firstLine"; ?>

295. Beag nar saraigheadh San Froinseis $
Length: long 41qq
Certainty: 5
Period:
  1. 15th ult
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. TCD 1340 (H.3.19) 16th c., 17thc. add
Prints:
  1. transl. McKenna, Pilib Bocht no. 1
Motifs:
  1. Envoi to saint (Archangel Michael & BVM)
  2. disciplining the body
  3. The Five Senses
  4. Friar
  5. use of legal terms
  6. Sea-voyage
Patron Christian Names:
  1. Francis
Patron Surnames:
  1. saint
Apologue Subclasses:
  1. Francis, his stigmata, life and work
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Beag nar sáruigheadh San Froinséis


[McKenna, Lambert: Philip Bocht Ó hUiginn, Dublin, 1931, poem 1]


1 Beag nar sáruigheadh San Froinséis

fada an teist a-tá ar a chloinn

dámadh tráth risean dá rádha

gnáth briseadh cána ar a choill.


2 An riaghail do chum dá chaor[chaibh]

cuid aca nach ionann sdair

don riaghail nar aithrigh anáir

caithfidh fiadhain d’fhagháil air.


3 Fiodhbhaidh dá dtáinig gach toradh

ar tús ria nír bhaoghal boing

téid a chlann tar eacht a n-athar

[téid neart dá gach] chrann ’n-a choill.


4 A chna caocha ’s a chna toraidh

taobh ar taobh mar a-tá siad

’na dá cuid gé fhuil an éanchoill.

tuig [i n-a gcnoibh éan]chroinn iad.


5 An chlann bhunaidh do bhí ag Froinséis

fada ón riaghail [dá] ré a rinn

ní fhaghann roinn di . . . . . . . . . .

coill is i .... . . . . . . .... sinn.


6 Geanmnaidheacht i n-aice umhla

do b’í oidhreacht fhuair a chlann

do dhíoth [a] bhfuair ar a fortacht

ní fríoth uaidh [’n-a] bochtacht barr.


7 Gidh iomdha folamh dár bhfiodhbhaidh

fuair Froinséis gin gur fiu sinn

gér nocht an duille dár ndiamhraibh

uile nach [tort] iarmhair inn.


8 Fuair Froinséis ó oidhre an Athar

tar na hordaibh do b’ard sdair

go mbiadh deireadh ag a dhaghchloinn

nír ceileadh riamh acmhoinn air.


9 Do chuir Íosa d’acmhaing annsa

ar feirg nDé fa dearbhadh rúin

a chóig créachta ar a chóig cridhibh

róid déanta gach dhlighidh dhúinn.


10 Ar umhla ’s ar ísle mheanman

ar mhéad bochta ní beart díosg

ní hé a-mháin nar an ar aonord,

gar do cháidh do chaollorg Críosd.


11 Gabhtar leis i n-a líon sealga

San Clára fa gloine gníomh

nír an do chloinn ar an gcéadchloinn

gur thagh don choill réatlainn ríogh.


12 San Clára fa cruaidhe riaghail

riar na colla nír chleacht sí

tearc a-nuas do lean a lorgbháidh

bean thuas ós na hordmhnáibh í.


13 An t-éarlamh ordhraic ó Aisís

ísle a mheanman móide an fás

do b’í a thol ar mbreith ar bhanchloinn

cor gach neith fa ghlanchoing grás.


14 Do chleacht sé re saidhbhreas umhla

aigneadh íseal do b’fhearr sdair

an treas clann gur fhás [ón] éarlamh

barr grás i ngach éanmhadh air.


15 Do cumadh leis fa lán toile,

an treas ord an uair do shíol

fear a fiadhaigh ní mar mhímheas

riaghail nar bhean díleas díobh.


16 Do nocht do bhráthair dá bhráithribh

gidh bé tráth fa dtiocfa a fhéil

go ró teagh na n-uile fháilte

nach fuighe a fhear páirte péin.


17 I ló [imircheadh] na n-anmann

aitheonaidh sinn séala ar locht

náir agus an truaill i dtáthair

nach áil uaim achd bráthair bocht.


18 An tonn rabhurta ag rioth chugainn

córaide dhúinn drud re tír

gnáth deibheadh go tráigh re dtuile

deireadh áir gach duine dhín.


19 [Dom] dhul saor lem athair anma

don iul dhíreach dia do chor

dámadh éidear mé gun mhasla

ná léigeadh sé dhamhsa dol.


20 Toil na colla fúm ag fadógh

ar fás orm is eadh bhíos

truagh gurab móide mo mhíghníomh

m’óige uam gá sírshníomh síos.


21 Ní ciontach fa theirce ar dtoradh

an domhan cumhra ór chin sinn

gin gur ghéagaigh mo choill chnuasaigh

do ghéagaibh croinn uasail inn.


22 Iomdha a thoradh tearc a dhuille

dlúth a ghéaga glan a shíol

géigleathan fam chás an crannsa

éigneachadh grás damhsa a dhíon.


23 Dá dtugthar re hucht bhar n-agra

gidh annamh adhruim d’iul ghlan,

créad t’fhachain a chroinn na cána

coim óm athair dhála dhamh.


24 Íocaid na créachta fuair Froinséis

fiach na gcló do cuireadh thríot

an chích ghonta i bhfuil a fréamhghoin

guin ochta an éarlaimh dá híoc.


25 Mar aighne re hucht [a] saortha

San Froinséis re bhfuil im thaobh

gidh bé slighe fhoil gut ochtghuin

goin cridhe nochtfaidh [an] naomh


26 Deacair dom luing léim na tuinne

tonn bháidhte is briseadh ’n-a gar

beag m’eol achd ar fhairrge an pheacaidh

seol i n-airde is deacair dhamh.


27 Ó chúig céadfadhaibh na colla

céim gan bhaoghal ní bheir sinn

guais dom fhoirinn re hucht n-anfaidh

do roimhill lucht m’arthraigh inn.


28 Is uime nach tigim tharsa

trom oram gidh bé gá mbé

gé táimne re seal gá síordhul

ní fear áirmhe a mhíorbhul mé.


29 Ní fhéadaim áireamh dá fheartaibh

oide teagaisg na dtrí gclann

gidh lór dá dtuireamh a dtagraim

mór fuidheall a n-abraim ann.


30 Dá ndeachainn do mheas a mhíorbhal

mór gcluicheadh riamh nach rug saoi

créad achd dul do ríomh na réadlann

ó sgur dhíobh go ngéabham gnaoi


31 Na ceathra dúile is dáil choitcheann

do chreidsead dó dia do bhail

ciá nachar umhluigh don éarlamh

nír chumhnguigh Dia i n-éanmhadh air.


32 A ghrás dá fhoillsigheadh don éanlaith

d’fheartaibh an naoimh gá ní as mhó

ullmha do b’áil leis na héanaibh

báidh umhla do dhéanaimh dhó.


33 Do roinne díoghbháil dá dhearcaibh

dá dhúil uisge mar thug toil

na ruisgse nír dhúin gan déara

nír dhúil uisge [a] séana soin.


34 Iarn ré dhearc achd gér dháil iongnadh

d’fhortacht a rosg is rádh fíor

ní hí an toisg chabhra budh cheilte

nír loisg abhra deirce dhíobh.


35 Dá mbeith ’n-a amharas aguinn

iongnadh fós nach facaidh súil

gur chuir sé dá thoil an teinidh

ní hé soin nach deimhin dúin.


36 Do bhaoi dá réir ní rádh seachráin

San Froinséis an fad do mhair

a dhúil [chriadh] ní coir do shantoigh

nír iarr toil ’n-a hantoil air


37 Toil a n-athar do bh’í a n-éantoil

éanbháidh ris do rinne siad

tug [gach] dúil eile ar an umhla

teine is úir nír bh’ullmha iad.


38 Teine agus cré uisge is aieor

agra orm is iad do niad

fagh dhúinne áth ar a n-aimhleas

núidhe chách gom aimhleas iad.


39 Na peacaidh marbhtha as mó gcoire

gach coir [eile] dar fhás tríot

caithfe gan a gcleith a chalann

na deich n-aithne ón anam d’íoc.


40 Muime agus máthair Íosa

a hucht a gaoil ar ghrádh Dé

ós í as iul go ceann na cruinne

siur leam ’s a bhuime go mbé.


41 Fiarfaighim do mhaor na meidhe

maith gach cás re a chur i gcead

mar dhaingean i leith a láimhe

aingeal do bhreith bháire an beag.