firstLine"; ?>

31. A cholann do-chim gan cheann $
Length: short (14qq)
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. NLI G348 Sean O Fearghail 1895
  2. Harvard O’Byrne MS c.1726< 1622ex
  3. TCD 1288(H.1.14) Aodh O Dalaigh 1750
Prints:
  1. text (LB no. 43)
Motifs:
  1. Patron’s generosity to poets
  2. war with Foreigners
  3. death of patron signals end to peace
  4. patron beheaded
  5. poet’s mourning for patron
  6. almsgiving
Poet Christian Names:
  1. Aonghus Harvard O’Byrne MS
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Fiachaidh (mac Aodha)
Patron Surnames:
  1. O Broin (d.1597)
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

A cholann do-chím gan cheann


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 43]


Aonghas Ó Dálaigh .cc.


1 A cholann do-chím gan cheann,

sibh d’fhaiscin do shearg mo bhríogh

rannta ar sparraibh a nÁth Cliath;

d’éigsi Banbha bhias a dhíoth.

2 Tú an cholann do-chonnairc sionn

ós cionn mórshluagh ad mhionn shúl;

gé taoi a n-ainriocht nuaidhe a-niogh,

dob áirmhioch do chion ar tús.

3 A chuirp oirdheirc dob fhearr clú,

ód-chonnarc thú ad cheithre chuid,

ní bhia an croidhe cédna am chliabh

’s ní bu cuimhnioch ciall mo chuirp.

4 Tú do dhall radhorc mo rosc,

rug luadhaill mo chos ar gcúl;

a cholann do chlaoi mo thrén,

ní chuala riamh éacht mar thú.


5 Cia fhóirfios easbhuidh na mbocht,

nó cia bhronnfas crodh ar chléir?

a cholann ó taoir gan cheann,

ní marthain dob fhearr tar h'éis.

6 Cia ar a n-iarrfuid draoithe duas?

cia ó [a] bhfuighid cuairt do shíor?

o taoi, a cholann, gan bheith beó,

cia chinneóchus ceól ná fion?

7 Ceathra boill brisde na ruag

do-chonnarc uaim a nÁth Ciliath,

dá gcomhroinn ar cheithre spairr

tug mo chroidhe fá dhall chiach.

8 Na boill-sin do bheith gan cheann

tug críoch Laighion na learg n-úr

gan riar deóradh, gan cheól crot,

gan luadh comhlann, gan chor clú.


9 Mairg do-chí césadh na mball

lér ghnáth bronnadh arm is each,

dá bpianadh ag gaillsin ghéir;

mairg tárruidh a ré do theacht.

10 Scél fá mbíd curaidh ag caoi,

boill lúthmhara an laoich ón Ghleann

roinnte ar sparra chruaidhbheann chlach

d’éis claochluighthe a ndath’s a ndealbh

11 Scaoiltioch ortha ó thír go tír,

laoich coigcríoch do-chínn ad dhún;

scaoiltioch bantrocht, scaoiltioch scol,

[is] diombáidh liom a gcor súd.

12 Uch a chinn chnuaisge na gcreach

ó thír námhad lé neart sluaigh.

nách tarla a fhiú d’onóir ort

do cholann do chor a n-uaigh!

13 Sul do-chonnorc féin do mharbh,

a mhic Aodha na n-arm nocht.

truagh mar tharla croidhe am chlí.

nó nách dall do bhí mo rosc!


14 Far-íor ní fhaicfiom go bráth

an troigh lúthmhar ná an lámh gheal,

is ní fhaicfeam choidhche an ceann

dob fhearr cuma, dealbh is dreach.