firstLine"; ?>

32. A Cholmain mhoir mheic Leinin $
Length: middling (16 qq)
Certainty: 4
Period:
  1. 14th mid
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA743 (A/iv/3) 17th c.
Prints:
  1. transl. (IBP no. 16)
Motifs:
  1. Antagonism between church and poets
  2. Childhood, education, fosterage
Poet Christian Names:
  1. Gofraidh Fionn (RIA743)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Colman
Patron Surnames:
  1. saint
Apologue Subclasses:
  1. Colman: left art of poetry to Dalach
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

A Cholmáin mhóir mheic Léinín


[Bergin, Osborn: Irish Bardic Poetry, poem 16]


Gofraidh Fionn Ó Dálaigh


1 A Cholmáin mhóir mheic Léinín,

a bhinnegnaidh bhaisghléimhín,

grádh dhuid as dú d’Íbh Dálaigh,

tú ar gcuid dona Colmánaibh.


2 Atá ann eochoir leasa,

cuimhnigh an gcráoibh gcoibhneasa,

ar léim ná léigsi a chara,

dod fhréimh th’éigsi ar n-ealadha.


3 Tú oide an fhileadh ó ttám,

a érlaimh dan hainm Colmán,

as comhrádh as canta amach

Colmán dár dhalta Dálach.


4 Ní bhíadh Dálach ris an dán,

mona bheadh re a chois Colmán:

dobadh léir é ar a oidiocht,

sé in gach céim gá chomhaideacht.


5 Gidh cúich adeir ná badh dleacht

ní ar an ndán - dia do chléirceacht -

ní ceard a n-aghaidh Dhé an dán,

as é do chabhair Colmán.


6 Colmán dá nar cóir neimhshearc,

seal fada lé filidhiocht:

nocha ría badh dáigh a dhol,

monbadh áil lé Día a dhénamh.


7 Ar Cholmán Chluana hairde

do cuireadh an chédchairde:

tug ma cheann druim ris an dán,

fearr an chuing ar ar claochládh.


8 Do ghrádhaigh creidemh comhlán

da bfuair ar nimh Naomhcholmán:

’na hiongnais fhuair a chabhair,

tiomnais uaidh an ealadhain.


9 Fáth ar gcairdis cuirthi a mbrígh

lé Colmán mór mac Léinín:

tiomna Colmáin ar a cheird

tré diomdha an bhonnbháin bhéildeirg.


10 Aigi do fháguibh an dán,

bronndalta do bhí ag Colmán,

an céidfhear ór slonnadh sinn,

ollamh dárbh éigion uirrim.


11 Dob é Dálach a dhalta,

air do fhear a bheannachta:

d’fírfhréimh a sheandalta ó shoin,

beannachta an fhíréin oghnaidh.


12 Maithi mhuinntire Dálaigh,

a ttreisi atá a bfágbhálaibh:

ar fhádaibh an domhnán duinn

Colmán do fháguibh aguinn.


13 Dob oirchios d’aicmi Dhálaigh,

dá ttug éicsi n-édálaigh,

duana do dhérghadh dá ndán

d’érlamh Cluana, do Cholmán.


14 Mar do-radais dhúin ar ndán,

a chomhachtaigh, a Cholmán,

faghaibh cathair mar dhún nDé,

dhúnn ar gcathaimh ar gcéidré.


15 Féch oirn, a oide ar sinnsir,

mon gcathraigh n-aird n-aoibhinnsin:

gabh mé seach gach aon réd ais,

ar gháol an té do thoghais.


16 Ná raibh agad ar n-éra,

guidhim thú go ttaisbéna

do shíol do bhronndalta ar bháidh

bríogh do chonganta, a Cholmáin.