firstLine"; ?>

299. Bean ar n-aitheirghe Eire $
Length: long 41qq
Certainty: 1
Period:
  1. 14th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. inauguration mp ?
Manuscripts:
  1. NLS Adv.72/1/37 Bk Dean of Lismore
  2. RIA2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  3. NLS Adv. 72/1/44 17th c.?
  4. RIA 6 (23/I/40) c. 1700 Co. Offaly
  5. Bodleian Rawl. B 475 17th cent.
Prints:
  1. transl. Dan na mBr. M. no. 1
Motifs:
  1. Foreign conquest of Ireland
  2. fertility in reign of just prince
  3. Kingly Functions:binding men together etc
  4. teagasga riogh (advice to a king)
  5. prophecies of a ruler
  6. sickness
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh Mor (Bk Dean)
  2. Tadhg Camchosach (RIA 2)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
  2. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Niall Mor mac Aodha
Patron Surnames:
  1. O Neill d. 1397
Apologue Subclasses:
  1. Niall Frasach : miraculous showers
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Bean ar n-aithéirghe Éire


[Mhág Craith, Cuthbert: Dán na mBráthar Mionúr I, Dublin, 1967, poem 1]


D’Ú Néill .i. Niall († 1397)


Tadhg Camchosach Ó Dálaigh cct


1 Bean ar n-aithéirghe Éire,

ó uathfásaibh aigmhéile;

fuair ar gach cás a cabhuir;

do thuair ar fhás d’orchradhaibh.


2 Inis Fáil ar bhfagháil chuir

ní hégcaointe ó fhuair cabhuir;

an bhean do-chuaidh ó gach cás

gá seadh má do-fhuair uathfás?


3 Sí ag Éirionnchuibh dá éis soin;

do bhí ag allmhorchaibh athoidh;

an bhean chomtha ler fhuaigh Art

fuair orchra agus fuair furtacht.


4 Cúis athtoirsi Insi Fáil:

sochroide Gall dá gabháil;

tnúth fan mBanbha bhféaraird bhfinn;

faghla in gach énaird d’Éirinn.


5 Do-chí Niall Teamhra an taoibh ghil,

san riocht-soin, Éirinn n-aingligh,

Banbha mar bhudh bean fa gheis

gan fhear ag labhra a leigheas.


6 Leigheosaidh luit na Banbha -

tuigthe d’Ú Néill neartchalma;

’na banothar dá mbé an tír,

radhachar é don airdrígh.


7 Niall mhac Aodha na n-each seang,

mar leigheosas luit Éireann

- an chríoch gégach thoinngheal tais -

toibhgheadh a hédach othrais.


8 Beirt othruis Insi Banbha -

is é an t-earradh allmhardha

fér agus luibhe a gort nglan,

duille agus folt a fiodhbhadh.


9 Mac mhic Dhomhnaill dhúin Caisil

bíodh annsan bheirt othrais-sin,

eidir chlúmh a fionnmhagh bhfionn

agus fiodhbhadh n-úr nÉirionn.


10 Ní raibhe bean ina broid

an chríoch do chabhair Pádroig

le rígh chláir bhailbhmhilis Bhreagh

airmInis Fáil gur fóireadh.


11 Ar cás eile nar usa

do fhóir bruid na Banbhu-sa

slat na gciabh ndosach ndíligh,

Niall Frosach an flaithmhílidh.


12 Bliadhuin do-chuala cian uaidh

do bheith ’na bliadhauin rochruaidh;

gnaoi an fhíréin do fhaillsigh soin,

i n-aimsir ríNéill Fhrosaigh.


13 Do bhí an uair-sin seach gach uair

rí Éirionn an fhóid ionnfhuair

go mathaibh fhuinn bhraonbhláith Bhreagh

san chaomhráith chuirr ag caitheamh.


14 Seacht n-easbuig is eadh do bhí

i n-aonchumaidh ’s an t-airdrí;

tarla an nathair bhinn bhanna

san chathair fhinn eatarra.


15 An solas fa díol droing -

báidhis lasair an lóchrainn;

fearthar smual donnchorcro dubh;

tuar dorchochto don dúnudh.


16 Rí Éirionn ar gcosg dá chuid,

níor anadar na heasbuig

ris an tapar n-úr d’adhnadh

san mhúr bhratdubh buabhallghlan.


17 D’ámhaill ris an sgiain sgiamhdha,

gonuis an binn baisniamhdha

- fir shaora fa data dreach-

glaca caomha na gcléireach.


18 Do-chí airdrí an abhra mhoill,

tar éis adhonta an lóchroinn,

a bhfuil ’na ndianfhrasaibh dér

re fialbhasaibh na bhfírén.


19 Athraighis gné dá ghruadh ghlan;

biodhgais Niall - ní narbh iongnadh -

an chraobhshlat ar nar chuir neach,

tre ghuin chaomhghlac na gcléireach.


20 Tug cubhais nach caithfeadh biadh

rí na bhfuinneadhach bhfírfhial,

gnúis chorcro ór chnóigheal gach fiodh,

go bhfóireadh gorto Gaoidheal.


21 Tugsad an chubhais chédna

na binnchléirigh bhaisdédla;

anaid gan bhiaidh, leath ar leath,

Niall is a charaid chléireach.


22 Ar mbeith dho ’na throsgadh treall,

Niall Frosach, airdrí Éireann,

do-chí sé an t-aingeal dá fhios,

an té ar nar cailleadh cairdios.


23 “Fuaruis cabhuir, caith, a Néill,”

do ráidh an t-aingeal ainnséin

“Inis tonnbhán bhalbhbog Bhreagh

is iomlán d’argod aoingheal.”


24 Do ráidh nach caithfeadh a chuid

gé do fearthaoi frais arguid,

’na chioth mhóirthiogh, don fhial fhionn,

ó nach fóirfeadh fhiadh nÉirionn.


25 Ann sin fearthar frais mheala

gur anghlas na huisgeadha,

gan rinn fheadha iná fheoir ghloin

gan deoir mheala sa madoin.


26 “Ag sin,” ar aingeal Dé, “dhuit,

frais mheala, a fhíréin ordhruic;

a fhlaith, ní re bréig bheanas;

caith is tréig do thréidheanas.”


27 Ó nach fóirfeadh frais mheala

iath Banbha is bláith foirgneamha

- an chraobh ó chaithir Dha Thí -

caithimh nír fhaomh an t-airdrí.


28 Glór an teachduire, an treas uair:

“caith anois, a óig armruaidh;

is lán do chruithneacht chorcro

gach clár sruithbhliocht somholto.”


29 Niall Frosach, ar bhfios na sgél:

“caithfead feasda,” ar an fírén,

“Banbha Cuinn arna cabhuir,

cuill is abhla ag osnadhuigh.”


30 Ag sin mar do chabhuir cách

Niall Frosach na bhfras neamhghnáth,

gan ghorta do bheith i mbrugh,

gan tochta ar chreich ná ar chogadh.


31 Fóirfidh a-rís - ríodha an céim -

Niall eile d’fhuil an chéidNéill;

Fódla i n-ionam a heaguir

is ionann do fhóireaduir.


32 Dias rugadh re cobhair gcáigh:

Niall mhac Aodha an airm rionnáigh;

Niall Frosach an dara fear;

tosach gach gliadh do-gheibheadh.


33 Niall Frasach na bhfuighleadh mbinn

re trosgadh do fhóir Éirinn:

fóirfidh saoirfhear sídhe Breagh

ríghe Gaoidheal re gaisgeadh.


34 Gá fios nach diongantaoi an dáil,

dá rigthí a leas iad d’fhagháil,

le sén í Rosa ón Bhóinn bhinn,

na frosa do fhóir Éirinn.


35 Lán d’ioth, re haghaidh Í Néill,

muir agus talamh taoibhréidh -

créd ma bhfoigheadh na frasa

an ghég roigheal ríodha-sa?


36 Binnide bérla na n-én,

íslide an fhairrge roithrén

- cách re foirneart ngliadh do ghabh -

Niall i n-oighreacht a athar.


37 Dob hí a chomhairle dá chloinn

ria ndol d’Aodh mhór, mhac Domhnuill,

báidh um chongnamh re chéile

dáibh gér orlamh aimhréidhe.


38 “Ní do ísleochadh ibh féin

- mian bhur n-easgcarad eiséin -

ná déanaidh” ar Aodh Eamhna,

“féaghaidh fur gaol geneamhna.”


39 Beannacht Aodha, athair Néill

ar Niall do fhágaibh ainnséin

’s gan labhra d’fhairbríogh ná d’fhioll

do dhamhna airdríogh nÉirionn.


40 Teagasg Aodha dá oighre -

ní théid céim don chomhairle;

fuaighfidh le a ghníomh gach gartmhagh;

tuairfidh bríogh na beandachtan.


41 Niall mhac Aodha, airdrí cáigh,

a-tá i dtairngire Bearcháin;

ní hionráidh nach é bhus fearr

an té do iomráidh Aoibheall. BEAN AR