firstLine"; ?>

307. Bean os mhnaibh caich Cailleach De $
Length: long 34qq
Certainty: 5
Period:
  1. 13th ult ?
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy wp
Manuscripts:
  1. TCD 1318 (H.2.16) pseudo�YBL� 15thc.
Prints:
  1. transl. McKenna, Aithd. D. no. 1
Motifs:
  1. imagery to describe patron
  2. eulogy of patron’s personal appearance
  3. comparison of patron with all others
  4. imagery to describe role of poets
  5. education of poets
  6. Material rewards for poetry
  7. patron’s liberality to poets
  8. fertility in reign of just prince
  9. prophecies of a ruler
  10. Female occupations, sewing etc.
Patron Christian Names:
  1. Cailleach De dau. of
Patron Surnames:
  1. O Mannachain
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Bean ós mhnáibh cáich Cailleach Dé


[McKenna, L.:Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 1]


1 Bean ós mhnáibh cáich Caill[each] Dé

mo ráith ghailleach mo tháin taoi,

gé bheath mná an tíre ar mo thí

a-tá sí míle ós gach mhnaoi.


2 Do [shín] a céim seaca suas

a leaca mhín réidh mar rós;

do sní saomná agus a sás

fás gach aonlá do-ní a nós.


3 Dá gach mhnaoi i Leith Cuinn do-chuaidh

gin go reith ar tuinn nĂł ar tĂ­r

gan chor do chur as a sáil

gan sgur dá láimh ag dol díbh.


4 [F]iortach uaithe is iongnadh linn

is luaithe fhionnbhan an fhuinn

dul díbh ag an dódbháin duinn

’s gan tógbháil a buinn mhín mhoill.


5 Iongnadh ’s a mhoille [ag] dol díbh

a son [fa] coinne do-chuaidh;

téid do mhnaoi ainbhféil is fhéil

gnaoi idir réidh ’s aimhréidh do fhuair.


6 Do-chaidh mar do saoileadh sunn

do mhnáibh Gaoidheal agus Gall

lĂłr do dhul dĂ­bh a duais trom

gin go ngluais a bonn mĂ­n mall.


7 Cailleach DĂ© gach dream ga mbiath

gura lé a ngeall mar as ghnáth;

do chosain báidh na dTrí dTuath,

ní luath í ’s do-cháidh do chách.


8 Luath a fĂ­on is luath a lionn,

luath a sĂ­odh is sĂ­odh mo rann,

anathlamh mbas agus mbonn

an donn [chas] mhalachdhubh mhall.


9 Luath cuach go nglaindigh fa ghnaoi,

luath a cruach Ăł Chailligh DĂ©;

tarrla i gceann an einigh Ă­,

ní fearr do bhí i n-Eimhir hé.


10 Cailleach Dé ag dul do na mnáibh

gné na subh is gné [an ghuail]

- fada ó cheilg don mhaillghéis mhóir -

airnéis óir dheirg ar a duain.


11 Ă“ ainnir nĂ­ fhaghaibh saoi

cabhair acht Ăł Chailligh DĂ©

maith ag riar an adhbhair hĂ­.

cabhraidh sí dá gach mhian mé.


12 Cailleach Dé déanam dá dán,

nochon éaronn mé fam mian,

’n-a teagh is meince mo mhaor,

nĂ­r aomh bean reimpe mo riar.


13 NĂ­ hise gach bean ar bioth,

dá lisse do lean an rath,

nĂ­ BĂłinn nĂ­ Sionann gach sruth,

ní hionann cruth dhóibh ná dath.


14 An Chailleach DĂ© [maill]gheal mhĂłr

ní hainbhean acht an té as tréan

an uair do-nĂ­ as a toigh triall;

ní hí an ghrian a-noir gach néal.


15 Cailleach DĂ© an ghrian ard Ăłs fhiodh

dá dtard mé mo mhian dá crudh

cleath ag leith dá toigh mo theagh

ní oil neamh acht bheith ’n-a brugh.


16 Cailleach Dé Dia dá díon dúin;

do sia lé an síodh tar gach sléibh;

inghean Í Mhannachán mhóir

dan cóir rannathán do réir.


17 Go gcuir Cailleach Dé a láimh linn

fa mé an [chráin] ó thuinn do thuinn;

cumthar laoidh a mĂ­onbhuinn mhoill

do dhĂ­oghluim roinn chaoin go cruinn.


18 Cailleach DĂ© an sgiath as dĂ­on damh

ní cliath críon an té rom thogh,

[’s] í as coimhdhe [re] cách dom chrudh

mh’oirbhe [shubh] ar sgáth mo sgol.


19 Cailleach Dé mo lionn ’s mo lón,

muna mé a mionn is mé a maor,

[caomh]ghlac as umhla [rem] dhĂ­ol

[is sĂ­ol saormhac] cumhra an chraobh.


20 Is leomhan Ă“ mBriun an bhean

siur ga seoladh [ar] a son,

sĂ­ol na n-ealta fa dĂ­on damh,

sĂ­ol glan nach ba creachta ar gcrodh.


21 Fóirfidh an mhuir thriaithreach thréan

a diaightheach i suidh an sluagh;

tiucfa gach lĂł feasda an fĂ­on

do rĂł dĂ­ol ceasda tar cuan.


22 Cailleach DĂ© do dhĂ­ochuir ceo

re a ré do na críochaibh cnó;

nocha dol ó mholadh mná -

mol mar tá broghadh na mbó.


23 Do bhlosg [dí] d’fhochan is d’fheor,

cosg na n-othar í is na n-ár,

toirthe millse nach mill braon,

cinn na gcraobh re a linnse ar lár.


24 Cáin ar na cnoibh ní loinn lé,

do bhoing soin a gráin dá gnaoi,

mar nach éar crann ná eas í;

nĂ­ bhĂ­ bang ar meas gon mhnaoi.


25 Cailleach Dé do dhathaigh bhládh,

a Dhé, ga lachaibh gan lúdh;

do fhear ar ochtaibh a ngruadh

corcair as bhuan seadh is sĂşgh.


26 Deargaidh eagla ar a heoch Ă­

nó deoch dá dteagmha go taoi;

álainn an chealg Cailleach Dé,

dearg a gné is mailleach fan mnaoi.


27 Ríoghan na dTrí dTuath dá dtám

díoladh sí ar luach ’n-a luach mhór

fromhaidh ar ndáinne ’n-a dún

súgh gráinne nach oghair d’ól.


28 Minic lem chléir gidh creach ghearr

léim fa a teach mar i dteach Gall,

sgol ’n-a cosdadh ós mo chionn

crodh liom ar rosgadh nĂł ar rann.


29 Cailleach DĂ© nimhe as nua logh

do sua dé mo thighe [ó] a teagh;

téid an mhall chassa fam chion,

mo mhiodh mo chrann bassa an bhean.


30 Ar loch nó ar thír ní thréig inn

ar loch mín téid is ní ar tuinn;

dob Ă© ar [iarr] is nĂ­rbh Ă© a roinn

cliar go n-a cloinn lé sa luing.


31 Cách a-ndeas dá toigh ’s a-dtuaidh

gá feas nach foil ar a tóir

bean is í ga hargain féin

nach [bí] fa réim margaidh mhóir.


32 MĂłr muirear gach bruighne i mbĂ­

fuineadh i n-ór m’ainnre faoi;

táidhe is cian ó Chailligh Dé

’s sé a-niar ó Gaillimh fa ghnaoi.


33 Ise an róimh mhór ós mhnáibh,

dise cóir a lón go léir

ag freasdal oirne Ăł Eas Ruaidh

fuair a-ndeas coinnmhe don chléir.


34 Cailleach DĂ© do dhearg Fionn,

cealg ríogh a gné - gá gné as fhearr?

nĂ­ luath labhras is nĂ­ lonn,

donn a cuach ballghlas a beann. b. o. s. m.