firstLine"; ?>

296. Beag nar saruigheadh Siol Neill $
Length: long 41qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA 1076 (24/P/33) L. Cl. Aodha B. 1680
Prints:
  1. text LCAB xlii
Motifs:
  1. imagery to describe patron
  2. patron’s intellectual attainments
  3. patron’s liberality to poets
  4. decay of old poetic learning
  5. Foreign conquest of Ireland
  6. withering landscape on death of ruler
  7. general grief for patron
Patron Christian Names:
  1. Art mac Seaain
Patron Surnames:
  1. O Neill (d. 1677)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Beag nár sáruigheadh síol Néill


[Ó Donnchadha, T. Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 42]


1 Beag nár sáruigheadh síol Néill;

beag díobhsan nach úair oilbhéim;

táinig an uairsi ar chlár Cuinn

a n-uaisle fa lán lethtruim.


2 Gan gháir fhleadh, gan choirche ciúil,

gan gháir shealg ná téd dtaighiúir

gan laoidh fhúar rithlearg dha reic

gan luagh na n-ilcheard n-oirdhreic.


3 Ní clos caismearta catha

ga seinm ag sluagh Fionnmhacha;

d’iomad ceas um chaoimhlios Bregh

ní feas aoibhnios a n-aithreadh.


4 Beg dhíobh nach deachaidh uile

i mbeirt bhróin ’s i n-eolchuire;

cuid da gcneasghuin da luadh linn;

budh buan a n-easbhaidh d’Éirinn.


5 Fiú an tromlot tarraidh Éire;

is tearc feasta a firchéile

re gach seal mur soin uile

ca bhfoil fear a furtaighe?


6 Ní maith fós an fáth fa bhfuil

lethtrom láimhe ar fhuil Eoghuin,

gan file nó triath go teann

dá bhfine fa iath Éireann.


7 D’éis gach uilc dar éirigh dhi

Éire bhocht i gcás chráiti

’si da crádh gun uile fher

nár gan duine da dídean.


8 Gan mheisnigh i macoibh ríogh

acht iad uile fa imshníomh;

do dhíth aoinfhir do chrú Chuinn

Gaoidhil anú fa nemhshuim.


9 Dona sas dona tharla,

gan mheisnigh ’na lucht leanamhna;

d’ua Bhriain ba búan na bearta,

truagh ’na dhiaidh na dilleachta.


10 Giorra saoghail cinidh Cuinn

tug Éire fa lán lethtroim;

an bhfoil cabhair i ndáil di

is aghaidh gach áir uirre?


11 An deireadh uilc d’aicme Néill?

an tús nó an deireadh dhóibhséin?

fán mBanbha más búan a mbroid,

is truagh mur tharla a dtreabhloid.


12 Síol Eoghain fa thuirrsi thruim

dh’éis an leomhain ó Liathdruim;

do len siad don cheo chumhadh,

ní beo íad ón urdhubhadh.


13 Do dubladh dioghbháil Gaoidheal

tré Art Óg da chomhaoidheadh

cridhe badh cathdhaingne um chion

bile flathraighne féinniodh.


14 Is ciorrbhadh ball bás an fhir,

breo cédfadh chloinne Mílidh,

teasgadh cumpuir a gcridhe,

easgur d’Ulltuibh dh’áiridhe.


15 Mac Seaáin, an fial fosuidh

nár thuill diomdha a dhúthchusaigh,

searc na suadh an mín meardha,

truagh ar dtír fán dtigherna.


16 Ní hé féin do hagradh air

do thaoibh éigeirt nó uabhair;

tug [a] ré ceinnbhile cáigh;

sé da dheirbhfhine as dioghbháil.


17 Do benadh dhínn druim ar druim

na huaisle dob fherr aguinn;

budh tenn fesda na fala

testa cenn ar gcosnamha.


18 Iomad buidhne um cheann cuinnmhe

do chlecht Art Óg rochuimhne,

is caidreamh saoirfher fa seach

’s ag sgaoileadh aigneadh úaignech.


19 Eó Beannchuir na mbárc dtana,

eó Feirsde is fhuinn Aontruma

éo Line sreabhuaine sean

’s bile gealchúaine Gaoidheal.


20 A mholadh ní docair dhamh

má moltar duine ar domhan;

cá mac ríogh dob airde d’fhuil

do shíol Chairbre is Chobhthuigh?


21 Ag sin i gcomhraidh go cruinn

an t-aoinfhear dob fhearr foghluim

d’fhuil Néill Naoighiallaigh mur soín,

d’aoinriaghail ’s cléir an chrábhoidh.


22 Ní fhúair bás acht beatha bhuan,

an tArt Ó Néill ní nemhthruagh,

a chaoineadh le céill ní fhuil

do fhréimh Gaoidheal ’s do ghalluíbh.


23 Ní clú bréige do cuireadh air;

ní raibh aguinn i nUlltaibh,

samhuil ar nAirt tíar ná thoir,

an chairt as cian ar cumhoin.


24 Nír ghein ó Chormac ná ó Chonn

fer dob fherr cert is comhthrom

lór a fhéile i n-uair fhedhma

ó fúair tréidhe tigherna.


25 Barr tuigsi ’na cheann do chuir;

léightheóir gan locht a leabhruibh;

barr dlighidh i gcenn i Chuinn;

ca filidh ba ferr foghluim?


26 Iomdha i n-iath Uladh le seal

námha is cara dha chaoineadh;

mná an uairsi ag caoineadh í Chuinn,

Gaoidheal dob uaisle aguinn.


27 Och ní raibhe riamh ’na bhrugh

[an] tuirrsi ar dhuine [ar] domhan

bró chliar [is] rithlearg dha reic

do mhían na n-ilcheard n-oirdhreic.


28 Is terc aguinn codhnach cáigh

ó nach mair saorchlann Seaáin.

an dáimh feasda ní mór mes

ó thesda a n-ól ’s a n-aoibhneas.


29 Mór an easbhaidh Art Ó Néill;

fada bhus oireas eiséin;

tre fhiorúa Briain sgaoileadh sgol,

’s gach aoinfher fa chiaigh cumhadh.


30 Deigh-ghníomh Aichil mhóir mic Péil

ní raibh ’na ainbhfes airséin,

an laoch ba cabhair catha

i n-aghaidh gach anfhlatha.


31 Measdar le cách, thrá, gur thuig

ar chan Uirgil is Ovid

dlaoi rodhoilghe as díona dhó

’s comhoirle chríonna Cható.


32 ’Na chroidhe i dtaisgidh astigh

do bhí teagusg Tuil Sicir,

rúin diamhra agus ceart calma

reacht riaghla agus ro-anma.


33 Do bhí ag tabhairt a thoradh

briathra fádh is feallsamhan

a sgéith ’na thuinn tuigsi asteagh

mur thuinn uisge tre íseal.


34 Gan cheisd ’na chuimhe do chuir

inntlecht Iuil ’s Aris-totuil

teagusg ríogh ’na thuile ag teacht,

nó gur líon uile a inntlecht.


35 Mur gach gníomh dar háirmheadh air

nírbh fhearr inntleacht Bhriain Bhallaigh;

mac Áine is neamhnár anois,

nír sgáile i seandhán seanchois.


35 Tré oidhidh Airt [Óig] Í Néill

do dhorchaidh dreach an aiéir;

tig d’fhearthain tiar agus toir

gan mian treabhaidh i dtulchoibh.


36 Barr cnúais ní fhuil ar fheadhoibh

fírtherc iasg ar inbheroibh;

ní faicer mes na gcrann gcuir,

nó teas i n-am an earruigh.


37 Ní léir meas a crannaibh cuir

tre bhás Airt Óig i nUlltuibh;

barr dubhaidh san ghréin gan ghoil

tre chumhaidh í Néill nároigh.


38 Na trí tonna san taoibh thúaidh

guilid fa Art i n-eunúair,

ní maoidheamh maoith budh troma,

ag caoineadh laoich Liathdroma.


39 Bás iarsma Briain Bhallaigh

meathaidh mes ar úrchrannuibh;

bheith folamh ní ceilte ar chrodh,

’s teirce i dtoradh na talmhan.


40 Ocht dég trí fichid go fíor

míle sé chéd a choimhlíon

[sin] aois Meic Muire ar n-ég Airt;

ní brég don duine adubhairt B.e.g.n.á.r.s.á.r.u.i.gh.e.a.dh., &c.