Poem in printable PDF format
Bean fhóireas an
ealadha
[Brian Ó Cuív,
‘The decline of poesy’, Celtica 19, 126-127]
1 Bean fhóireas
an ealadha
ó do thréig Éire
a hineach,
bean mar seo ní
seachanta,
bean ’sa heineach
ar biseach.
2 Bean tug grádh
don ealadhain,
cara gach dáimh’
ar domhan,
beith do ghnáth
dá leanamhain
ní fiach do
rachadh folamh.
3 Cungnamh leis
an ealadhain
do budh dual do
gach duine;
dar leat is ’na
ceartaghaidh
budh dúthaigh
dóibh cur uile.
4 Ó tá druim na
healadhan
is an inigh re
chéile
ciodh nach mór an
mearughadh
do dhuine dul re
héigse?
5 I nUltaibh
an-allamhain
do bhí an
t-eineach do bhunadh;
níor fuilngeadh
dó anamhain
i gCúigeadh
iomlán Uladh.
6 Do diúltadh é
ag Muimhneachaibh
agus i gCúigeadh
Chonnacht;
an t-eineach níor
fhuilngeadair
lé bhfuaradar dá
dhochar.
7 Ní chluinim a
thuarascbháil
i gCúigeadh
leathan Laighean
acht muna bhfuil
nuaghabháil
ar an eineach
nach faicthear.
8 Dar leat is ceó
draoidheachta
atá ag folach an
einigh;
giodh é fear na
haoigheachta
is iomdha fear a
eitigh.