firstLine"; ?>

312. Beannacht chugaibh a Chalbhaigh $
Length: short 10qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Ulster (transplant)
  2. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLI G167 Seamus MagUidhir 1727
Prints:
  1. transl. Walsh, Beatha Aodha Ruaidh ii, 152
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. imagery to describe patron
  3. eulogy of patron’s personal appearance
  4. qualities of patron’s character
  5. nobility of patron’s ancestry
  6. poetic miracle (feart feile, feart filidh)
  7. patron’s liberality to poets
Poet Christian Names:
  1. Muiris mac Briain Oig (NLI G 167)
Poet Surnames:
  1. O Maolchonaire
Patron Christian Names:
  1. Calbhach Ruadh
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Beannacht chugaibh a Chalbhaigh


[Paul Walsh/Pól Breatnach: Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill (Irish Texts Society 42/45, 1948/57); vol ii, 152-5]


An Muiris cénda do rinne don fhear remhráite (Muiris mac Briain Óig Uí Mhaolchonaire)


1 Beannacht chugaibh a Chalbhaigh

ós tú as umhla d’ollamhnaibh

a ghég chumhra do chrú Cuinn

dar dú umhla et urruim.


2 Slán arís do rún croidhe

chugaibh a chleath chumhroidhe

ráinic clú fhéile dot fhuil

as tú mo chéile a Chalbhaigh.


3 A shearc ollamhan fhuinn Bregh

a fhlaith d’fhíonfhuil mac Miledh

a mhílidh gan tár ó thoil

slán da-ríribh dot rochtoin.


4 A phóir na ríogh ó ráith Bregh

as tú an curadh nár cáineadh

a ré lán as uaisle d’fhuil

slán uaimsi da bhar n-adhbhuidh.


5 Ag so an cheird da ttugais toil

sásadh trénbiadh do bhochtaibh

’s gach aoinfhear ag triall dot thoigh

is riar na naoidheadh oruibh.


6 Atáid ionnaibh druim ar dhruim

a chumhdaightheóir chlann cConuill

gan aisdear uaibhsi do neach

gaisgeadh uaisle 7 eineach.


7 Fuarais ó Dhia do dhealbh neamh

gnúis fhaoilidh aigneadh áilghean

cneas shéimh thromdha da bhar ttoil

méin nach dorrdha le deóraidh.


8 A fhlaith amhra do chrú Cuinn

a mheic Maghnais Uí Dhomhnuill

ge tá misi gan buar go bocht

daibhsi buan mo bheannocht. Beannacht.


9 Osí féin an chraobh chiníl

beannacht uaim go hEibhlín

óigbhen chaomh - céim cumhga -

ní léir d’aon a heasumhla.


10 Beannacht uaim tre dhúthracht dhi

fialbhean do shaoirfhréimh Suibhni

ben gan aonolc as ferr foss

do mheall daonnocht ón dúthchos. Beannocht.