Poem in printable PDF format
Bearradh
geoin
[Mac Niocaill,
Gearóid: Duanaire Ghearóid Iarla (Studia Hibernica, 3, 1963,
7ff.), poem 11)]
1 Bearradh
geoin
tug bean orainne
dar ndeoin;
ní budh romheasa,
dar liom,
folt ar gcinn de
bhearradh geoin. B.
2 Bearradh
geoin:
dar an gclog atá
i gCill Eoin
..................... ..ní ar a leas
tug ar an bhfear
bearradh geoin.
3 Dob aithnid
damsa fear fial
nár bearradh
riamh a .........;
mac Mhéig
Carrthaigh, céin do mhair,
níor tugadh air
bearradh geoin.
4 Inghean
Chormaic is cian uaidh
le Diarmaid do
chuaidh dá deoin;
ní mé luighfeas
clog na mionn
nach tug sé ar
Fhionn bearradh geoin. B.
5 A Mhuire, bí-se
’gam dhíon;
uait do ghabh
Críost fuil is feoil;
do thabhairt is
mé ar do bhreith
oram ná leig
bearradh geoin.