firstLine"; ?>

320. Bearad breith na himreasna $
Length: middling 25stt
Certainty: 5
Period:
  1. 14th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. bardiccon
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
  2. RIA 743 (A/iv/3) 17th c.
  3. RIA1007(23/L/34)M. Newby,T ONeacht.
Prints:
  1. transl. Eriu xix, 89-110
Motifs:
  1. Envoi to another patron
  2. Maxims from law texts
  3. use of legal terms
  4. use of place-names for ornament
  5. medical lore
Poet Christian Names:
  1. Tadhg an Gharadh RIA 467
Poet Surnames:
  1. MacAodhagain (“T. an Ghadhruigh? BOCD)
Patron Christian Names:
  1. Tadhg Og (poet whose name mentioned)
Patron Surnames:
  1. O Briain kg of Munster
  2. O hUiginn &
Apologue Subclasses:
  1. Maoilsheachlainn finds fish with jewel in it
Meter Vars:
  1. Ae freislighe
Poem:

Poem in printable PDF format

Béarad breath na himriosna


[Brian Ó Cuív, ’The poetic contention about the river Shannon’, Ériu 19, 89-110]


Tadhg an Ghadraigh Mac Aodhagáin cct.


1 Bérad breath na himriosna

do fhás fán Sionainn sruithbhinn

eidir Úa mBríain mbinnbhreathach

agus Tadgh Óg Ó hUiginn;

ar thagra na n-inbhior-s[o]in

na Sionna, an cás ad-chluinim,

ceithre laóidhe inmheasda

do-rinni an días ghlan ghuithghrinn;

ní tré easbhaidh inntliochta

ní dhíobh um dhán dá gcuirinn.


2 Acht mar dhlighios deaghollamh

sgéla gach rainn do fhriotal,

an sgél claón do cheartughadh,

cóir do chongmháil ’na hionadh,

inneósad go healadhnach

mo sgeóil um sheilbh na Sionna.


3 Ar chédchúis na córa-soin

uirre ar tús ciodh nach ttiocfainn?

Tosach laó[i]dhe lóghmhaire

airdrí[o]gh Mumhan an mhiodhfhuinn:

“a Shionann Bhríain Bhóroimhe,”

do ráidh sé ris an Sionainn.


4 Ód-chuala na sgéla-soin

Tadhg, éinleannán na héicsi,

cían ó chomhainm éantoighe

rádh Thaidhg ris Ó mBríain mBéirre:

“ná goir an t-ainm cédna-s[o]in,

ní hé a hainm fíre féine;

acht Sionann Choinn Chédchathaigh

í ’s ní Sionann Bhríain Bhéirre.”


5 Ó ré Phádraig pheannfhadghlain

nó go ttáinic Brian Biorra

Éire ríamh gan fhreasabhra

ag Cloinn Choinn nár chreach mionna;

gen gur[ab] leó acht leathBhanbha

do ba leó sealbh na Sionna.


6 Ar Shionainn úir fhochlagaigh

maith agra Í Bhríain an Bhrogha:

Brian dá buain do Lochlonnuibh,

sí ag teacht láimh le Cionn gCoradh,

’s nár fhéad tocht a Connachtuibh

a n-aghaidh na gcnoc gcorrach.


7 Rí Mumhan go móraithne

do ráidh a ráidhfe meisi:

ní a-nois tráth na córa-soin,

as tagra for sháil mbreithe;

do chosain Brian Bóraimhe

an tSionann ribh-si reimhe.


8 A Leath Coinn an gcúalabhair

breath roimhe do bhreith reamhaibh

fán Sionainn gcaóin gcuanlongaigh

is ua Briain Bhinne Balair,

fán mbradán ro bhualasdair

Maóil Sheachloinn mórfhlaith Fabhair,

’s fán gcloich mbúadha mbuantorthaigh

fríth san íasg agá chasgairt?


9 Rug breath SheanGhoill shuadhamhail

d’úa Briain an breac ’s a[n] chlach-soin;

d’éis na breithe búadha-sain

Sionann ní libh-si a labhairt;

a Chonnachta an chruadhchagaidh

glaim na gcon oirrdhearc aguibh

’s a[n] tSionann sháimh shnuadhamhail

ag Cloinn Táil go na tarthaibh.


10 “Tirim fúair tú an cuidiochadh,

a Í Bhriain,” ar Tadhg treórach.

“An t-athair ór thuismiosdair

Sionann íasgiomdha eóghlan,

a breith is a buimiochas

’s a baisdeadh, ceart an t-eolas,

tug sin sealbh is suidhiochadh

na Sionna do Leath Choinn cheólchar;

dlighidh brég a bruidiochadh,

rug an Gall leithbhreith leó-san.”


11 “Éileóchad-sa an leithbhreath-soin

an tSeanGhoill,” ol Maoil Sheachlainn,

“dearbh dlighidh an deighfhear-soin,

gen gurb é flaith an fhearoinn,

goin an éigne eithreghloin

den urchor meóir gan mearbhuill;

léig dó a cheart breitheamhnuis

’na dhiaigh fán Sionainn sreabhuill.”


12 Do Leith Choinn gan indeimhne

do bhean Goill Éire échtach;

Leath Mogha ar a misgnighe

tug a-noir Goill an Bhérla;

a sgéla ní hincheilte

ar an sruth n-íasgach n-énach;

d’éis an sgéil-sin d’innisin

mar as cóir an bhreath bérad.


13 Nír fhás clann san domhan-sa

acht ó athair ’s ó mháthair;

le hathair ní cosantar

a chlann bhós do bhreith Phádraic;

d’éis athar san chomhfhorbas

clann an athar-s[o]in fágthair.


14 As é athair nádúra

na Sionna ’s gacha srotha

gach tobar gan trághúghadh

as a ttigid ar tosach;

d’fhás an tSionann thrághúr-sa

ó thobar a gcrích Chonnacht.


15 Mar shloinntear an mhórchlann-sa

ó Ádhamh is ó Eabha

’s mar tá an Leath Coinn chródha-sa

ó Chonn Chéadchathach chreachach,

Síol Néill, tuir gach mórchatha,

sloinntear ó Níall mac Eachach;

samhail sin ’s na mórshrotha -

Sionann seach gach sruth leabhair -

san mBréifne atá an mórthobar

ór fhás an tSionann shreabhghlan.


16 Ag so corp dá chothachadh

do bhréig ar an nGall ngod-sa;

dílios fíadh gach comhartha

linn féin fíorbhun an tsrotha;

an t-iasg mara bhfoghabhthar

dílios don ghlaic ros gonfa;

nach lais sealbh an tsrotha-sa

an bhreath ní beag a holcas;

rug claoinbhreath ar Chonnachtuibh

ór as leó sealbh an tsrotha

go ndeach fána chomhfhorbuibh,

mar do chlaón san cóir chonnacht.


17 Éimhear Fionn ó bhfuilid-sion

Síol mBriain is maithe Mumhan,

nocha dó do mhoidhiosdar

ná dá shíol ní dhá ndubhart;

don tighearna thuirionta

ór fhás Síol gCuinn na gcuradh

do mhoidhsiod na huisgeadha

lér móradh Sionann sruthghlan;

Síol mBriáin bhías dá cuidiochadh,

ag Cloinn Choinn bhías a bunadh.


18 A Dhé, an é Brían Bóromha

a-dubhart nó Brían Breagha

céidBhrian Sionna slóghgonta?

Do Shíol cCuinn Brian mac Eachach.

Seanathair Cuinn chródhachta

dár chomhainm Túathal Teachtmhar,

é do bhean an bhóramha

do Laighnibh na laóch neartmhar;

linn do bhean an bhóromha;

linn féin éruic ar seathar.

Ón mBrían-soin ’s ón bhóromha

sloinntear Sionann úr Eachach.


19 Ag sin athair aici-si;

ag so a cineadh, ní ceilti:

Loch Cé agus Loch Aillinne,

Loch Teichiod, téad na treisi,

Claonloch is Loch n-Airinne,

Loch Bó, Loch Tarbh, Loch Leisi,

Loch Ríbh, rí na haicmi-si,

’s Loch Laóigh, cían go leithne,

Loch nDairbhrioch, Loch Aininne,

Loch Saóilionn ór shíol Eithne;

géin mhairios an aicmi-si

nír dhligh Ó Bríain a breith-si.


20 A-táid seathra a gConnachtuibh

’g an tSionuinn as trén tuile:

Eighnioch, Búill, ’s na Bona-sa,

Srotha Aillinne uile,

Suca is Forba fhochlagach

tré Mhagh Rámhada ruidhe;

fíor do chách ’s do Chonnachtuibh

TuadhMhumha uile uile;

Eithne, Inneoin, Brosnadhach,

Caimlinn, Bun Cuilionn chuice;

na haibhne ’s na locha-sa

líonas í dh’íasg is d’uisge;

badh í an tSionann Chonnachtach

go ttí an bráth tar gach mbuidhin.


21 Sionann sruth Shíol Muireadhaigh,

gá ttád Dál gCais díar ndaóinibh?

An buinne saor sruithleabhar

cuisle cridhe Chlann gCraóidhe;

cuisle gach cuirp dhuiniota

ón gcorp comshlointear choidhche.


22 A ladhair an lúdaigén

ann ghabhas cuisle an chridhe;

ní shloinntear ón úrghlainmhéir

acht gé gabhar ann isi,

bhail ó ttig a dúthchaisfhrémh

asé a hainm - cuisle an chridhe.


23 Mar sin sódh ar Sionnai-ne,

cuisle chridhe ’nar gcomhar,

gé do-ní sí an siobhal-soin,

sloinntear gach sruth óa thobar;

Connachta an chláir chiomhasghlain

mona agrad móirLeath Mogha

a cuisle as cúis iongantais

d’agra ’s gan agra a colla.


24 Nocha n-abhann chomharsan

Sionann an tsrotha thréinmhir;

ná bíoth an Leath Modha-sa

don tSionainn d’áis ná dh’éigion,

ór ní conair dhrochthagra

do Dhál gCais Leath Cuinn chéillidh

ar fheabhas a hollamhan

d’iomad eólais gá héicsibh.

’S dá ndeach cion ar chothachadh

nach urra Síol Airt Éinfhir?

’S ar gach fáth dá ndubhart-sa

fán Sionainn n-iasgaigh n-éignigh,

biaidh an tSionann thobarghlan

ag cloinn Choinn ó chloinn Éimhir.


25 Bearar go Mac Flannchadha

mo dheaghlaoidh ar n-a dénamh,

do-rinnios um dheaghdhalta

as a leabhraibh do léghus;

coisgeadh sé dhá anntagra

Ó Briain uman mbreith bhérad.