firstLine"; ?>

311. Beannacht ar anmain Uilliam $
Length: short 8qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult.
Areas:
  1. Connacht ?
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA 3 (23/L/17) S. O Murch. na R.1744-
Motifs:
  1. qualities of patron’s character
  2. patron’s intellectual attainments
  3. poet’s own mourning
Patron Christian Names:
  1. Uilliam
Patron Surnames:
  1. Burc
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Beannacht ar anmain Uilliam

[RIA 3 (23/L/17), 148a]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Beannocht ar anmuin Uilliam

gnúis tséimhídhe sheanguinfhial

fear re mbocht [leg. nembocht] dob uaisle d’f[h]uil

beannocht uaim air [a] anmuin.

2 Ré Uilliam Búrc branán Gall

fá-raoir do chenglus cumann

briste uaidh mo chroidhe am chliabh

tre loighe san uaig d’Uilliam.

3 Miste sinn ar n-eólus air

móide ar ndobrón ’na dheaghaidh

rug geall aigne[idh] ó gach f[h]ior

re caidremh dob fhearr eision.

4 A chaidremh do mheall mise

uch mo thigherna tairise

ní a ndiaig a tharbha a-táim

ó tharla a ccriaidh mo chompáin.

5 Ba file é budh fer dána

budh fer brégtha bandála

do thuill gnaoi dhá ghné roghluin

budh saoi é ’sna healadhnaibh.

6 Budh léaghthóir leabhar ndorcha

ag sin cuid dá chomhortha

rug an fithleóir geall an ghrinn

sgribhnnir dob fherr a nÉirinn.

7 Aoincherd mhaith budh misde nech

acht a-mháin gan bheith suirghech

mairg do chnesghoin a chnes fhial

níorbh fheas d’easboidh air Uilliam.

8 Braon do ghrasaibh an Té as triar

go bfhagha(idh) h’anam a Uilliam

A-men ós a ccriaidh dhá chorp

’na dhiaig do-bhear mo bheannocht. Beannocht