firstLine"; ?>

297. Beag tairthear don tagra mbaoith $
Length: very long 203qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. bardiccon
Manuscripts:
  1. RIA 1076 (24/P/33) L Cl. Aodha B. 1680
  2. RIA1073 (24/P/24) Art O Neill 1700
Prints:
  1. transl. Dan na mBr M no. (vol i p. 194)
Motifs:
  1. Envoi to another patron
  2. Maxims from law texts
  3. citation of historical precedents
  4. citation of earlier texts by name
Poet Christian Names:
  1. Fearfeasa (RIA 1076)
Poet Surnames:
  1. O Maolchonaire
Patron Christian Names:
  1. Tuileagna (mac Seanchain ?)
Patron Surnames:
  1. O Maolchonaire
Apologue Subclasses:
  1. ThreeFinneamhna father Lugh Riabh nDearg
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Beag táirthear don tagra mbaoith


[Mhág Craith, Cuthbert: Dán na mBráthar Mionúr I, Dublin, 1967, poem 39]


[date 1646, qt. 203]


Apologia


Fear Feasa Ó Maolchonaire .cct.


1 Beag táirthear don tagra mbaoith;

treabhadh eisde is ar díomhaoin;

gibé nach tuar a thalamh,

de nocha dtáir tromtharadh.


2 Tromthuar na tagra ósé an ceart,

gibé threabhas an éigceart

a thoradh ní dual go dtáir:

dleaghar eision d’iongabháil.


3 Ósí an tagra is treabhadh dho

- tuar an chirt is trom toradh

baoth d’oireamh nach ann shíneas -

mairg threabhus a haindíleas!


4 Cúis ar bith nach bean le ceart -

saoilim nach mór an t-éifeacht

treabhadh eisde go dána,

d’ainbhfeas nó d’fhonn éudála.


5 Olc linne go nuaidhe anos

mac Seancháin gur dó bheanos,

tar gach éinfhior in Iath Floinn

foirm is éifeacht a n-abroim.


6 San tagra ros tagradh lais,

luighim fam luighibh dúthchais

uireagla ormsa nar chuir

Tuileagna, i bponc dá phoncuibh.


7 Atá a thagra anonn ’s anall,

soir, siar ar siobhal seacham,

ag buaidhreadh mh’éisteachta istigh,

ó atú eolach ’na thuigsin.


8 Slán aoin dá mair san mBanbha

go bhfríoth riamh a mhacsamhla

do thagra ó aoinfhior oile

dár chin do chraoibh Chonuire.


9 Ós ón gcraoibh-si do chin mé,

córa leam tagra Thuilgne

do chlaochlódh ó cheart mo rann

iná a hathais dúinn d’fhulang.


10 Neimhghlic mur do léig ós aird,

theas is tuaidh d’eagla an fhodhaird;

bíodh gur shaoil go seasfadh soin

an tagra thim ros tagair.


11 Ceithre poinc ’nar bhrégnuigh sé

an bráthair bocht maordha Míchél

’s a thriur comthach thall ’s abhus

bíodh ormsa a ndídean d’eolus.


12 Dearmad ionnta nach tarla,

brég ná earráid ealadhna

ná trom ar dhuine ar domhan

bíodh ar m’iul a chruthughadh -

munab trom fírcheart seanchuis

do réir uird a bhreitheamhnuis.


13 An cúigeadh ponc do thagair

mo fhreagra air ’na aghaidh:

nach biu gá dhídean ag dol

ó nach tánag le a thráchtadh.


14 Udmhailleacht uaim anallan

nír thuig éinfhear adamar:

am ionann ané ’s aniodh

’s gach uair san gcúis lé gcuireabh.


15 An t-iul glan do leanadh linn,

ar lorg suadh bhfeasach bhfírghrinn,

mairg do thriall a chlódh idir,

in Áth Cliath san gcaibidil.


16 An ghairm ar ais do trialladh

ar an bhfírfhios bhfoirmchiallghlan

mairg dár mhian a seasadh sin

’s gan innte acht earráid uile;

a ráidhim is rádh dhearbhtha

do thaobh na bponc gceitheardha.


17 A bhfiadhuin air ó tharla,

connmhaid an t-aos ealadhna

do ghair tair ais, más fíor dho,

a lámha uaidh mur fhiadhno;

iad-san air mur is dú dhóibh,

nó nó do-ghéanuid égcóir.


18 Leis ag teacht ó táid go dearbh

glainleabhair ughdar Éireann,

a rádh d’fhior ní rádh threabhar

díobh nach tig leis éinleabhar.


19 A chonnmháil ó chló Labhán

mairg nos iarr ar uachtarán;

’s gan acht fírcheart san bhfios ngrinn

bhias ar bun choidhche i nÉirinn.


20 An nóta gáibhtheach nach glan

adhnár don tí lér tráchtadh;

a aithghin do ghlór mhire

’s é ’na bhréig go huilidhe

ina thráchtadh leamh leanbdha

ar na poncuibh ceitheardha.


21 Más do dhíon masla seanchadh

do thrácht an nóta neamhghlan,

truagh nar dhídin ar mhasla

é budhéin san nóta-sa.


22 Tuigthear as a thráchtadh féin

gur chuir san nóta gan chéill

a mbaoi do shaobh is do shal

i seanchas Mhíchéil bráthar:

olc an tráchtadh ’s nach lér locht

san seanchas ceart ad-chonnarc.


23 A thagra ó nar thuar mur sin,

gan toradh biaidh dhá bhithin

mur threabhthach nach tuar aras:

téighim air i n-urradhas.


24 An tí do thagair - gá dtás -

i bprós, na puinc go bhfarbhás,

fíorghnáth na suadh seachnaidh soin,

gach uair ’na phrós ’s ’na phuncoibh.


25 D’éigsibh Éirionn is úr fóid,

tearc aon nos adhain connsbóid

- an rádh-sa ní rádh ainmheach -

nach i ndán ros adhainfeadh;

’s nach ann do freigértha dho

go tagra Thuilgne an tan-so.


26 Ó so amach do réir ar sean

ní fhreigér prós a phinn-sean;

ó nach freagra ar phrósuibh peann

is nós d’airdsheanchoibh Éireann.


27 Dúthcha dhamhsa go mór mór

freagra ar mhiotrum ná ar phros;

gidheadh, do-bheir éigean orm

freagra don phros, mur mhiotrom.


28 Bíodh gur mór a dhochar so,

miotram tar phrós do chuma,

orm ní bhiaidh ag sgoil mur sgél

nós na seanchadh go seichén.


29 Sínfeam chrannaigh mur is dleacht

ós mé nach ollamh éigceart;

a thoradh go bhfagham as,

treabhabh an t-iath do thuaras.


30 An treabhadh trialltar dar dtaoibh

d’aoinneach má théid i dtathaoir,

a aithbhear ní horm is dleacht

ó nach mé thagrus éigceart.


31 Anois ar gach ponc dhíobh so

do thoil Dé do-bhér freagro

san modh gceart - gá dtú-sa dhe -

gan laobh, leathtrom, ná leithbhe.


Freagra an chédphuinc cédtús


32 Lugh Sriabh nDearg mhac Breis - ní chél -

céadphonc dhíobh thráchtas Míchél

nochtas gur bh’é Breas Banbha

dhó ba hathair corpardha.


33 ’S nár bh’é Nár na Lothar lonn,

clann Eachach nar ob comhlonn;

ó cheart muna seasaim sin,

admhaim nach tuigsi ar dtuigsin.


34 I n-éunló i ngnáis a mháthar

luighid an triur dearbhráthar;

uatha ’na dtriur, acht gidh eadh

Lughaidh cosmhuil nár coimpreadh.


35 Breas suairc sinnsear na cloinne,

san bhfios atá agoinne;

san bponc rom chuir ó ghigleacht:

air níor fionnadh aimrideacht.



36 Tuigthear gur tre shílneadh mBreis

do coimpreadh Lugh san laoichis;

ósé don tréd ba torcdha

’s gan aca acht aos mhacdhachta.


37 Tre ghráin an chuil - sompla so

mar do chuir Dia, thrá, sreabha

’s a mbeith ’na sreabhaibh dearga

ar Lugh niamhdha naoidheanda.


38 Admhaim dhaoibh gur chosmhiul Lugh

óna chrios síos fri Lothur,

gur dhiall a bhruinne fri Breas

’s a cheann re Nár na n-éigeas.


39 Uime do hainmnighthe Lugh

mur mhac do Nár ’s do Lothar -

trena dhola leo, dar leam,

eidir chosaibh is chaoimh cheann.


40 I n-iongnadh ní cuirthe sin,

an mac do dhiall le a bhráithribh:

siad is Lugh laochdha Midhe

beag nach glúine geilfhine.


41 Ní mór gur dúthcha d’fhior

diall leis an tí ó ngeintior

ná le bráthair is gach modh

mur do dhiall Lugh le Lothar.


42 A ucht, a chorp, a chridhe -

tiad le Breas a thuistighe

- an mac do Bhreas de is dearbhtha -

’s ní hiad a bhuill imealda.


43 Bíodh gur mhac dóibh - mur nach eadh -

Lugh Sriabh nDearg - sean an saoirfhear -

nar bhean sin an mac do Bhreas

foillsigh dúinn anso h’aighneas.


44 Easbac, doctúir nír sgríobh soin -

nar bhó mac do Bhreas, Lughaidh;

’s nár bhó mac Thrí bhFionn an Lugh

dearbh nar thráchtsam an tráchtadh;

bíodh gur shealbhsam é do Bhreas

ós dó ráinic go ruidhlios.


45 Ó tám ag teacht le chéile

do gach taobh gan chlaon gcéille,

acht modh monmhair do sheachna

oirne is éigceart inchreachadh.


46 Fios gur chuiris ar leabhraibh

brég sonn tréd thuigsin mhearbhail,

a rádh go ráidhid mur so

nach feas dóibhsion, go haonda,

cia don triur-sa ór coimpreadh Lugh -

an bhrég is nár le a nochtadh.


47 Dá n-antaoi ar an gcéill chuire

id phonc nach ponc eagnuidhe,

fíormhac Breis, an mal midheach,

beag nach beith ’na thuilidheach

ar gach aon don triur ’s gach tan,

deighBhreas, Nár agus Lothar.


48 I gconntabhairt dá mbeith gein

eidir dhís nó triur, tuigidh,

do dhearbhráithribh - dáil nach mear -

go dtéid a sealbh dhá sinnsear.


49 An mac d’ainmniughadh ó thriur -

tarbha ó nac déin dá chiniul

ná don deighfhior budhéin, Lugh,

baoth an tagra ros tagradh.


50 Dí mháthair munab dual sin-

nó teóra máithre - ag éinghin,

dís nó triur athar ’s gach alt

dar ndóigh nocha dual d’aonmhac.


51 Ó nar coimpreadh dís nó triur

san mnaoi óig ba hard ciniul,

roinn don aonmhac oirdheirc Lugh

ní fhuighbhid dís don triur bráthar.


52 Ós fíormhac d’oighre Teamhra

i gcruth é ’s i gceart ngeineamhna,

féch nach fearr dhaoibh agus damh

bheith dhó ar shinnsear ná ar shósar.


53 Mac Thrí bhFionn ó chaint, ó chruth,

’s ó bhés mur luaidhtear laochLugh

- tuigsin an phuinc-si gan bhéim -

’s mac corpdha do Bhreas eiséin.


54 Leis an tuigsi-si gach tan

táinig tuigsi na n-ughdar;

gus anois ro-seich siobhal

mac Thrí bhFionn ga ainmniughadh.


55 Leabhair Éirionn linn leis so

gan chead dod thagra n-aonda

’s gach a dtuigfe foirm a bhfearb

ar an rí, seangLugh Sriaibhndearg.


56 Mac Thrí bhFionn nó Bhreis an corp

fá dtáinig uaim a n-éabhort;

an mbia budh-dheasd gá rádh ruinn

nach fuil an corp le hurlainn

anos ó rob éigion damh

urlainn airsion do thráchtadh?


Freagra an dara puinc síosana maille ré cruthughadh a hughdarráis.


57 Don dara ponc - ní saobh so:

tuig uaimsi, a fhir na tagra,

an modh ar a dtráchtann soin:

Connachtaigh fri Niall d’fhodhail

ag Eochaidh Mhoighe Midhe

Mheadhóin Éirionn oirdnidhe.


58 Do-ní an ríoghacht posd do Niall

gér bh’óige i n-aois é ná Brian;

lór leam do dhearbhadh m’fhocail

rádh an leabhair Chonnachtaigh.


59 Connachtaigh, thrá, até as neasa

d’Íbh Néill, i los cáirdeasa

- ag so rádh an leabhair leam -

d’fholuibh uaisle na hÉireann.


60 Bheith mar phosd do chlannaibh Néill

don dá chraoibh luaitear leiséin -

tógbhoim é mar fhiadhoin,

rádh an leabhair Oirghiallaigh.


61 Oirghiallaigh, thrá, até ad neasa,

d’fhoir Bhanbha, i los cáirdeasa,

iar gconnachtaibh, do chlainn Néill -

rádh an tseinleabhair eiséin.


62 Na leabhair-si luaidhtear leam -

sén nach do leabhraibh Éireann;

nó tuigfid cách thiar is thopir

linn co dteagoid na leabhair.


63 Ní do réir na haoisi amháin

cuirthear croinn ós críochoibh Fáil,

acht do réir oirbheart is gníomh,

ar chiontoibh cáich dá gcoimhdhíon.


64 Sósar oirbheartach do-gheibh

oighreacht do thoil an tsinnsir

’s bheith do shíor ’na seilbh dá shliocht:

iad-san is croinn san oighriocht.


65 Dá saoiltí nach dérna Brian

crann ós Éirinn do ríghNiall

le toil Dé, dál nar tubhadh

bíodh ar mh’iul a chruthughadh.


66 Tuigfidh cách as mo fhreagra

- biodh nach dtuigfe Tuileagna -

an ríoghacht dár bh’oighre Brian

gur aontaigh ise d’airdNiall.


67 Dá chur sin i gcéill co gar

an rann tráchdtar fúinn thíosan;

Torna an t-ughdar ór chéidleath,

do-ghén airsion ailléideach.


68 “Adubhairt riotsa Brian binn,

mac Mongfhinne an earla fhinn,

[....] riar Néill nó a fhreagra um chath,

isin maidin-si amárach.”


69 Muna ndiongnadh Brian bladhach

posdchrann do Niall neartghalach,

do budhéin d’iarrfadh a riar

ar mac Luighdheach, Corc caoimhfhial.


70 Mar sin is éidir ó cheart

crann árd go dtoradh dtroimdhearc

do ghníomh, do réir eoluis ghloin,

do Niall ós caoimhshliocht Cobhthaigh -

an mhéid dhíobh do bhí ré a linn;

mar bá háirdrí é d’Éirinn.


71 Mar sin fós ceart dúinne a rádh

co mbean sliocht Bhriain do Niall nár

ag Eochaidh, áirdrí Banbha,

Mhoighmheadhóin mhaith mhórchalma.


72 Sinnsireacht Bhriain do tráchtadh

síos re peann an bhochtbhráthar,

ar Niall mar do tráchtadh so:

réil gurab ceart an cúrsa.


73 Ós ......mhéadughadh anma

dhóibh araon d’iul ealadhna

do tráchtadh an tráchtadh glan,

a aithcheodh mór an mearbhal.


74 Dá mbeith úirshliocht Néill na n-óg

suas anos mar anallód,

a fhir thagras rinn dá dtaoibh,

ní bhéinn, ná thú, gá dtathaoir.


75 Neimhiongnadh leam Rí na ríogh

d’óirdneadh Néill tar Bhrian, fá-ríor!

libh más diongna a rádh sinne,

féchoidh adhoigh Mhoingfhinne.


76 N’fheadar - acht madh sin amháin

nó méd cinneamhna Néill náir -

créd táinic re Brian slisshean

is neart, is ceart aigesion.


77 Aithghin an phuinc-si adeir sibh

’s féchtar linn leabhar Mhíchil,

i gcraobhscaoileadh na ríogh réidh

ann nochan fhuighbheam eiséin;

’s dhá mbeith, do thráchtfuidhe lais

an ponc gan seachrán seanchais.


78 Ní sguiriobh don phonc-so fós

go ndearbham d’iul co ndeaghnós

Niall do bheith ’na ardchrann theann

’s gach aird, ós uaislibh Éireann,

do thoil Dé, ’s tre cheart a shean;

’s a shliocht dá éis mar eisean.


79 Tuigim go mbaoi Dia na ndúl

ag cur Néill náir i bhfortún;

gibé lé nach dtuicthear so

féchadh losgadh na cerdcha.


80 Féchaidh fós mar do fhéch mé

tar gach ní dál an uisce

thug Niall go a bhráithribh, ad-chlos,

Brian, Oilill, Fiachra, Fearghos,

d’fhortún Néill tar aon don druing,

dár luigh sé leis an seantuinn.



81 Fearta Dé ar Niall neamhthais

féchadh lé hiul dinnsheanchais:

nar bhris seacht gcatha an choimsigh

is é ar n-ég an ionbhaidh-sin?

dá eccraíd an uair fheadhma

tréna chorp do thaisealbhadh.


82 Congnaidh an leabhar cédna

linne ní is mó ná a n-éabhradh

isin bponc-sa le Niall nár -

gibé chreidfeas dá chomhrádh.


83 “Cóir Anmann” na bhfear bhfiadhnach

tráchtaidh ar Niall Naoighiallach;

fáth an fhoranma - an saobh so,

a fhir thagrus an tagra?


84 Tre dhaltacht Torna tuigim

ar Niall an iuil fhortuilghrinn

gur thuig an t-ughdar Tórna

an flaith go madh forórdha.


85 Beag do ghabh flaitheas Éirionn

acht sliocht Néill na naoi ngéibhionn

iar mbás Néill go teacht na nGall;

a iul deimhin gur dhearbhsam.


86 Aon do Laighnibh, láindearbh linn,

ná d’fhuil Ír nír ghabh Éirinn

feadh na haimsire a-dóbhart

gér mhór uirre an iarmhóracht.


87 Acht Dháithí agus Ailill Molt

nír fhaoi aon d’uaislibh Connocht,

iar Niall, le hÉirinn na ríogh

go deaghmhac rathmhur Ruaidhrí.


88 Acht Brian Bóromha go mbladh

nír fhaomh aon d’uaislibh Mumhan,

ris an reimheas ráidhtear leam,

sonn le hairdríoghacht Éireann.


89 Ó do rónsad crann do Niall

ríoghraidh Éirionn, thoir is tiar,

is crainn dá shliocht ’na dheaghaidh -

mur sin theas is tuaidheamhain

bheith ’na chrann do san bponc-sa

féch an claon nó an codarsna?



90 Ó nach iad is ughduir dhúinn,

ní lorg easbuig ná dochtúir

leantar linn i seanchas sean

acht lorg ughdar is oideadh.


92 Gidheadh tigim mur fhiadhna

leosan i n-iul cheirtriaghla

chloinne Briain is Néill na gcath,

dhá mhac oireaghdha Eachach.


93 A fhir thagras go tim trén,

dúin do bhél nó bí óibhél;

ag sin duitsi, uirre, amha,

tuigsi, freagra agus fiadhna.


Freagra i n-aghoidh an treas poinc síosana mar an gcéidleith


94 An treas ponc más claon a stair,

meinic do thráchtsad ughdair

dh’éis Mhaoilsheachloinn d’fhuil Banbha

nach baoi rí gan fhreasabhra.


95 Tánac fos leis an bponc-sa;

dearbh nach seanchas codarsna;

slán eolach mh’aithcheodh uime!

a dhíon d’fhiachoibh oruinne.


96 Ní beag dhúinn dhá dhearbhadh so

ráidhte Ghiolla Mo-Dhuda,

ughdar ard nar chlaon i n-eol;

slán fhear nÉirionn a aithcheodh!


97 Ag so mur adeir an saoidh,

isin rann-sa ráidhtear faoinn;

a inchreachadh ní gníomh glan;

dhúinn is daingean a dhearbhadh:


98 “Tar éis Mhaoilsheachloinn shona,

mac Domhnuill mhic Dhonnchadha,

do sgar gairgbhrígh re gach dreim

nachar ghabh airdrígh Éirinn.”


99 Ar an bponc-sa ro tubhadh,

leabhar leam gá fhiadhnughadh,

do toghadh le sgaith sgoile -

más leabhar Réim Ríoghroidhe.


100 Aoinfhear d’uaislibh chríche Cuinn,

iarsan bhfíorfhlaith Maoilsheachloinn

dar fhaoi le flaitheas bhFódla,

nírbho hairdrí corónta:

neamhnár don tréd go dtromghart,

uaidh a ngairm go bhfreasabhracht.


101 An fhreasabhra thoirneas trén

an modh ar ar thrácht Míchél;

le cách ós léir a bproigeapt,

nír dhaor do dhá uraiceacht.


102 Follus go ngoirthí i mBanbha

mar so rí co bhfreasabhra:

leath Éirionn aige ó do bheith

’s cúigeadh don dara háirdleith.


103 Deacair dhaoibh a chur ar gcúl,

dóigh gurab toghtha a résún,

an corp thrá ina dtarla

téora Fódla freasabhra.


104 San bhfreasabhra an chuirp ad-chím,

dearbh nár dhaorsan modh Míchíl;

gibé thagras ’na aghoidh

sgiath an chuirp ’gá anacail.


105 Cia dhíbh so cuirfir ar gcúl,

a fhir admhas an résún,

ó tád na trí muidh-sin ann

’s gan dá mhodh dhíbhsion ionann?


106 Léigthear lé neithibh féghthar,

i mbí brechtradh ilchédfadh,

gach ní dhíobh do bheith ar bun

iad más cédfadha úghdar.


107 Dod réir féin do ládh ar gcúl

an dá mhodh do thagair tú

muna dtráchtoid iad i gcairt

úghdair an tseanchois orrdhairc.


108 An résún mhaoidhi-si, amha,

mo rádh air isin bponcsa

’s in gach ponc dár thagair tú:

féchadh cách ar ndá résún.


109 Nír dhiult peand brég do nochtadh -

fada atá ’na sheanfhocal;

anos do fhíorais-si so

ar ar scríobhais-si san bponc-sa.


110 Freasabhracht fhlaitheadh ar bhfonn -

feasach dúinn nach mó is cúram

ar féinigh a choimhéd sin

iná ar sheancha, co suaichnigh.


111 Fiu a dtáir an seanchaidh dhá rígh

bheith ag coimhéd a iuil fhír -

tuigthear linn go láincheart

tré iul árdúghdar oirdhearc.


112 [..................]gh ag ollamh

in iul éigeas fuaramar

gur bé an seancha is ollamh sonn

tógbhoim air d’fhiadhoin Morann.


113 Tógbhaim an Morann cédna

d’fhiadhoin ar so co dédla

gur b’é an seancha suadhtha istigh

bhearbhus gach n-omh ’na choire.


114 [.....sin] ná meas agad féin

ó so suas - dál co ndeighchéill -

seancha nach fisigh fromhtha

i n-iul fhiadhnach fhreasabhra.


115 Gach ní oile - gá dtú ris -

bheanas re hiul an fhlaithis

fisigh ann an seancha glan

bhearbhas gach n-omh gan mhearbhal.


116 Cúram a choimhéada so,

mar choimhéd chraobh na fola,

ar an seancha - ní saoth leam -

tar gach n-aon d’eolchoibh Éireann.


117 Dearmadach duitsi mar soin

a rádh gur mó bhí d’fhiachoibh

ar féineachois an iuil ghlic

so do choimhéad ná ar chroinic.


118 Ag caomhna an tseanchois má taoi,

dearbh go dtardois air tathaoir,

dar leat féin, agus tú leis,

sonna in gach ponc dár thagrois.


119 Rob inmheasda ar mbeith gan chéill

riot dá n-éisdinn-si eiséin

a chur ar gcúl dhíom ó thig

’s gan féchain dár ngaol treimhid.


120 Dar leat do-chuaidh ó tharbha

tiodal fhir na freasabhra

trés an lorg nach gérlorg glan

mhaoidhi-si i n-aghaidh úghdar.


121 Truagh nár leanais an lorg fíor

is é nocht gan dlaoi ’gá dhíon:

an lorgaireacht luaitear lat

do ghníomh ar an bhfreasabhracht.


122 An lorgraireacht luaidhis sonn

tuigthear eisde más mearbholl

freasabhraigh na háirdrígh dhí

’s bheith co bhfreasabhracht d’áirdrí.


123 Do bhréagnuigh sibh ceand i gceann

eaglois is éigsi Éireann,

i dtagra leimh nach líomhtha,

táinig róimh lér n-áirdríogha.


124 Saoilim go bhfuilir mar soin

id haon i n-aghaidh poboil

um ughdar is árd nglóire -

um Fhothaidh caomh Canóine,

um Eochaidh, éigeas, ardrach,

táinic leo gan fhreasabhracht.


125 Um Ghiolla na Naomh Ó nDuinn,

um Thánaidhe, thrá, um Chonuing,

is um Mhac Coise an áigh,

um Mhac Liag, ’s um Mhac Lonáin.


126 [.....athadh] beag d’iolar annsin,

d’eaglois, ’s dár n-órd go dtuighnibh

deoidh i ndeoidh - dál go n-ardrath -

táinic leo gan fhreasabhracht.


127 Gach ní le a dtig eaglois Dhé

atá d’fhiachoibh ort réd ré

amaille re togha - gá dtás -

aice o bhias a úghdarás

i gcás chreidimh, a chreideamh,

nó ataoi ar eing na n-ethriceadh.


128 Gach rígh ó Mhaoilsheachloinn suas

co Sláinighe - iul gan égruas -

romhoibh riamh isin mBanbha

dearbh nár hiarradh freasabhra;

tubha aoin diobh ar do dháil

’siad ar aon san athghabháil.


129 Gach ri ó Mhaoilseachloinn síos

nach bhfuair umhlacht nó áirdchíos

co coitchionn ar feadh mBanbha

tráchtar airsean freasabhra.


130 Monuar! ní hadhbhar gáire

mur deir mac ar Seancháin-ne

fós mar thiodal nach tarla

ós na ríoghaibh freasabhra.


131Baothghalach, an breitheamh glan,

Maoilseachloinn, saoi na seanchadh,

an tiodal leo ’na leanmhoin

ós na ríoghaibh déidhionchuibh.


132 [........] co n-iul bhfoirbhthe

mar iad tig lér dtiodail-ne

a chruthughadh nír dhual dhamh

imeasc suaidhleabhar seanchadh.


133 Dearbh gur bhrég nó dearmad so

a rádh nár tráchtadh an tiodal

ós cionn flaithis na dtriath trén

riamh gus an mbráthair Míchéul

is é do shíor ós a gcionn

nó fútha ag eolchoibh Éireann.


134 Dearbh gur chlaon seanchois mar soin

dhuitsi freasabhracht d’iarraidh

inár leabhroibh ’s gan é linn

d’áirdríoghoibh Fódla Féidhlim.


135 Michél d’eolchoibh ar n-oireacht

modh édrom ise an trudoireacht

[sas......taoi] tromdha

modh an tseanchuis úghdarrdha.


136 [..............................]dh

a fhir do-ní an t-inchreachadh

[...........................]eadh so

cia dhíobh le mbean mo fhreagra.


Freagra an cheathramhadh puinc co gcruthaighthibh andso


137 An ceathromhadh punc phromhtha

tánag leis gur lántoghtha

síos an ponc-sa mar thráchtas

an Chroinic ghlan Gabháltas.


138 Bheith do Thoirrdhealbhach nár thim

fiche bliadhoin ós Éirinn

acht monuar! beithir Bhaghna

’sé bá rí go bhfreasabhra.


139 Giolla Mo-Dhúdo, dearbh leam,

árdsheanchoidh oirrdheirc Éireann,

fiadhoin é ar so i leabhroibh

is é i n-aimsir Toirrdhealbhaigh.


140 Dearbhadh ort co raibh an rí

Toirrdhealbhach Mór, mac Ruaidhrí,

go bhfreasabhra ós Banbha Chuinn

an rádh do ráidheas romhuinn.


141 Ní bhiu ag filleadh air - gá dtú -

is nach dtaigéumhainn san rús;

acht do-bhér fiadhoin oile

leis dár n-eolchoibh eagnoidhe.


142 Muna mbí céir id chluasoibh

dóigh gur minic do-chualois

an rann-so shíos ó Lughoidh,

an seancha grinn glanchubhaidh.


143 “Nír áirmheas Toirrdhealbhach Mór

ná Ruaidhrí do bhronnadh ór;

nír shaoil mé gur mhór dtarbha

áiriomh ríogh go bhfreasabhra.”


144 I lorgaireacht iuil Bhanbha

’s gach ponc sa bponc freasabhra

dar lat féin gidh maith thusa,

tuig nach measa an t-ughdar-sa.


145 Ó do chuirsiom iad i gcúil

leabhair nár lór linn a rúis,

’siad dhuitsi gidh aos grádha,

treabh asda co hédána.


146 Fearr uathadh leabhar ndearbhtha

iná mór leabhar bhus neamhghlan;

tógbhoim é d’fhiadhoin ar so

Leabhar glan Ghlinn Dha Lacha.


147 An rann tugais ó Dhonnchadh

uaimsi creid nach gcosnadhfadh

- aithnidh dhamh co maith a chor -

h’aithcheodh ar phonc an bhráthar.


148 Meisde dhúinne dob fhéidir

bheith ag dénamh ailléidigh

muna gconnmha a chúis i gceart

i bhfoirm, i n-iul ’s i n-éifeachd.


149 Tathaoiridh tré ainbfhios n-oll

an tí sa leith ’na lá ann,

fiadhnuise a chlaonphuinc gan cheol;

ní nach tarla do Mhícheol.


150 Fear a dhénta ó nach mair

ní lochtébh deaghrann Donnchoidh;

bíodh nach bhfuil nó co bhfuil fíor

é ní chuireabh i ndiombríogh.


151 Gidheadh coisénabh mo rádh

nach fuil ann claon nó cleathrámh,

linn thrá ós léir i leabhroibh

aimsir fhlaithis Thoirrdhealbhaigh.


152 Tríocha bliadhoin - ní saobh so -

óc cionn Chonnacht d’ua Aodha,

do Thoirrdhealbhach ’na thriath theann,

ré ndul i n-urláimh Éireann.


153 Fiche bliadhoin ós Banbha

dó ’na rí co bhfreasabhra;

nír bha rí é acht an fad-sa

iarsan tríocha adubhart-sa.


154 An caoga thrá thagrus sibh

sgríobhthar air i mór d’áitibh

ós cionn Banbha na mbrughadh

ag sin daoibh a ndeochrughadh.


155 Iomdha fear nár dhealoigh iad

seachnóin Banbha thoir is thiar

acht a n-ainmniughadh uile

dhó uas Éirind Iughuine

mar do-níthear libhsi anois

dár ndóigh ’s ní d’easbhoidh eolois.


156 Do dhearbhadh a n-abair mé

do-bhér uam iul go gcuimhne,

saoghal Toirdhealbhoigh Teamhra,

mo thirath oirrdhirc infheadhma.


157 Ocht mbliadhna dég go ndeaghrath

eadh bá haois do Thoirrdhealbhach,

an ruire bá réidhe gart,

an tan fuair ceannas Connachd.


158 Sgríobhthar air nach bhfuair iaromh

do ré acht caoga ceirtbhliadhan;

a rádh nochar fhóbair sinn

gur chaith iadsan ós Éirinn

fo bhith go dtuicthior gur chaith

tríocha bliadhon ós Cruachoin.


159 Tríocha don chaoga chana,

do thagair tú anallana,

léig thort budh-dheasda a leanmhoin

nó sín saoghal Toirrdhealbhaigh.


160 Do réir an bhráthar, ad-chím

nar chlódh freasabhracht don rígh -

’s do réir na n-ughdar ndearbhtha

thráchtas ise ar Thoirrdhealbhach;

a chlódh nírbh fhearr libh ná linn

a bheith saobh muna shaoilinn.


161 Rí co bhfreasabhra ós Éirinn

do Thoirrdhealbhach glóir bhéilbhinn

do rónais féin go foidhearc

do réir bhur ndá uraiceacht

bíodh gur bh’áirdrí do mheas tú

do dhénamh dhesean asda.


162 Cúil innsi nó oilén di

i n-égmhais ríogh dhá raibhe,

freasabhracht air gá hoireacht

féch an dtráchtann uraiceacht.


163 Léigfead do labhra fo lár;

aithnidh dhamh gur maith an fáth

cosc créad acht deaghaithne so?

d’aighneas choda dhon phonc-sa.


164 Nár dhuit mar do thagrois féin

an chuid sheachnoim-si dheséin;

riot anos madh iongnadh so

féch uirre freagra an bhráthar

ós í sin an fhreagra cheart

d’fhírinne, d’iul, is d’éifeacht.


165 [........] dhá ndearnadh

ar na poncoibh ceitheardha,

dóigh gur thagra gan fheidhm sin

don tí nár thuig a dtuicsin.


166 Dearbh go bhfuil tuicsi thromdha

ar an seanchas n-úghdarrdha

[........dín]ne nach dtuig sin

nír dhual dó gan a thuicsin.


167 [.a....]gra gan tarbha

adhéar lé haos ealadhna

[......]tí dháibh a dhaineamh

nach cleachtaid bés bollsaireadh.


168 Na ceithre puinc nach éigeart

teagaid leo i gcoimhnéineachd

[......]tra bhadar [...........]uasda

acht mé ad chráibhthigh cogúasda.


169 [........]duine don triúr oile

deimhin gur shaoi sheanchoidhe

gan fhrideacht thuaidh ’na aghoidh

ag aoinfhior ré healadhain.


170 Is gach ní dá seasam sonn

atá ughdarrás agom

atú do réir mh’anma amha

im fhear fírinneach feasa.


171 Ag sin fios ar n-iuil fhoirbhthe

dhuitsi, a fhir ar mbrégnuighthe

[.......]o aimréid air

sguir budh dheasd nó nó tagair.


172 Dearbh do thoghsat cách inn

dhá chur síos i bhfoirm fhírghrinn;

nach bhfuil acht fíor san bhfoirm

a seasamh d’fhiachoibh oroinn.


173 [........th]ur i gcrích - gá dtú dho -

fillfead ar tús mo théma

an fhreagra bhaoth gur beag dtarbha

a treabhadh gan tuar n-ealadhna.


174 [........l]ag fos an iarroidh gharma

idir fhíor-aos ealadhna

seachna iuil truim an rolla

sbuincc fán iul is édroma.


175 [......cruimghrés] úr dár fhigheas

tráicht is corp lér chuidigheas

seachnóin na bponc ro leathais

gidh créd nach iad d’inchreacois.


176 [........]d’fhéchoin an éisdfinn-si libh

ós iad nach beanfadh d’uaislibh

brégach Míchél is mé

’s na Coin chaomha Choigcríche;

créd an rádh-sa acht rádh ráiteach

’s nach iad atá earráideach?


177 Gach aonduine, leath ar leath

- a bhuidhe ré Dia ar nDúileamh

’s Dia dá íoc lénár n-oidibh -

san iul fíre fothraigthir.


178 Creideamh ar bith bhus rochóir

féch an dtig lé tagarthóir

brós ina ghlóir searbh salach

shná shreith daosgar dearmadach.


179 [.....ccóir] do ghabhois do láimh

dar leam, a bhaoithmheic Sheancháin,

’s gach tagra dár thagrais rinn

tar gach aon is árd foghluim

dá bhfuil budh-thuaidh nó budh-dheas

i gcrích Fhódla na n-éigeas.


180 Ní dhearna an t-ollamh toghtha

Fland, an t-eigeas ughdarrdha

ná clann Bhruaideadha breachdmhas

aithcheodh oirn nó esgeaptas.


181 Mac, ua, iarmhua, ionnua suadh,

mac Tórna, saoi na saorshuadh,

ní dhearna, iar ndul [leg. diul?] ar leabhar,

ní dár n-iul-ne d’éileaghadh.


182 An bráthair dil Domhnall óg,

é ’na shaoi anos ’s anallód.,

’s a leithén iulmhar oile

Conaire mhac Conaire -

ní dhearnsat tré anuille i n-eol

inchreachadh oirn nó aithcheodh.


183 Dá dtagradh Tuilgne mar so

tar cheart gan triall dár dtubho

lé mac a athar amhra

do bhéinn co búidh brátharrdha.


184 Beag mo chás fám thubha féin

measa leam tubha Míchéil

’s na bhfearchon d’iul gan chlaon gcuir

go rug orra mac Brannaibh.


185 Tuigeadh, airdshliocht Briain na bport,

ríoghraidh ceirtbhreathach Connocht,

claon dhá ndérnoinn ’na n-aghoidh,

go mbéind go méin meascamhoil.


186 Nír chóra d’éinfhior oile

do mhaicne Uí Mhaoil Chonaire

cosnamh a gcirt ná dhamh -

craobha cumhra na Cruachan.


187 Mo dhíoghrais dóibh do réir uird,

dá mbéinn le breasaireacht bhuird

do fhédfainn a mhaoidheamh so

ar shliocht Briain uasoil aosda.


188 Tuigthear gur dhíoghrais seanchois

iul na n-uasol do leanmhoin

gan ní leis, ’s gan énní dhe

tré shainnt, d’fhuadh nó do oile.


189 Bíodh go mbéind-si ag dénamh truim

ar fhuil leomhan Leithe Cuinn,

ní dhiongnainn cheana ar chomhaidh

éntrom ar shíol gConchobhoir.


190 Róidhile leam énndís díobh

ná sliocht Néill náir na neirtghníomh

ós iad an dís do mhór mé

thiarain i n-aois ar n-óige.


191Má do tháireas ar an druing

’s gach sinnsior dá riachd romhuinn

ná ar ar chin ó Niall co rath,

úrmhac oirdnighe Eachach.


192 Gidheadh, ar ghrádh ná ar omhan,

d’eagla Dé dár ndamnughadh

nó d’ísliughadh triath ar bhfáid,

fada co ndiongnainn earráid

as a riocht - an rádh-sa is dearbh -

i seanchus usasal Éireand.


193 Cur i n-aghoidh chloinni Néill

’na gceart ní cubhoidh eiséin

bíodh go bhfuil - gá dtás - an chlann

ré cian do láibh fo leatrom.


194 Do dheighshliocht Néill d’fhás ó Lugh

oirrcheas dúinn ceart do chosnumh

bíodh nár ghnoaoigheas orra

ar chaillios riú anallana.


195 Ríoghroidh Chonnachd is crú Néill

mian linn a mbeith i n-énchléith;

do nós Bhriain is Néill gach tan,

dual dóibh le chéile congnamh.


196 Dóigh linn nó ní leanfaidh ceart

gibé dhíobh bú árd treiseacht

go madh árd uaidh - gá dtáthar -

sliocht na deisi dearbhráthar.


197 Ó tád fo leatrom uile

sliocht Briain, oighir Iughuine,

ar ghrádh Dé - an glainshliocht galach -

bíod le chéile carrthannach!


198 Ag sin barr lém fhreagra

dhóibh ar thagra Tuileagna;

ós é rom shaor is rom sbreag,

mo thlás rision is roibheag. Beag


199 Tagra thoirteamhoil gan toirt

mairg do rinne dom lomairt

’s gan chlúimh orm ón lá do luidh

uainn i n-úir Fachtna Ó Fearghuil.


200 Rann ógláchois nír fhigheas,

a dhealbhadh nír dhearbhdhligheas,

don dos lér dingeadh mo neart;

ní dhingén anos cuaidheacht.


201 Rann nír dhealbhas gan dochar

don tí do thriall mh’árdachadh,

Fachtna Uladh, eo Eamhna;

pudhar nach beo an bheitheardha!


202 Áirdrí [...........] tré bhioth

go dtárda dhúinn Dia dúilioch

díolgha [.........]c ceann i gceann

ós líonmhar na huilc ionnam.


203 Sé bliadhna, ceathracha cain,

míle, sé céd do bhliadhnoibh

uam go riacht na roinn-si i n-alt

chuige ó do ghabh Dia daonnacht. Tag.