firstLine"; ?>

303. Bean da mhac mathair Iosa $
Length: short 15qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. Mayn. C 97 Corc O Cadhla 1583-4
  2. TCD 1340 (H.3.19) 16th c., 17thc. add
  3. NLI G127 R. Tipper 1713-15
  4. RIA151(23/D/13)S. MacSolaidh c1713
  5. Mayn. MF 11 1717
Prints:
  1. transl. McKenna AOD no. xxv
Motifs:
  1. Envoi to saint (Archangel Michael)?
  2. eulogy of patron’s personal appearance
  3. imagery for saint
  4. role of BVM
Poet Christian Names:
  1. Aonghas na Diadhachta (NLI G 127)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. BVM
Patron Surnames:
  1. saint
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Bean dá mac máthair Íosa


[McKenna, L.: Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem 25]


Don Mhaighdin Mhuire


1 Bean dá mac máthair Íosa

máthair do ghabh na grása

lá ar gcean i gcionn an tsíosa

bean Íosa liom an lá-sa.


2 Luibh leighis na dtrí dtairnge

níor dheiligh sí rér seilbh-ne

rug lógh [a cean] tar cuimhne

bean tsuirghe an ógh dá heighre.


3 ’S í na muime ’s na máthair

Rí na cruinne ar a cíchibh

ar síodh is leis do luathaigh

feis nuachair Ríogh an ríchidh.


4 Máthair do fhan dá hiris

a mac lé grásabh geinis

tug lé ar seilbh-ne as a sanais

gabhais eighre Dé ar dheigh-fhir.


5 [Meinn] deirge i ndath a doinn-deor

[...] feirge an (fionn-fhuar)

d’éis luighe lé dá leannán

teannál fuile Dé is dheigh-fhir.


6 Beag an t-iongnadh teacht thairse

bean re hiomchar a hirse

meadh dá súil snuadh an chuisne

dúil luisne na gruadh gheil-se.


7 Lonnradh ó néimh a nua-mhéar

na céibh chonnla mar chraobh-ór

dá láimh mar lile niamh-bhán

grianán cláir nimhe an naomh-ógh.


8 Craobh thoraidh don réim ríoghdha

craobh réidh dá bhfoghair ór-chna

bean tharla ar séad ar saortha

géag naomhtha abhla órdha.


9 A ghein shocair síl Ádhaimh

chosgas an Rígh dá rúinibh

a ghruadh corcra mar chraobh-shuibh

maoluigh uan docra an Dúilimh.


10 Beart daingean damh do imris

don aingeal an tráth tharlais

díon m’uilc tar cóir do cheanglais

a theaghdais óir puirt Parrthais.


11 A ré iomlán ar n-óghacht

ní hiomnár gné do ghrian-fholt

do chaith sé seal ar t’aol-ucht

gur lean daonnacht Dé a dhiadhacht.


12 A réalta iúil an ainiúil

a sdiúir déanta gach deigh-shídh

tú dod ghaol riamh as ra-dhóigh

a chraobh ghlan-óir criadh [ceiníl].


13 Cnú mullaigh aicme Éabha

Muire mo mhaide lámha

is í coill na gcaor mbuadha

saor buana croinn na cána.


14 Déanamh síodh tar olc m’ainghníomh

díon mo locht ar a leanbh-uan

tug mé an méid-se ar a hiomrádh

éisge iomlán gné a geal-ghruadh.


15 Éisd riom a río-mhaoir nimhe

a Mhíochaoil iomchuir m’eire

réidhidh róm cás na gcridhe

mór slighe grás do-gheibhe. BEAN