firstLine"; ?>

315. Beannacht siar uaim go h-Eirinn (or uaim siar) $
Length: middling 26qq
Certainty: 3
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Scotland
Classes:
  1. misc.
Manuscripts:
  1. RIA1068 (24/P/13) Luan Taidhg 1621
  2. Book of O’Conor Don 1631
  3. RIA2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  4. RIA 743 (A/iv/3) 17th c.
  5. RIA15-24(23/M/25-34)E.O Caoimh1684-
Prints:
  1. transl. Bergin IBP no. 5
Motifs:
  1. poet sends messenger
  2. Envoi to another patron
  3. Envoi to saint Peter
  4. men of art: poets, leeches, musicians etc.
  5. allusion to reading and/or writing poetry
  6. Foreign conquest of Ireland
  7. use of place-names for ornament
  8. description of landscape
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (RIA 1068, BOCD, RIA 2 etc.
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. sname only
Patron Surnames:
  1. MagAonghusa
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Beannacht siar uaim go hÉirinn


[Bergin, Osborn: Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 5]


Fearghal Óg Mac an Bhaird cct


1 Beannacht siar uaim go hÉirinn,

críoch mín sleachta saoir-Fhéilim:

buime ar n-oileamhna is í soin,

ni doidhealbha í ar fhéchoin.


2 Siar ó Albain na n-eas mbinn

beannacht uaimse go hÉirinn:

críoch bhreicmhín as mhín moighe,

seintír mar thír tarngoire.


3 Beannacht go baile Phádruig,

Ard Macha an mhúir mhíonfhádbhuig,

’sgo ríoghDhoire na sreabh seang,

treabh as líonmhaire léigheann.


4 Le díoghrais go Dún na nGall

beannacht nó dhó arís romham:

sí shaoilim do fhóir mh’aicme,

róimh aoibhinn ar n-adhlaicne.


5 Beannacht go hEas rámhach Ruaidh,

go sruth Sligigh ’s go seanMhuaidh:

buaidh tar gach n-innbhear aige,

’s go cuan mbinngheal mBuannaide.


6 Beannacht go Loch Éirne uaim,

’s go Loch Gile an fhóid ionfhuair,

’s go Loch ngeal bhfíonmhar bhFeabhail

na sreabh bhfíorghlan bhfoithreamhail.


7 Beannacht chuca ceann a gceann

go hinnbhearaibh fhóid Éireann:

folchuid siad tráigh le toradh,

ni cáir gan iad d’adhmholadh.


8 Mo bheannacht ós aird uile

go hUlltaibh acht aonduine:

caor slóigh as neambocht aniogh,

mo bheannacht is dóilbh dlighthior.


9 Beannacht chuca, ni cúis nár,

idir fhear is mhnaoi is mhacámh:

laoich fhearchonta as fhiorghlan smacht,

ríoghradh chleathchorcra Chonnacht.


10 Beannacht uaim ’s ní hiongnadh dhamh,

go sluagh mórdhuasach Mumhan:

críoch a riaghla is nár anois,

acht amháin iarla an Fhorghais.


11 Bhós muna bheidís Dubhghoill

san Mhidhe thais thobarmhoill,

tiar ní dhingninn a ndearmod,

an fhinnshlim fhial oirearbhog.


12 Sluagh Laighean nach beag bronnadh,

siad fós gion go bhfacamar,

laoich uaisle go n-ágh n-oinigh,

slán uaimse dá n-ionnsoighidh.


13 Tréd geildearg na ngruadh gcorcra,

beannacht do dhruim dúthrochta

an drong ógnáir fhuair gach geall,

uaim go hógmhnáibh na hÉireann.


14 Ó chroidhe tar fiadh bhfuinidh

beannacht uaim dá n-ionnsuighidh,

lucht dénta na nduan molta,

sluagh brégtha gach bantrochta.


15 A ndearmad dúinn ní dleaghair,

lucht sgaoilte gég ngeinealaigh,

tearc file dá rádh reampa,

grádh mo chridhe an chuideachta.


16 Lucht fóirthe cneadh gan chairde,

beannacht siar tar seanfhairge

ón chrich chuirr fhínfhleadhaigh fhinn

go ríghleaghaibh Fhuinn Fhéilim.


17 Ar mbeannacht do thaobh thoile

go cléirchibh Fhóid Iughoine,

drong shéimhidhe nach borb mbreath,

an t-ord céillidhe cráibhtheach.


18 Beannacht róm, ni rún folaigh,

go lucht an cheóil charthonaigh,

tearc fáidhfhile as fearr fá a bhfuair,

’s go háiridhe a gceann Chiothruaidh.


19 Tar éis gach druinge dhíobh soin

beannacht gus an óigh n-arsoidh,

dán céile Cormac ua Cuinn,

Éire na ndonnbhrat ndíoghuinn.


20 Gorm fallán fér na hinnse,

dlúith a coillte cnóimhillse,

cnuas toghtha is iomdha orra,

tolcha tiorma taobhchorra.


21 Triall uaithe as adhbhar doghra,

snoighthe a cúirte clárghorma,

grádh fíre aca uaimse,

míne a slata saoruaisle.


22 A fágbháil is fáth maoithe,

binn foghar a fannghaoithe,

an ghormBhanbha fá bhfill fiodh,

’s is binn orlabhra a haibhniodh.


23 Labhra a hén gclúimhgheal gcorcra

ní beag do cheól chodolta:

gan mé aniogh san mhín mhaighrigh !

mo chion don tír thobairghil.


24 Mag Aonghusa nár dhiúlt dán,

céd beannacht uaim tré fhíorghrádh

dá mhíonbhais is dá ghruadh gheal,

dual an díoghrais fa dheireadh.


25 A bhille atá ag triall tar tuinn

go feart Chuinn Í Ruairc romhuinn,

a shamhail nior chein a gcorp,

tabhair is beir mo bheannocht.


26 Fear cumainn do char meise

Peadar mo chnú chridheise,

dlighthear dhúin dul ina ucht

do shúil re brugh na mbeannocht.