firstLine"; ?>

301. Bean da chumhadh crioch Ealla $
Length: long 45qq
Certainty: 3
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  2. RIA 3 (23/L/17) S. O Murch. na R.1744-
  3. RIA 490(23/N/15)MmcPUiLongain 1740-
  4. Mayn. M56 M. mc P O Longain 18th c
  5. Mayn. B3b ? late 18th c.
Prints:
  1. transl. Ir. Monthly 48, 108
  2. text DiD no. 73
Motifs:
  1. imagery to describe patron
  2. education of poets
  3. poet-patron relationship
  4. Patron’s prowess in battle
  5. withering landscape on death of ruler
  6. general grief for patron
  7. poet’s own mourning
Poet Christian Names:
  1. Fearfeasa RIA 2
Poet Surnames:
  1. O’n Chainte
Patron Christian Names:
  1. Aonghas
  2. Domhnall mac Airt mhic Airt &
Patron Surnames:
  1. O Caoimh
  2. O Dalaigh Fionn
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Bean dá chumhadh críoch Ealla


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 73]


1 Bean dá chumhadh críoch Ealla;

a-tá - ní taom soineanda -

neoil éachta impe re headh,

linnte téachta ’n-a timcheal.


2 Síona corracha ceatha,

saighnéin lonna loisgeacha,

tuile chumhadh ós a ceann

nach duibhe dubhadh díleann.


3 A-tá re hathaidh d’aimsir

’n-a tír dhorcha dhoghailsigh

nar bhean a déarchuladh dhi;

ní bean éanchumhadh i-se.


4 I gcrích Ealla na n-eas nglan

iomdha comhartha cumhadh

táraidh dá tochrádh re treall

gur sháraigh ochlán Éireann.


5 A haibhne i dteirce torchar;

ní trom féar a fanntolchadh;

iúl fraochmhar a slighthe sain;

sirthe faolchon ’n-a fiodhbhaidh.


6 A-tá - ní cumha chuimse -

dá adhbhar ’gá hathtuirse;

gibh bé dhíobh as dimbhríogh dhi

do líon sé d’imshníomh i-se.


7 I nEallaibh d’éis a leonta

aimrid gach craobh cheineolta,

luath ar an gcioth mheasdar mall,

ní easgar ioth ’n-a ionam.


8 Do cailleadh le crích Ealla

- tug dorcha a dreach shoineanda -

tuir iorghuile achaidh Fhinn,

nathair ionghuire a himill.


9 Do cailleadh fós - fada a ghomh -

a mionn adhartha, a hollamh,

caitheamh aimsire a sluagh sain;

truagh an ainnsile d’Eallaibh.


10 Domhnall Ó Caoimh creach brughadh,

Ó Dálaigh díoth ollamhan,

a mbeith mar táid ’n-a dtaisibh

dá chreich an fháid Eallai-sin.


11 Dá leonadh a fhlaith ngoile,

dá bhuaidhreadh a mbanchoire,

dá chúis daghra leasChláir Luirc

dá dhamhna an easráin d’adhuint.


12 Mór as easbhaidh d’iath Ealla,

mór as díoth d’fhuil Oilealla,

dá phudhair luighe gach lis

don Mhumhain uile is éisleis.


13 Díoth dá marcraidh mac í Chaoimh;

díoth dá n-ollamhnaibh d’aontaoibh

- ní léir sreath adhmholaidh as -

creach dá n-adhbhoraibh Aonghus.


14 A-táid mar a-tá an Mhumha

fa ndíth-sin ag déardhubha

beithre fhoraire Fhóid Bhreagh,

sgolaidhe na gcóig gcúigeadh.


15 Gér mhór ag sgaoileadh don sgoil

a n-orchra i ndiaidh Í Dhálaigh,

níor lugha ag deaghail don droing

a gcumha i ndeaghaidh Domhnaill.


16 Ní bhíodh sgolaidhe don sgail

dá mbíodh i mbaile Í Dhálaigh

gan chomaoin éigin ón fhior

d’fhorraoin nar bh’éidir d’áiriomh.


17 Chuige do ghabhdaois trá ag teacht,

do bhídís aige ag imtheacht

go hionbhuidh sgaoilte don sgail,

faoilte ionmhuin re a n-aghaidh.


18 Oide sgagtha na sgoile

’s a gcompánach comhnoidhe

re linn sídh nó i gcailg chagaidh

mairg an tír re a dtéarnadair.


19 Díoth don mholadh, olc don aoir,

bás Aonghusa mheic Amhlaoibh;

saoth don ghaisgeadh líomhtha lonn

an baisgeadh díochra Domhnall.


20 Mac Í Chaoimh ceardcha goile

díobhadh uaisle a fhaonloighe,

áladh doiligh dá gach dháimh,

bádhadh oinigh is easráin.


21 Níor mhian leis an lá do mhair

gan chuaird ollaimh ’n-a fhochair;

an fáidh ó bhfuair gach oideacht

cáir do-chuaidh ’n-a chomhoideacht.


22 Domhnall mhac Airt ’s a ollamh

dóibh is aoibhne - adamar -

béine nar an ar-oile;

gar dá chéile a gcomhnoidhe.


23 A-táthar leo - leor do shníomh -

ar gach thaobh d’fheart na n-airdríogh;

tarthaidh sinne ar ndíobhdhúdh dhe

i ríoghmhúr Cille Créidhe.


24 Sáith Í Dhálaigh do dhamhna

i nDomhnall dreach nathardha;

sáith an donnaghaidh shing shéimh

dar linn d’ollamhain ainn-séin.


25 Suaimhneach dá gach dhuine dhíobh

gan mharthain d’fhulang fairbríogh

i ndiaidh an chomthaigh ro chleacht;

liaigh dá n-orchraibh a n-imtheacht.


26 Ionnshamhail Domhnall dreach bhras

ní dóigh go bhfuigheadh Aonghus;

fa chrích ndaithghil mbraonghlais mBreagh

aithghin Aonghais ní fhuigheadh.


27 Bíoth gur mhaith le mac Í Caoimh

bheith is ollamh d’éantaoibh

meisde é dul d’Ú Dhálaigh

sé ag cur ar a chompánaibh.


28 Do b’easbhaidh duas d’Ú Dhálaigh

díoth céile agus compánaigh

bás an fhialruire shéimh shing

tar féin Fhiadhmhuighe Fhéilim.


29 Is toirmeasg sgéal do sgaoileadh

díoth dréacht agus duanlaoidheadh

fa Chlár nOiligh dtonnmhall dtais

do Dhomhnall oighidh Aonghais.


30 Mór gcompánach croidhe Dhé

do-chuaidh ag iarraidh éigse

- ró doghruinne nar líoth lais -

do dhíoth fhoghluime Aonghais.


31 Gréas marbhnaidhe meic mheic Airt

dámadh beo an t-oide orrdhairc

do snoighfidhe ’n-a ghréas ghlan

gréas badh sgoithghile sgiamhadh.


32 Níor ghuais dí ’n-a dheaghaidh sain

toibhéim oide ná adhbhair;

níor bheag d’fheitheamh, a Dhé, dhi

gomadh breitheamh é uirre.


33 Do bhí - níor bheag do thuigse,

níor ghuth dhóibh é an ionbhuidh-se -

geall gach oide ’ga ucht shlim

a hucht a oige n-inghill.


34 Do nós Í Dhálaigh sa dán

do bhí Domhnall díon forrán

re súr feadh, re feitheamh cruidh,

’n-a bhreitheamh cean is coguidh.


35 ’N-a láimh leadartha biodhbhadh,

’n-a ghríbh chuirthe caithiorghal,

’n-a dhóigh oinigh, ’n-a eo ghlan,

’n-a dhoighir bheo gan bháthadh.


36 Mac Í Chaoimh, cuingidh Ealla,

troigh luaimneach lá doineannda,

bas dána dhíobhraigthe sleagh,

brágha míonmhaicne Míleadh.


37 Ursa troda, túr deabhtha,

fuigheall iarainn aithleaghtha,

lámh éachtach áladh docrach

bádhadh céadchath gcumhacthach.


38 Mac Eilionóir, abhra slim,

ní hé a inmhe acht a inntinn

thug ainm d’iomarcaidh gach fhir

don bhaidhbh iongantaigh éigsigh.


39 Rogha foghluma fríoth lais,

cur feadhma, foghal ionnmhais,

cosg díbheirge cháigh dá chrích,

rímheirge áigh is eissíth.


40 Geall gach oide taoibh re taoibh

mar fhuair Aonghus mhac Amhlaoibh

geall gach ríodhamhna rug sin

ar fud fhíonadhbha Éibhir.


41 Ó Dálaigh an dréachta ghloin,

mac ochta chloinne Carthaigh,

dalta an chróchshlóigh mhálla mhir,

órthóir an dána dhírigh.


42 Bádhadh tnútha, tobar fis,

cosg dubha, dúsgadh áinis,

léaghadh meall nglanrolla ngeal,

ceann foghloma na bhfileadh.


43 Ursa breithnighthe gréas ngill,

sgolaidhe d’ollamh inghill,

altra cháigh i n-ar gceird-ne,

fáidh glanta na Gaoidheilge.


44 Dursan, a Dhé, a ndeaghail ruinn

mh’oide, mo chéile cumuinn;

san gcruth i rabhadar rum

uch nar anadar agam!


45 Géarsam uaibhreach orra sain

mo lucht comtha, mo chomthaigh,

teidhm as tinne do threaghd mé

a bhfearg rinne ní raibhe. Bean