firstLine"; ?>

304. Bean do lamhaigheadh Leith Cuinn $
Length: very long 60qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster ?
  2. Elsewhere ?
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. Francisc. A 14 early 17th c.
  2. NLI G167 Seamus MagUidhir 1727
Prints:
  1. transl. Walsh, Gleanings p. 29
Motifs:
  1. nobility of patron’s ancestry
  2. Patron’s prowess in battle
  3. Patron’s caithreim
  4. cattle-raiding (creach)
  5. Foreign conquest of Ireland
  6. territory as king’s spouse
  7. Hostages
  8. death of patron signals end to peace
  9. use of legal terms
  10. citation of historical precedents
Poet Christian Names:
  1. Gofraidh mac Briain NLI G 167
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Niall Garbh
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1626
Apologue Subclasses:
  1. Death of Hector
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Bean do lámhaigheadh leith Cuinn


[Walsh, Paul: Gleanings from Irish Manuscripts, sec. ed., Dublin, 1933, 27-52]


Elegy on Niall Garbh Ó Domhnaill


1 Bean do lámhaigheadh leith Cuinn,

ráinig sí snaidhm a fulaing,

fuair Banbha senmóir re seal

ó shen-róimh garma Gaoídheal.


2 Ní measda acht n-a mnaoi bhroide

buime bhráithrech sár-oide,

máthair an fhlaithis, leath Cuinn,

breath nach aithis gan fhochuinn.


3 Antar re hoil gach docra,

leath roghain na ríogochta

díolgha gach domhain re tan,

síona a foghair ar bfuaradh.


4 Altrom dá ttug do thréd Cuinn

don truagh bhocht beg dá shodhuing,

luach eile a n-altruim dá dhíol

n-a eire ós acfuinn d’imshníomh.


5 Fuar don dul sa a daltacht the

d’Art Chliach, do Chormac Bhóinne,

fríth baoghal bhuime an dá mhál,

an saoghal uirre ar n-iompádh.


6 A cíoch do Chairbe Mhidhe,

a hucht d’Fhiachaigh Sraibhtine,

réim soirbh Mhuireadhaigh da a muin,

oilemhuin as doirbh dhíoltair.


7 Cennchais don chur sa fledh-ól

ar iocht Eachach Maoighmeadhón,

fíon nach eochair uaille aniugh

fuair ag síol Eochaidh aimsior.


8 Gabhla gan greim da a mbonaibh,

sailge neirt anallamhuin,

crú an Chédchathaigh cian bhus oil

far thécht-dathaigh fiadh Fionntoin.


9 Fódla fatha go hursain

sesgad rígh don fhrémhach-sain,

frémh laghthach Éireamhóin uill,

méine-shlóigh cathrach crobhuing.


10 An Eóraip ris fa riarach

rí díbh-sein Niall Naoighiallach,

ráinig maighin athar Airt

sgathadh dainimh n-a dhíoghailt.


11 Eruic ó leith Cuinn chliaraigh

a n-ábhacht Néill Naoigiallaigh

téid do chumhra fhréimhe a ríogh,

Eire ar n-umhla dá imshníomh.


12 Cruithnecht dherg gan déis cogail

uaidhe a n-íoc an tseachaidh,

síol ághmhar dhá fhionn-mhac Néill

iomlat nach ádhbhar aittréin.


13 Siansa a bethadh, boill a cuim

éruic lór ó leith sean-Chuinn

cuaine Conaill 7 Eóghain

bodhaing uaille a hinneónaidh.


14 Leth Mogha d’éis na healbha

tarrthaidh tuisle a creidemhna,

leth Cuinn as crainn do tesgadh

ní caill fa t[h]tuinn tarrthasdar.


15 Dígen a drithlenn mbroide

ceilt ar chaill do shocraide,

nochtadh gach fhorlainn d’iath Bregh

Niall Ó Domhnaill fa deiredh.


16 Braon díoghla ó Conaill don chioth

frémh fa dísle ó Niall naoíthech,

cuisle láir ochta Eóghain.

sompla cráidh dá chineólaibh.


17 Ua an Chalbaigh aird ó Es Rúaidh,

ua Seaáin Macha an mhór-lúaigh,

fatha seinme ar druim gach cráidh

oighre an fhlatha Cuinn Cruacháin.


18 Úr an dá chló an ccéin do mhair

síol Néill Chaille, clann nDálaigh,

éan-chuingidh dob archa neirt

d’fhéathluinnibh tagtha an tuaisgirt.


19 Cailg dá bhfuair leath Cuinn cnedhach

an díthchennadh déidhenach,

a díol d’écht ó aimsir Chuinn

créacht do aimsigh a hurraim.


20 Díth dheirennach dá tharrthaidh

ceinn-litir chraobh n-annallaidh,

dúbladh oire dá bfuair cor

do-chuaidh go croide a céadfadh.


21 Niall Garbh Ó Domhnaill do dhul

a ttor ghiall grianán Lundan,

creach ra-domhain do ghabh geall

ar bharomhail fer nÉirenn.


22 Fedh a thérma a ttor an ríogh

foirm Gaoideal gabus dimbríogh,

san tor-sain an tann do-chóidh

dob am osnaidh da a n-onóir.


23 Niall Éirne sul fuair oidhedh

bás dó an tann do tósgnoighedh

da a chuibhrech a nglasaibh Gall

lasair ó Luigdech leghann.


24 An tan ráinig a Ráth Both

géibhenn cniocht cuingidh Dálach

barrthar bang chosnaimh ó cCuinn,

an dol-sain ann ar amhuill.


25 Lá an gheimhlighthe ag na Gallaibh

sníther srian gach Conallaigh,

tiad Eóghanaigh síos mar sin,

ceó-dhubhaidh gríos a ngaisgidh.


26 Ag so an lá ar luige uirre

dár ghabh gaisgedh saor-chuinge

leath Cuinn, is nír cinnedh dhi

filledh don chuing n-a chéile.


27 Mur sgríobhthar n-a sgéalaibh fis,

an lá céadna as cenn oiris

da goid ón tánaidh tréd Bregh

n-a lánaib téd is troighedh.


28 An lá borb ciodhbé ar nár chaill

fios a tacha ag Tír Chonaill,

ó Shruibh Broin go Gulbain Ghuirt

goimh a chumhgaigh do-chonnairc.


29 Na fuinn-sin fhlatha ó cConaill

tug feacht aige, an én-chrobhaing,

dola ro-thinn Rátha Both,

fátha ma ttotha ar ttellach.


30 Don doirb léidmigh laoigh Caille

tarrthaidh tosach mion-roinne,

tir cnoc-sholus na ccladh bfionn,

cottomhus magh as maoilenn.


31 Foithre a sealg i n-a sráidibh,

a hoirecht n-a n-acáidibh,

a taoisigh gan treabha a bprémh,

cneadha an laoigh-sin a leithsgél.


32 Fáth égnaigh ga a haos cosnaimh,

ga a héigsibh, ga a heagalsaibh,

da a los-sain as léir go bhfuil

féil do thosaigh gach turbaidh.


33 Mór ndúthaigh far dhúisg treathan

lá Néill Ghairb do geimlechadh,

mór créidhim nach cailg gan fhios

’s gach aird d’Éirinn dan hoires.


34 Eachtair fhian Seghsa a Sagsaibh

lá a éga san iarnach-sain

gach Gaoidheal-tuir dá méid medh

n-a shaoilechtain téid toirnemh.


35 Mar tug bás Eachtair fhianaigh

oil tugha do Thrói-fhianaibh

ég do ghéig bois-ghil Bhennchair

téid san oil-sin d’Eirennchaibh.


36 Frithbhert Gaoidheal re Gallaibh,

fian Traoi tréimhse adchualamair

san ccorsain le cathaibh Grég,

fachain far chosmhail coimhéd.


37 Gibé tug tús do chogadh

Grégaigh fan Traoi tángadar

sluaigh do-ríomhtha ler dhoirbh cur

sdoirm ro-díochra ar a ruamnadh.


38 Nír choimh-réidh amuig ’s amach

techt is imthecht fian nGrégach,

mór ccuaine táinig fan Traoi

nach ráinig uaidhe an athchaoi.


39 A hucht Eachtair aird mic Prímh

ógbhadh Traoi tuirrthe a n-éisídh

ag techt re trén tegar nGrég

’s a legadh frémh a roighég.


40 Críoch Eachtair le a rugadh rath

táinig do ghliocus Ghregach,

bás mebhla d’inneall re a hucht,

filledh berna ar a beódhacht.


41 Gibé meabhal dar marbadh

mac Prímh fa bras meanmanradh

báire Troi-fhian térna lais

soi-mhiadh a ttérna tumais.


42 Iomthús Grég far gairdech broin

díobh re cailg ar ccur Eachtair,

cinnter leó támhnadh na Traoi

do gleó ághmar an athlaoi.


43 Niall Aiche an tEchtair céadna,

Goill na Grégaigh soighnénta,

an Traoi ar chasmail braoin-iath Bregh,

ar Traoi-fhian gasraid Gaoidheal.


44 Nír lingedh re linn Eachtair

múr Traoi an tionóil guais-bertaigh,

d’inis Banba go bás Néill

do chás ní tarla acht toirléim.


45 Do ba neimní re Niall Garbh

crínad a alt d’fhiaclaib feól-arm

go tarrachtain tíre a sean

d’fhath-bertaibh gríbhe Gaoidheal.


46 Tar a chloidhemh an ccéin rug

ní fríth baogal barr Fánad,

derna fa druim-fhliuch a ccath

um chumhgach ttedhma Temhrach.


47 Fer darb foraois each is slóigh

na lubhghuirt láimh re geal-Bhóinn

’s na fuinn dluta fa ndúin coill

um Búill, um Shuca, um Shionoinn.


48 ’S na céide um Eas Dara an druadh

’s um Choirshliabh Seaghsa snas-fhuar

’s um Chall cCaoin na bfáis-drian bfliuch

’s na raoin san mBráitshliabh mBreifnech.



49 Do ba sealbha ina láimh leis

crodh Echtghas is eallach Iorrais,

Sliabh Guaire is Glenn Righe

fa gerr uaidhe a n-innile.


50 Do ba ní leisen leis féin

cethra Muighe hAoi ar each-réidh,

uair éigin nó a ccrodh ar choill,

nírbh éidir dol d’Ó Domhnuill.


51 Do dhíoladh a nDún na nGall

dáimh Connacht ar chrodh cCuallann

as cléir Chnaghbha ar chrodh aniar

tarbha ar a son do soi-mhiadh.


52 Tráth a loingse at Loch Éirne

Manchaigh chuige ag coimhéirghe

Loch Éirne go froigidh faoi

doighir Éirne ar ar iontaoí.


53 A cCaislén na Finne ar fhíon

minic tug ua na n-aird-ríogh

buar Oirghiall, eachra Ó Maine,

cethra ccoirm-fhian cCaonraighe.


54 A Leithfer an lá fa hóg

minic tug Niall anallód

beithir crobhfhuilech cláir Bhregh

cáir chomhuigheach as chairdedh.


55 Ríomh ar ghon dá gégaibh féin

Conaill, Eóghain, ailt saoir-Néill

léigfed díom, ní dénta dhamh,

díol a n-érca as dob obar.


56 Inghilt natharrdha Néill Ghairbh

ó greis go creich go cath-mhaidhm

riamh ag seilg bhraoin-tealcha Breagh,

nír chreid aon-tengtha an áiremh.


57 Dol go dígenn a bforais

léigfed d’eagla an fhaltanais,

gan fhosgladh dá ndírghe dhamh

sgríbhne a ccosgar ’s a ccomhramh.


58 Niall Súilighe slán re a bhás,

ésga as grian dá chnaoi a ccompás,

úir anoir as da thaobh tig

’s an mhuin araon as aimrid.


59 Cúig bliadhna fiched fuair me

sé chéd ar ccontus mhíle

ó choimpeirt Dé go dol Néill,

nocha cor é nach oilbhéim.


60 Tesda an gart le gríb nEilge,

adbath bláth na Gaoidheilge.

tré aisdrig Ealga na n-eang

cerda an ghaisgidh a ngéibhenn. Bean.