúich gá
mbiadh breath an fhill
a leath nó a
trian ní thuirmhim.
2 Do fhóir Dia
Bhréifne mbraonaigh
bhfairsing
bhféaraigh bhfionnraonaigh,
gach úir re
h-iodhnaibh taraidh
san iothraidh úir
éarlamhaigh.
3 Latsa a mheic
Bhriain an bhairr thais,
do fhóir Dia
Bhréifne mbraonghlais;
tú, a shlat
Chuilt, ar do chagar
bac an uilc nír
fhóbradar.
4 Gor fhoillsigh
Dia bha-dhéine
fios duid, a
chinn Choirrshléibhe,
a fhlaith
Gabhráin gan ghráin dtreas,
rob áil
t’aghbháil i n-uaingheas.
5 Ní hamhlaidh
sin tarrla an toisg,
ba maith gon tí
rod theagoisg;
do-chuadhais ón
lucht rod ling,
a bhfuarais d’ulc
ní áirmhim.
6 A mheic Bhriain
nocho bréag damh
ionLogha fhuarais
rabhadh ;
ba gaoth man-uar
t’fhear rabhaidh
a sduagh Bhreagh
ód bhiodhbhadhaibh.
7 Nó is amhlaidh
fhuarais a fhios,
sluagh ar tí
[theachta id] roilios,
ó bhalbhthuinn ag
béin re tír
go réidh, a
bharrthruim bhaismhín.
8 Nó no rob é
t’fhear rabhaidh,
gé do-bhiream
baramhail,
fód glan mar bha
gnáth re Lugh
ba gar do chách
god chogur.
9 Bíd ort i n-am
na troda
buadha Logha
Lámhfhoda;
tearc, a ghéag
Cláir, nach cualaidh
méad t’áigh ó na
hiolbhuadhaibh.
10 IonLogha thú,
a dhreagoin Druing,
i n-ágh nó ’s
ionChon Chulainn;
cóir do sheachna,
a bhadhbh Bhearnais.
deabhtha th’arm
is inFhearghais.
11 A mheic
Bhriain na dtachor dte,
Tomás gidh é
th’ainm baisde,
duid, a laoich
Annla, is ainm Lugh,
re gairm th’anma
ní hantur.
12 Lugh mhac
Eithne an earla fhinn
bráithreas nír
fhaomh fa Éirinn;
ba fraochdha rinn
áigh an fhir
do mhill a bháigh
re bhráithribh.
13 Fuath do Lugh
fa iadh nUisnigh
- do b’aithreach
don fheadhoinsin;
ba lán gáidh gach
tír ó dtreas,
nír mhín a mbáigh
ná a mbráithreas.
14 Is casmhail
thusa, a thuir Dhor,
is Lugh re maicne
a mháthor,
glór fáidheadh ag
dul fan dreim
gan Lugh
d’áireamh fa Éirinn.
15 Is í sin
ainbhreath ro b’áil
do bhreith ortsa,
a fhir Ghabhráin,
mad chuid don
chionnsa Chláir Bhreagh
dar liomsa nírbh
áil t’áireamh.
16 Biaidh áireamh
as uaisle ort;
[ní dá] bhfuil, a
chleath Chianocht,
gan ríomh ní
fhágmaid dot ádh
mar do sgríobh
Pádraig peannbhán.
17 A-déar dhuid,
a fhir Eine,
uirsgéal ar a
fháisdine;
tocht iomshlán ó
do éad soin
breág d’iomrádh
nochor fhóboir.
18 Ag finnChill
Fhearta an fheoir bhuig
[aon do láibh]
dar loigh Pádruig
an amhra do fhóir
inne
tarrla ar a óidh
aislinge.
19 Tarfás dó bile
buadha
sa mhoighse, a
fhir fhionnChluana,
méad an taroidh
do thoill air,
nír shamhail
coill re chraobhaibh.
20 Iongnadh re
habhsdal fhear bhFáil
do ghluais gach
coill n-a chomhdháil;
nochtaid ochta
geala gleann
feadha ag tochta
n-a thimcheall.
21 Lucht
cnuasaigh ar cnuas a chraobh
do-chonnairc
Pádraig peannchaomh;
nír thearcthana a
dhuille dhe,
ealtadha ón
chruinne chuige.
22 Musglais
Pádraig na bpeann n-óir
nachar mhaoidh
meadhar éagcóir,
réim an chroinn
gá labhra leis;
poinn a amhra do
innis.
23 Do chan
Phádraig phuirt Chime
ar n-innise a
aislinge:
“ros béar féin go
beacht a breath
fa réim cheart,”
ar an cléireach.
24 “Cuingidh
ghéabhas an gortsa
bríogh an chroinn
do-chonnarcsa,”
Dia nír chan
chogur nar thuig,
do chan re phobul
Phádraig.
25 “Is iad
coillte, a chrann soichleach,
do iadh man
gcrann craobhthoirtheach
- is fa cheart is
dóigh gach dream -
na slóigh ag
teacht n-a thimcheall.”
26 “Ionnmhus an
cnuas do fhear as,
éigis na healta
iarrfas,
tromdhámha gá
n-aithne air
orrlámha caithmhe
an chnuasaigh.”
27 “Barr rug
orraim ó fheadhaibh
barr an chroinn
ghil ghéigleabhair;
is í rachlann
chaomh an chroinn
gach craobh dá
dhathbharr dhíoghoinn.”
28 Crann buadha
nar thearc toradh
t’athairse, a
ghéag gormChoradh;
a dhreagun Cé an
chridhe ghloin,
an bile rob ’é
th’athoir.
29 Tusu craobh
bhairr an bhile.
a leomhan glan
Gáirighe,
a fhlaith
Callmhaighe as clú linn.
is tú tarngaire
an Táilginn.
30 Is tú, a Mhéig
Shamhradhán shaoir,
leannán Bréifne
an bhuird sgothchaoimh,
a chraobh phuirt
bhraonamlaigh Bhreagh
do shaorabhlaibh
ghuirt Ghaoidheal.
31 Tógbháil
chridhe dod chliaraibh
t’ádh, a
chonchair chaoiliallaigh,
saor ó fheirg
uaibhrigh t’fhaghlaidh,
a ghruaidhghil
deirg dhonnabhraigh.
32 [A] rosg dá
ndeach [dod] dhreich óig
inghean úr
éadaigh sgárlóid,
a bhile Geirge,
do-gheibh
deirge agus gile
id ghruaidhibh.
33 Mailghe donna
as dubh guaire,
agus rosg gorm
géaguaine,
folt mar umha n-a
fhailghibh,
ort ag dula ar
donnmhailghibh.
34 Fuarais ó Dhia
- is deimhin sin -
a Mhéig
Shamhradháin shuirghigh,
buaidh ndealbha
is n-einigh ar-aon,
a dheighfhir
Eamhna, d’aontaobh.
35 Buaidh n-áigh
ort, a fhir Chodhail,
buaidh mbuga ar
do bhrughodhaibh,
cúis fhormaid re
gach sluagh soin,
buadh gcomhraig
ar bhar gcathoibh.
36 Buaidh séad
oirbh - ní cóir a cheilt -
buaidh molta
oirbh ban imeirt,
déanumh ionnluis
bhar sluaigh sin,
buaidh
n-ionnmhuis ar bhar n-éigsibh.
37 A mheic Briain
na mbriathar mbinn,
leath t’einigh
nochon áirmhim
[acht] tabhairt
shéad mbuadha id bhais,
a ghéag Cluana,
nír charais.
38 A Thomáis
Chruachna an chnis ghil,
a Mhéig
Shamhradhán shuilbhir,
lat gach giall dá
ndleaghair dhe
do dheabhaidh fa
iadh n-Éile. Le leath Cuinn.d.o
39 Mac Dé go
ndearna, a Nualaidh
an earrla choim
chraobhdhualaigh,
congnamh dan
loinn treabh do tháth,
let fhear led
chloinn led chonách.
40 Anocht nach
dearg do dhreich ngil,
a inghean mhall
Mhéig Uidhir,
a shlat Bhreagh,
ní dolta dhe,
ad geal n-ochta
ad geal ngáire. Re
41 Sgaoileadh Dia
goirmidh do ghlais,
a Shitriug mac
Briain bharrchais,
bidh maith díon
ar ndomhain [é]
ar fhoghail, a
ghríobh Gháille. Le