firstLine"; ?>

302. Bean da chumhadh Cruacha Aoi $
Length: very long (over 45qq)
Certainty: 3
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA 540 (C/iv/1) O Maoilchonaire 17th c
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. imagery to describe patron
  3. mercenary soldiers
  4. imagery for kingship
  5. death of patron signals end to peace
  6. patron’s reward in Heaven assured
  7. Incitement to restore true religion
Poet Christian Names:
  1. Maoilsheachlainn (RIA 540)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Eamonn Og
  2. Feidhlim Ruadh &
Patron Surnames:
  1. MacDubhghaill
Apologue Subclasses:
  1. Death of Cuchulainn and Conlaoch
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Bean dá chumhadh Cruacha Aoi

[RIA 540 (C/iv/1), 177r]

Máoileachloinn Ó hUiginn cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Bean dá chumhadh Crúacha Áoi

a tocrádh ní teidhm énláoi

tárraidh sí dhá chneidh croidhe

do-bheir í fá eólchaire.

2 Do bhithneimh chneadh a cumhadh

do marbhadh a mothughadh

a-nos a ré a cabhra a cceart

ní lé achd amhra ’na héisdeachd.

3 Tré oighidh áos a feithmhe

táir comas a ccéimeighthe

ré a linn dab annamh a hairc

do dalladh rinn a radhairc.

4 Ní cúis náir do Chrúachain Chuinn

d’éis a dhá úaithne fuluing

ró a bédchor ar áoi a heasgair

gnáoi a cédfadh gur chailleasdair.

5 Díth cédfadh ar Chrúachain Chuinn

tug bás Fhéilim as Émuinn

tug don chor-sa a cosnamh tím

osna ar osnadh ’na hinntinn.

6 A n-ám coimhéda a céime

táir Crúacha ar áoi a hoilbéime

teachd a ttreisi d’[fh]íoch as d’olc

do díoth na deisi a-dubhart.

7 Na bearnta a mbíodh a faire

fá a lán d’úaithnibh iorghuile

do bhreith chláoin a céime sin

as ráoin réighe dhá rochduin.

8 Dar leat as bean ar bealach

Crúacha an fhúathmhar imneadhach

tarla cóir dháoruidhe dhi

’s gan óigh áoghaire uirthe.

9 Tug cách ar fhúath a hannsa

bíd ría caraid codarsna

a ccléith bhiodhbhadh ag brat uilc

ód-bath ionnramh a hiarmhairt.

10 Ní hiongnadh do Chrúachain Cuinn

dá chinnbhile chlann Dubhghuill

do-rad soirche da seól sin

a breógh choidhche da ccumhuigh.

11 Clann nDubhghuill dreagain lonna

d’úaislibh aicme rioghCholla

luchd buanana or dhoilge dol

buannadha coimhdhe Crúachan.

12 Sliochd Dubhghuill taibhgheóir treisi

díon cáigh ar fhíoch n-aingceisi

mar ríomhthair ratha a solaimh

príomthuir chatha o cConchabhair.

13 Síol cColla Úais nar ob ágh

ní a ttráth fúair Crúacha a ccláochlágh

suinn áobhacla gan chall ccen

a n-ám cháomhanta a céimeadh.

14 Taibhgheóiridh thúis na deacra

branáin bhearna an ghúaiseachda

eóluigh a sírfheadhma sin

leómhain ghnímheallmha an ghaisgidh.

15 Clann nDubhghuill dár dheachair sén

sliochd oirdheirc Eachadh Duibhlén

coin chonfuigh go ccalgghom tteann

onchoin Alban is Éireann.

16 Suinn Mhíleadh mhaicne Cholla

clann nDubhghuill díol urroma

láoich rúaigmheara as cían a ccion

úaidneadha ghlíadh ar ghaisgeadh.

17 Ní nár égruth Chrúachan Cuinn

d’ég chaithleómhan chrú Dubhghuill

táir dhá chailg dár ch(áo)í a cridhe

as mairg do-chí a cróilighe.

18 Dul Fhéilim as Émoinn óig

táir Crúacha cuid dá orchóid

nir léig an tuinn tríthe a-steagh

suinn na críche gur cailleadh.

19 Íar sníomh Chrúachna a mbarr breisi

do bhrígh bháis na beirtei-si

do ghlac an umhal gan oil

da bhrat cumhadh um Chrúachain.

20 Tug san chruth-sa cían ó shoin

d’ég beirte don fhéin Ultuigh

’sa cheóchroidhe tinn a-stigh

dá sging eólchaire um Eamhuin.

21 Dá chneidh ar chroidhe nEamhna

do-rad crúas na cinneamhna

mar do cás tar mhogh na máoith

do bhás na Con is Chonnláoich.

22 Do sráoineadh seól an chóigidh

lér éirigh ann d’orchóidibh

do measgadh meabhair a cath

Eamhain easdadh na nUltach.

23 Aingcis éga a háois faire

catháoir chloinne Rúghruighe

’na clí nir chédmhothuigh sin

gur shní a n-égrothuibh Eamhuin.

24 Suil fúair crádh um Choin cColuinn [177v]

posd fíre a feadhm ndofhulaing

tug luinne a forgháoth tré a froigh

Connláoch uirre ’na easbhuigh.

25 Eamhain Mhacha as íath Uladh

an bheirt chedna ad-chúalabhair

táirid d’iomlat díach fá a dluigh

dá thionnbhrat cíach dá ccumhuigh.

26 Meagh doilghis Eamhna is Ultach

a-tá a ccroidhibh Connachdach

’s ar chnámh a cCrúachain na ccath

ní slán do thúathaibh Téamhrach.

27 Tearc dh’Éirinn ó bheinn go beinn

nach lán d’orchra fá Fhéileim

ód-chí béd a bfaire a fonn

ní fhéd a haire dh’Émonn.

28 Ní hiongnadh dhí ar fhás a holc

máoith choitchionn ar chrích Chonnachd

roinimh a ccréidhim d’Íbh Cuinn

oighidh Fhéilim is Émoinn.

29 Féilim Rúagh goibhneóir na ngal

cáor bhruithneadh cheardcha ccosgar

láoch do thairg díall re a ndocruibh

búdh mairg chían a cConnachduibh.

30 An t-iosdadh ’nar hoileadh Conn

a los oigheadha dh’Émhonn

táir cathchailg chneidhe croidhe

dathmhairg eile eólchaire.

31 An dá mháoith-si muin ar mhuin

mar dhá thuinn d’áontuinn anfuigh

bíd do ghnáth ’na ttuile theann

ag luighe ar chách go coitcheann.

32 Ní d’iongna a luighe ar leath Cuinn

bás dá chuingidh chrú Dubhghuill

nir ní soichaithfe a sén sin

re bél chothuighthe an choguidh.

33 Tearc ’gá mbíodh a mbúaidh bunuigh

ag cosg uilc gach allmhuruigh

d’aibhle a ngníomh gan chall ccuimseadh

ag díon fhann as eaguillsedh.

34 Do mheas ar mhaith na míleadh

fríth leó cumhachd caiptíneadh

a n-aird comhoimhne na cceall

ó chomhairle aird Éireann.

35 Ag díon chreidmhe a ccrúas coguidh

an dá ainm-si fhúaradair

go ttáinic lá a ttarbha a-steach

ní garma thrá nar tuilleadh.

36 Fuil a chneis ar cháomhna ccáigh

tug Féilim Rúagh reachd nemhthláith

a chor nochar chlé a ccogadh

um thol Dé do dhúthragadh.

37 Ní chodhladh ar a chneidh ttinn

Féilim ag comhdha an choitchinn

an séghann do char an cert

do ghabh Emann a aiceachd.

38 Maith do lean lorg a athar

a ttáoibh úaluigh d’iomachar

dá dhul ’sgach dáil fá tinne

ar son cháigh a ccoitchinne.

39 Fiú an mbeathuidh do bhí aca

láoich na ccéimionn ccurata

tar chás chionadh an choguidh

an bás ioghan fhúaradair.

40 Lé foghnamh Dé mar dho dhring

gidh bás do rinn fúair Féilim

cosg gábhuigh nar chrúaidh cridhe

tárruigh úain na haithrighe.

41 Fiú beatha bas an mhílidh

do thuit a mogh mhairtírigh

láoch dab oidiomla ar fhíor sen

ag díon chroidiomna an Choimdheagh.

42 D’Émann dab fhatha sláinte

a ré fhada a n-easláinte

gidh cás orchra dhá fhine

a bhás ongth[a?] is aithrighe.

43 A n-oighidh nir fháth tuirrsi

mas fhíor d’iúl na heaguillsi

gé a-tá cás ag Eirinn ann

ní bás d’Féilim na dh’Émann.

44 Méd a horchra iompa sin

dar leat nir chóir do Chrúachain

láoich nar clé a ccás an choguidh

an bás ní hé fúaradair.

45 An bheatha do thúairsed thall

ag díon chreidmhe ar chath n-eachdrann

ar áoi a tubhuigh dá ttoisg sin

nir choisg da ccumhuigh Crúachain.

46 ’Na máoith ádhbhail le hathuigh [178r]

céidleannán Chuinn Chédchathuigh

’s a túatha ar ttocht a ndoilge

do nochd Crúacha connailbhe. Bean

47 Anasdás Bhasgaifeil bhúidh

mó ina máoith mana a cláochlúidh

a dhá neimh do mhear meisi

cneadh ar chneidh na croidhei-si.

48 Dá thuinn tuirrsi ar tteachd fá a tuinn

do bhás Fhéilim as Émuinn

fiú a mbean dá ndáorfpudhair dhi

nach bean d’aonchumhaidh ise.

49 Beith mar tá ag iomchar úaluigh

gan fhiú an aonláoi fhionnfhuaruigh

fáomhadh ar son Dé a dhochar

a thol ó(a)s é a iomachar.

50 Gá brígh dhuinne a ragh rías

tárruidh d’oideas meic Mairía

a ndíre chás a creidmhe

grás fíre na foigheidne.