Poem in printable PDF format
Beannaigh do
theaghlach, a Thríonóid
[Watson, W. J.
Scottish Verse from the Book of the Dean of Lismore
(Scottish Gaelic Texts Society, Volume 1, Edinburgh 1937), poem 22,
p. 176]
A ughdar so
Giolla Críost Táilliúr Bod an stuic
1 Beannuigh do
theaghlach, Thríonóid,
a Rí pharrthais
phuirt na liag;
do theaghlach
nach gann dod ghuidhe,
thú féin do
dhealbh uile iad.
2 Is duit do
cumadh síol nÁdhaimh,
do ghruaidh
dheirg ar dath na subh;
fhir do
bheannuigh port is pobal,
malluigh do locht
cogaidh cuil.
3 Atá conairt
chursta chuiléan
déanamh uilc ar
clannaibh ríogh;
go gcluineam ár
na gceann nguineach:
is lán gach
gleann duilleach dhíobh.
4 An lucht
cogaidh ar cloinn Ádhaimh,
ó nach féadtar
bheith ’na dtosd,
’na gcealtaibh
choidhche ré chéile,
feartuigh, Rí na
gréine, a gcosg.
5 An lucht
cogaidh ar cloinn Ádhaimh,
do fríoth
Luicifeir ’na lúib:
ná léig fois ná
díon don droing-se,
loisg, a Rí na
soillse súd.
7 Malluigh na
sealga is an mhortlaidh
itheas eich
caoirigh is cruidh,
do chuir druim ré
fód na faithche:
sgaoiltear cinn
an ghasraidh dhuibh.
8 Atá gasradh
mhadadh mhaslach
ar láthair Inse
Alt Airt:
lán trudair iad,
tréig, a Thríonóid,
curstar iad dod
mhíondóid bhailc.
9 Giodh iomdha
craiceann chon allta
againn um
chláirsigh ’s um chruit,
cha teirce
claigeann fuar falamh
againn ón chuain
alla uilc.
10 Athair
Chríost, déan sneachta seachainn
ó Loch Abar go
Rinn Friú;
luaith i
gConghail dá gcorp cnámhach:
oircheas olc do
rádha riú.
11 Gion gur éiric
sin ar searrchaibh
do mhac Roibeirt
na ruag dte,
álach míonmhór na
ngleann ngusta,
is líonmhor ceann
cursta ar cleith.
12 A bhfuil ó
Bheinn Ghuilbinn ghreanta
do mhadradh suas
go sruth Toilbh;
bhíos ar
sealgaibh síos ag suidhe,
deargár ó Chríost
uile oirbh.
13 Go gcluininn
’s mé i nInbhir Nise
míolchoin
ag sgaoileadh na sgonn;
mairg mán iadh
baladh na mbuicneach:
go n-iadh galar
tuitmeach trom.
14 Sgamhach
conach aillse is acais
ar lucht marbhtha
na ngreagh nglas;
Mac Dé le croidhe
nua [...]
snoidheadh an
chuain ainmheach as.
15 Loisg gach
saobhaidh tha i Sídh Chailleann,
a Eoin Stiúbhairt
na stéad mbras,
más fíor uaim gur
sreathach srannmhor
an chuain
ghreannach ghreannmhor ghlas.
16 Ar ghardha
Eoin stéidghil Stiúbhairt
cha léir dhomh
cabar gan cheann,
is iad ar
chollaibh cas corrach,
an chonairt ghlas
mhongach bheann. Beannuigh do theaghlach.