firstLine"; ?>

300. Bean chaite cheardcha an ghaisgidh $
Length: middling 24qq
Certainty: 5
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA 3 (23/L/17) S. O Murch. na R.1744-
Motifs:
  1. imagery to describe patron
  2. nobility of patron’s ancestry
  3. territory as king’s spouse
  4. Death came at outset of great career
  5. poet’s own mourning
Poet Christian Names:
  1. Muiris Og (RIA 3)
Poet Surnames:
  1. O Gearain
Patron Christian Names:
  1. Muiris mac an Ridire Uilliam
Patron Surnames:
  1. MacGearailt
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Bean chaite ceardcha an ghaisgidh

[RIA 3 (23/L/17), 128b]

Muireis Óg Ó Geráin cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Bean chaite cerdcha an ghaisgidh

fada a-tá ar tí cianaisdir

mairg do-chí an turus-[s]a ag tocht

ní hurusa í d’furtocht.

2 Freamh na cumha cisde an bhróin

cerrta an ghaisge fuair onóir

beg dar linn a deghbhuaidh de

do chinn an anbhuain uirthe.

3 Cearrta an ghaisge dál docra

truagh gan céile codolta

a cleith ní dual mar dearbhthar

truagh a beith ’na baintreabhtha[i]dh.

4 Fiú an tromphudhair thárla dhi

nach nár di truime a tuirsi

millter trá a maitheas ’s a modh

flaithes na mná do mhúchodh.

5 Fá mar tá gá troime goin

saoth liom claochódh a cedfoidh

fulang éigin di-si as docht

ní héidir i-se d’furtocht.

6 Do leagadh a seolchrann sin [129a]

cerrta chertchalma an ghaisgidh

séala as a sealbhthar gach faill

gerrthar a fremha fulaing.

7 Becc a-tá ag iomradh uirre

trom ós árd a hanbhfuinne

ga croidhe nar chreachtnoidh soin

trentoil gach tuile traghoidh.

8 Do sgar ria rath a hanma

an cherrta chaomh chomhchalma

gan luadh diomdha ní díon di

gan briogh ní hiongna innti.

9 Cerrta an ghaisge cumh (?) taom teinn

toisg gá truime credheim

mór an béad ’sa saothbhrón sin

a claochlódh tré éag éinfhir.

10 As é do chlaochluigh a cru(i)th

bás Mhuiris nár thuill tromghu(i)th

cian bhús iomrádh a éag sin

an ghéag iomlán gan ainimh.

11 Gríobh bheodha nár chruaidh croidhe

Muiris mac an Riodoire

trom an easboidh a éag soin

cred acht tesgoimh mur tuigthir.

12 Dreagan díoghalta faladh

saoth liom gan é d’ársaghadh

leóghan gach tochairthe truim

beodhamh cothaighthe an chómhluinn.

13 Bás onchon fhola Geruilt

tuar árdaighthe imnedhuilc

ciodh gan pudhair d’ég an fhir

le béad san Mumhain maidhrigh (medrigh).

14 Onchú áithiosach gach fuinn

beithir chosanta an chomhluinn

do-bheir fá chiaidh chroidhe sinn

a loidhe fa chriaidh chaoinim.

15 Mac Uilliam go n-aignidh n-áir

a Dhé gá díochra díoghbháil

gabhthar mo bhreath uaim-se air

ca nech dob uaisle d’folaibh.

16 Trom an tesgadh croidhe is cuirp

oighe Mhuiris mhic Geruilt

griobh leoghanta air nár luigh locht

beódhalta dil daonnocht.s

17 Truagh bhós nach ar bhuille ga

tárla a bhás nó a bhethas

ar bhuille cloidhimh ghéir ghlain

cér chéim doilidh mur derbhthair.

18 Truagh nach ar uaisle fhoile

do bhí bás an dedhroire

ar díth suain fa ghormlainn ghlain

ar bhuaidh comhlainn ccosgair.s

19 Nó dhá mbeith ar buille spuir [129b]

bás nó betha an óig uasuil

gniomh nár as doiligh a dhul

slán ó roinimh do rachudh.

20 Uaisle menma 7 mire

dá madh díon don deighbhile

ua na ttréd dob fhoirfe dul

a éag choidhche níor chosmhul.

21 Gár mheisde dhuinn a dhul suin

dá ndechadh a n-aois ársuigh

ach ass óige a éag sins

móide gach béad fán mbeithir.

22 Tásg Mhuiris gá mó pudhair

trom an t-ár ar iarMhumhuin

fios a leoin do athghoin inn

marthoin ’na dheoigh ní dhlighfinn.

23 Mac Máire sgoth gach sgoile

onchú an aignidh sheabhcoidhe

móradh na horchra a éag suin

gég thoghtha gacha tochuir.

24 D’oighidh Mhuireis gá mó nimh

do chlaochlódh cerrta an ghaisgidh

fremh an amhluaidh í re hedh

a daghbhuaidh dhi do dhaoirbhen. Bean...