firstLine"; ?>

316. Beannacht uaim-se go hAilin $
Length: long 33qq
Certainty: 3
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 540c (C/iv/1) O Maoilchonaire 17th c
Prints:
  1. transl. Eigse xiii, 212
Motifs:
  1. poet sends messenger
  2. Envoi to patron’s spouse
  3. imagery to describe patron
  4. eulogy of patron’s personal appearance
  5. qualities of patron’s character
  6. nobility of patron’s ancestry
  7. poet as patron’s spouse or lover
  8. allusion to reading and/or writing poetry
  9. patron’s liberality to poets
  10. Foreign conquest of Ireland
Poet Christian Names:
  1. Conaire Og (RIA 540)
Poet Surnames:
  1. O Maolchonaire
Patron Christian Names:
  1. Ailin mac Alasdronn mhic Eamuinn
Patron Surnames:
  1. MacDubhghaill
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Beannacht uaim-se go hAilín


[Réamonn Ó Muireadhaigh, ’Moladh ar Ailín Mac Dubhghaill’, Éigse 13, 211-20]


Conaire Óg Ó Maolchonaire cc.


1 Beannacht uaim-se go hAilín,

aigneadh séghoinn sochlai[mhín]

fear soilbhir, an séimh nách sean

nach doilbhir céim ’na chaidr[eabh].


2 Míle beannacht druim ar dhruim

mac Alasdroinn ’s ua Émuinn,

an tslat gan chruaidh ’na chroidhe,

’s beir lat uaim dá ionnsoighe.


3 A theachtoire-si théid uaim,

gluais go dilligh ar deaghuair

ar céilidhe - ní docht an dál! -

’s nocht dar gcéili-ne ar gcomhrádh.


4 Nocht-sa dhó tré dhíoghrais rúin

go bhfuil mé - mana fortúin! -

ag seibhionnradh ré a ghníomh ghlan,

an gríobh neimhiongnadh nósmhar.


5 Ná ceil air, cuir a gcuimhne

gur cheangoil ar gcédfaidh-ne

a-nois re hairrdheanaibh an fhir

go mbois mbainleabhair mbairrghil.


6 Teist Ailín - ní hiongnadh sin! -

oirdhearc í eidir éigsibh,

san am-so dá luadh ar leith,

damh-sa ní dual a díchleith.


7 Do-geibhthear - ní cóir a cheilt -

dán is ceól, ól is imeirt,

tuar soimheanma a gcur ’na gceart,

’na bhrugh oireaghdha a n-éineacht.


8 San tír-se ’na dtarla mé,

an daonnacht ar n-ég uile,

beadhg re mbás gan chrithre ad-chím,

acht drithle ar fhás a nAilín.


9 Ailín Mac Dubhghaill, dearc corr,

searc na bhfileadh, fuath eachtronn,

as é an gríobh gan tsár gan tsal.

díon ar ndámh is ar ndeóradh.


10 Díon ar mbaintreabhthach ’s ar mbocht,

díon ar dtruagh, díon ar dtarnocht,

tlás ’na fhéile ní homhan,

sás cléire do chothughadh.


11 Tar éis cháich do chur a-nonn

don Spáinn le héigean eachtronn

a aithghein a nÉirinn níor fhan

ag caithreibh chéibhfhinn Chruachan.


12 Ar mhórdhacht, ar mhéin chaithmhe,

ar dhaonnacht, ar dheaghaithne,

beith dá luadh ní docar dhamh,

’s ar fhocal bhuan gan bhearnadh.


13 Ní mholfainn a chruth corcra

muna bhfaicinn é ionmholta,

ná an chraobh chnuais as fhearr d’Íbh Cuinn

mur gheall ar dhuais ní dhénfuinn.


14 Adhbhor agom dá dhreich gh[il]

nách bhfaicim ann a aithghin

’s a chlú tar chách ar cuimhne,

ní dú gan fháth m’fhorfhuighle.


15 An mhaith nách curthar a gcairt

ní mhair dá héis dá hiarmhairt

acht a luadh go gcaith a cor:

ní buan an mhaith nách moltor.


16 Do-bheir Dia dá gach nduine

an ghlóir shuthain shíorrdhuidhe

mar gheall ar a soighníomh soin,

teann as doighníomh as deacoir.


17 [Do]-bheir sé san saoghal féin

dá gach neach do-ní a dheighréir,

mur as fiú a ghairm is a ghlóir,

cliú agus ainm is onóir.


18 [D]o-ghébha seision mar sin

abh[us] [i]s eidir ainglibh,

as buan an eighreacht don fhior,

luach a dheighbheart ón Dúiliomh.


19 [Ní har mhéid mo dheal]a dho,

ní grádh inmhe ioná eaglo,

- [ciodh gá d]ás mé dá mholadh? -

acht grás Dé dá dheónughadh.


20 [Atá leis] ar lorg na sean

- gnáth gach ealta mur oiltear -

[d’oighr]eacht na fréimhe dá bhfuil

féile is oirbheart easbhaidh.


21 [Feól]fhuil Cholla-dá-Chríoch cain

is fíonfhuil Cholla Uais échtaigh

ag breith bhisigh ’na ghruaidh ghlain,

budh fisidh uaim ré a n-iarraidh.


22 Do foighreadh fás a ghnúis ghlan,

- gach oige mar a hadhbhar -

úr gach aicme don fheadhain,

i súgh mhaicne Muireadhaigh.


23 Fear ceannsa caoin re a cháir[dibh],

fear ainmhín re a easgcáirdibh,

fear gan tlás - gá treise fear? -

- gá dás meise dhá mhaoidheamh?


24 Fear lúthmhar i láibh treasa,

is uathadh dá aos coimmeasa,

fear gan orghráin sémh mur sin,

trén a gcomhdháil ’s a gcúirtibh.


25 Gus an ngéig-si do chrú Chuinn,

a theachtoire théid fá a thuaruim,

ní chluinim luadh ar a locht,

cuirim go buan mo bheannocht.


DOIREANN


26 Inghean Chathoil Chruachan Aoi,

Duireann dhealbhchorcra dhédnaoi,

réidhe ar an gcor-soin do-chím,

cosmhoil ar fhéile is Ailín.


27 Banua an Chroibhdheirg chreachaigh,

ionnua Briain a Bréifneachaibh,

iarmhua Fiachaidh mhic Néill náir,

céim dom fhiachaibh a n-ionráin.


28 Atá a n-imlibh a cúil chais

glanfhuil úr iarla an Fhorghais,

ní cranndo an fhíonfhuil dá uil,

’s planndo don ríoghfhuil Ruarcuigh.


29 Fíonfhuil Chonaill Chuain Doire

isan súlchorr seabhchoidhe

is feólfhuil uíbh Néill a-noir,

méin an leómhain ’na luaghoil.


30 Craobh chumhra do choill thoraidh

banua chinidh Conchubhair,

pór na ríoghraidhe ó Bhóinn Bheagh

dar chóir míonmhuighe Maisdean.


31 Colam ceannsa an chrotha ghl[oi]n

gnúis ainglidhe aignidh iúlmhair,

drithle dan dú grádh is gean,

smál a[r a clú] ní cluintear.


32 Do mholfainn a gruaidh [g]healtais

muna [bheith] eagl[a] an eimhealtais,

acht ’na ceann go [g]cuiream fear,

dar leam Duireann as deighbhean. BEANNACHT


33 A bhean shéimhghlic lé léghthar gach sdair chaoin chruaidh,

an Ghaedhlag go tréitheach ’s gach ealoidhe shuairc,

éirigh go héscaidh gan fhaillidh suas,

’s beir céd bean gan é[da]ch go hAilín uaim. BEANNACHT