Poem in printable PDF format
Beart chluithe ar
Éirinn éag ríogh
[Mhág Craith,
Cuthbert: Dán na mBráthar Mionúr I, Dublin, 1967, poem
3]
Domhnall Mhág
Carthaigh
Maolmhuire Mhág
Craith no Bráthair bocht Ó Dálaigh cct.
1 Beart chluithe
ar Éirinn ég ríogh;
créd nach cluithe
ar Éirinn uadh?
Dá gach dheirc is
damhna dér;
lén Bhanbha don
bheirt is buan.
2 Beart dár ghar
sgaoileadh na sgol;
beart Gaoidhiol
do char fá chion:
an rí d’Éirinn
mar bhudh fhear,
bean fá chreidhim
í ón fhior.
3 A-tá a ghrádh
im chridhe i gcairt;
is slighe do
chrádh mo chuirp;
ní bheinn ag
boing dhér dom dheirc
acht do cheilt
sgél ar chloinn gCuirc.
4 Mág Carthaigh
do cheil a dtrén;
ar marthain
do-bheir a mbrón;
ní bhíodh dháibh,
go dola an ríogh,
nárbh áil ó shíol
Mhogha mhór.
5 Dá dhula, fa
thuirsi a-táid;
a gcumha ní
cuimsi a méid;
do léig sruth a
theannghuth thríd;
a guth ó líg
Theamhruch téid.
6 Tug sé Í
Chairbre fá chiaigh;
isé rug ar
n-airde uainn;
ar mo losgadh don
linn bhróin,
do-chóidh sinn
d’osgladh dá uaigh.
7 Mac Domhnuill
Ghlais aga ghul,
is lais nach
congbhuim mo chradh;
mé ar síodh
feasta mar gach bhfear
ó theasta, as
eadh fá díon damh.
8 A-tá an chumha,
ar bhfás a fréamh,
gan dula - dá
bhás ní bhiam;
mé an céidsheal
ag cosg na súl;
éigean dún an
rosg do riar.
9 Bíd, fá Mhág
Carthaigh na gcró,
an fád nó go
bhfalchair leo
- tig as gan
loighe go lá -
na mná ag snoighe
bhas go beo.
10 Sgath na
cumhadh aga gcrádh
nó gur dubhadh
dath a ngruadh;
ní deithneas
faghla ná fíon
cheilfeas ar
shíol Sadhbha suan.
11 “Mo dhéra is
comhdhonn dod chaoi”
ré Domhnoll
a-déra mé,
“gur mé an
chéidfhear do-fhuair í;
dá mbí ar h’uaigh
dob éigean é.
12 “A-tá do
chumhra gum chrádh,
an lá bhus lugha
mo bhrón;
a dtug tú do
dhigh don daol,
ar gcrú a-raon do
ibh, ghá hól.
13 “A mhaolchlach
oram rem ucht;
a chaomhthach do
chaol mo chorp;
mé, an uair nach
anabh ar t’fheart,
ag teacht uaim is
m’aghadh ort.
14 “Thríd luighim
is-toigh réd thaoibh,
mo thoil nochan
fhuighinn uaibh;
mé ort lé gach
nduine dhíbh,
ar dtocht don tír
uile ar h’uaigh.
15 “Do-bhéara a
gcora fá chíos
mo dhéra do dhola
i luas;
atáid Gioll
Bhanbha tréd bhás
ag fás tar
chloinn Sadhbha suas.
16 “Síol
gCarthaigh ag teacht réd thaoibh,
ar an bheart ní
faghthair uain;
beiridh file
d’aga ót fhéin
an tslighe réidh
aga ar h’uaigh.
17 “Tugadh dháibh
gach laoi do leac,
tar na mnáibh do
bhaoi fád bhrut:
iomdha bean ag
loighe lat
nár bhean a brat
roimhe rut.
18 “M’fhuil-si
’na déraibh dá dáil
ré frémhaibh na
tuirsi thrín;
créd fá
bhfuighinn cosg ón chléir
’s nach fuilim
féin im thosd tríbh!
19 “Na sluaigh-si
do chin ó Churc
dot uaigh-si dá
dtigh ag tocht;
fuair ollamh a
uain dot fheart
’s ní fhuair
teacht go hollamh ort.
20 “Sgol gin go
dtaidhle in bhur dtír,
gud ghol ar do
dhainmhe dháibh,
achd mé gan
ionadh ar h’uaigh,
siobhal uaibh ní
hé dob áil.
21 “Atáid sin gan
toradh thríod,
mar sin is folamh
gach fód,
tig líonadh
abhann dot éug
is críonadh ghéug
n-abhall n-óg.
22 “Sí an
chéidshealbh, a Dhomhnuill, daoibh
éigean a
chomhroinn réd chléir;
gach céim dá dtug
t’fhile uaibh
ar h’uaigh rug a
chridhe céim.
23 “Teilgthear fá
dheoidh ar bhur ndul
na heoin lé
teinntigh is-teagh;
méraidh an
sneachta ar bhur son
go cor ealta a
frémhaibh feadh.”
24 Isé is damhna
dhúinn -
ní shil ar
n-abhra ar an uaigh;
ní ’na thosd a-tá
dá dheoin:
an lá reoidh ag
cosg an chuain.
25 An chalann do
luidh fán lia,
ó a bhfuil gach
abhann gan eo,
do-rinne ar chách
chreich budh mó:
gan bláth na gcnó
do bheith beo.
26 I n-aghaidh
ionmhaine an ríogh,
dhá ionghaire
adhaigh fhuar;
atá rinn mo roisg
ag reodh;
an deor do choisg
sinn dár suan.
27 Ar dtriall
leis an rígh do Rus,
ní bhím acht mar
ghiall i nglas;
ní fhaghainn
roimhe go Ros;
croidhe a-nos ní
fhaghaim as.
28 Do-cháidh a
hairde as an uaigh;
fá mhnáibh Ó
gCairbre do-chóidh:
folchair an uaigh
ar a fhéin;
na sluaigh féin
do dhorchaigh dhóibh.
29 Siad gach laoi
ar ó Luighdheach Meann;
ar a chaoi budh
chuimhneach sionn;
tugsat fuilt ag
éirghe ann
éimhghe chlann
gCuirc ós a chionn.
30 Mág Carthaigh
mar do mheasg mé,
gan a mharthain
do mheasg í;
fuair deoir fá
doghraing do mhnaoi,
ag caoi Domhnaill
fá dheoidh dhí.
31 Nír sgar an
doigh-si rinn riamh;
do ghoin-si sinn
in ar suan;
doigh, ré a
chlaisdin, do chuaidh thríom -
an taisgidh ríogh
uair an uagh.
32 A beachaibh do
bhean a rioth;
ar fhear do na
ceathaibh clach;
an dubhadh lé
dtéid as-teach
ní léig beach
Mumhan a-mach.
33 Gach lá ag
dubhadh ina dhiaidh;
ní turadh a-tá as
an sín;
cuiridh Cliodhna
tonna i dtráigh,
lé mbáidh longa
tiorma i dtír.
34 Mac Eilísi ó a
bhreith don bhás,
neimhísle in gach
cleith fá chnuas
- neach lé
cumhaidh do-chuaidh síos -
an uair bhíos ar
thulaigh thuas.
35 Ré fleadhaibh
ní hantar d’ól;
’na dheaghaidh ní
glantar gruadh;
d’anáir nochan
fhaghaibh ceol
acht deor
fhalaigh d’fhagháil uam.
36 Ioth san
talamh thíos má tá,
ní faghar a-níos
a-nú;
ní beithte ar tí
chongail chnó;
ní bhí dhá ló ar
chollaibh cnú.
37 Do-chóidh ar
mo neart a-niugh
gan mo chóir do
theacht as-teagh;
ní hurra mé ó
nach mar;
cuma dhamh gi bé
ghá mbear. Beart