firstLine"; ?>

326. Beir eolus duinn a Dhomhnaill $
Length: very long 73qq
Certainty: 3
Period:
  1. 14th mid
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. RIA743 (A/iv/3) 17th c.
  2. RIA5 (23/D/4) 17th c. Munster
  3. Mayn. C113j 19th c. ?O’Curry
  4. Mayn. C87b O’Curry 19th c transcr.RIA5
Prints:
  1. transl. Ir Monthly 47, 283
  2. text DiD no. 74
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. Envoi to another patron
  3. Envoi to saint (Archangel Michael)
  4. poet incites patron to battle
  5. war with the Foreigners
  6. prophecies of a ruler
  7. use of place-names for ornament
  8. citation of historical precedents
  9. citation of earlier texts by name
  10. imirce (migration)
Poet Christian Names:
  1. Gofraidh Fionn (RIA5, RIA743)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Domhnall mac Cormaic mhic Dhomhnaill
Patron Surnames:
  1. MacCarthaigh d. 1391 ?
Apologue Subclasses:
  1. Moses leading Children of Israel
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Beir eolas dúinn, a Dhomhnuill


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 74]


Gofraidh Fionn Ó Dalaigh


1 Beir eolas dúinn, a Dhomhnuill

réidhigheas gach rodhoghruing;

is ceisd oruinn eol Banbha;

seol romhuinn, a ríodhamhna.


2 Ná beir siar, ná seol bu dheas

an slógh trom-sa an tráth ghluaisfeas,

a eomhaighre Easa Ruaidh;

neasa ar seolaidh-ne sor-thuaidh.


3 Seol inn ar ar n-aghaidh soir,

a Dhomhnaill mheic Mhéig Carthaigh,

go faighthe dúin chorrbhláith Cuirc

gus an ngormráith n-úir n-orrdhuirc.


4 A mheic Cormuic an chnis ghil,

beir eol d’Eoghanacht Caisil

is an tír nach fuil fúthaibh;

sín soir is an seandúthaigh.


5 Tighe Gall is gríosadh dhuid

ar láthair phobuil Phádraig;

ionnsaigh sluaigh biodhbhadh ’mun mbrugh

do tiomnadh uain don éarlamh.


6 Is tú oidhre Cuirc Chaisil

ler tógbhadh an teaghdhais-sin;

a eidhre do thocht is-teagh

níor dheimhne Corc i gCaiseal.


7 Créad nach leanfaithea lorg Cuirc?

leasg ón dúthchas do dhíobuirt;

do roghabh Corc an ceannphort,

port ór canadh CaisealChorc.


8 Agaibh fa dheoidh, a Dhomhnaill,

bhias Caiseal cleath anfhorlainn;

do bhréagnaghadh ní huair d’fhior;

uaibh do chéadghabhadh Caiseal.


9 A-tá i dtarngaire na naomh,

a Dhomhnaill na ndearc mongshaor,

gomadh thoir bhós bhar mbunadh;

a-noir ar tós thángobhar.


10 Fuair sinn i Saltair Chaisil

go dtiocfa-sa an turais-sin

d’fhéachain fionnphuirt shuairc do shean

ionChuirc do chuairt go Caiseal.


11 Caiseal Cuirc mhóir mheic Luighdheach

tángabhair - toisg mhearchuimhneach -

ón ráith ghil bhiliodhain bhuig

dar ibhiobhair digh ndearmaid.


12 Do thréig t’oireacht orra sin

tuatha tá i dtimcheall Caisil;

grádh d’fhiaidhghleanntaibh níor dhíor dháibh

fíon ar iairleanntaibh d’fhágbháil.


13 A Dhomhnaill Óig, a ucht bog,

dá chúis athroighthe agad:

fearr suth na talmhan tréigthir

’s is guth adhradh d’fhuairshléibhtibh.


14 Fuinn chaomha Caisil na ríogh

ní críocha dan cóir dimbríogh;

na seacht dtuatha déag do dhol

ar séad uatha do b’iongnadh.


15 Seol is an slighidh chéadna

sinn, a bharrchais bhaisghéagdha,

mór an brad a seachna sain,

lór fad ar ndeabhtha ór ndúthaigh.


16 Aigillte dhuit, a Dhomhnaill,

d’fhóirithin ar n-anfhorlainn

an chúis-sin go gcuire i mbrígh

do thúisigh uile is t’uirrígh.


17 Do chóirighthibh taoiseach dtrom

is é líon leanfas Domhnall

a seacht déag do dhíon Mhumhan

go líon gcéad gach córughadh.


18 Taosga is réidhighthe reampa

ná as gluaisde, a ghnúis naoidheannta,

mearghroigh nó buar bhar mbrughadh

a gleannmhoigh fhuar IarMumhan.


19 Ní fhuil as so go Sliabh gCrot

- Dia [dá] réidhioghadh romhat! -

achd muir ar n-éirghe anfaidh,

a thuir Éirne, d’Allmhurchaibh.


20 Imirce Mhaoise tar muir

gá tabhairt ’n-a tír dhúthaigh

dar thráigh an Mhoir Ruadh rompa

re shluagh soin ba samhalta.


21 Oireacht Mhaoise mheic Amhra

i n-éagmhais a n-athardha

ba cian, a shlat Bhanbha, i mbroid

mac Amhra nó gur fhuasluig.


22 Clann Israhél re headh gcian

i gcrích Éighipte ar ainrian;

go ceann a mbróin ’s a mbroide

níor ghearr dhóibh a ndochruide.


23 Dar cabhradh le Maoise mór

do chumhachtaibh Dé an deaghshlógh;

rath as mhó ní fhuair oireacht

a mbuain dó dá ndeoraidheacht.


24 Meic Israhél d’fhurtocht dó

Maoise thríd i dtigh Íosa;

tre bhuain a ndaoirsine dhíbh

saoirsine fhuair ón Airdrígh.


25 Sluagh na hÉighipte ’mun am

rí orra darbh ainm Forann;

rí nar lean don chreideamh chóir

ní leigeadh seadh i seanmóir.


26 Forann mór - meisde a sgéala -

níor léig go Dia a dheibhléana;

urramhas nachar dhluigh dhó

do chuir d’urradhas orra.


27 Maoise do bhrígh na beirte

tug d’fhágbháil na hÉighipte

ar an raMhuir ríoghdha Ruaidh

aghaidh a dhíorma dheaghshluaigh.


28 D’fhóirithin phobuil Dé dhi

slat bhuadha do bhí ag Maoise;

maith an bhuaidh do bhí ar an tslait;

na sluaigh is í do anaic.


29 An mhuir shriobhuaine shrothach

do thráigh mar mhuigh míonsgothach

mar fhuair ó ghlaic bhairrghil béim

do shlait aingligh an fhíréin.


30 D’fhosdódh muinntire Maoise

do-chuadar - céim robhaoise! -

a shlógh is Forann féine;

fa torann mór míchéille.


31 Ó’d chonncadar an ród réidh

tre iomdhomhain an aigéin

gabhaid rian Maoise san mhuir;

do budh triall baoise is baoghail.


32 Do thráigh an Mhuir Ruadh roimhear

don chuideachta Críosdoidheadh;

don lucht nar thuill níor thráigh soin,

do bháidh an druing ’n-a deaghaidh.


33 Mar do bhuail Maoise an Muir Ruaidh

don tslait le rug gach robhuaidh

sdiuir, a Dhomhnaill, na sluaigh soir

buail do ghoirmloinn ar Ghallaibh.


34 Neart Gall, a mheic Mhéig Carthaigh,

ní hinléigthe ar Eoghanchaibh;

rug Maoise a mhaicne tar muir,

a-taoi-se ag aicme Eoghain.


35 Clann Eoghain [ . . . . . ]

cineadh mar chloinn Is-raihéil

do ghaois-se a broid ag a mboing

mar Mhaoise dhoid, a Dhomhnaill.


36 Ná fuilngidh [feasda] reamhaibh

ní as fhaide ná d’fhuilngeabhair

Mumha ag dreim nachar dhúla

’s bhar gcura i n-eirr iargcúla.


37 Madh sibh-se a-nois do-ní an roinn

cuimhnighthe dhaoibh, a Dhomhnoill,

an Mhumha gan a roinn ruibh

Goill dá bhar gcura i gcumhaidh.


38 Ód ghleo, a Dhomhnaill, is Danair

ní bhia d’eagla Allmharaigh

neach, a rí finn[Eithne], fúibh

ar tí imeirche i n-iargcúil.


39 Cuirfe re caladh nDairbhre

’s re cuan mBéirre mbeannghairbhe

’s re Corca Duibhne do dhruim

’s re porta Uidhne áluinn.


40 Tréigfe ar Chaiseal na gcorrphort

íochtar Cua do chéadlongphort,

cuan arab neamhfhaghlach neach

’n-a mbual leabharLoch Luighdheach.


41 Gid ’gun loch-sain na learg nglan

rugadh thú agus do tógbhadh,

fada ó bhruach Lacha Luighdheach

racha is ní d’fhuath IarMhuimhneach.


42 Do ghabháil Mumhan móire

sochraide throm thionóile;

tig dod thairm, a thuir Luimnigh,

na bu th’ainm duibh DeasMhuimhnigh.


43 DeasMhumha ’gá dúthaigh féin

léigthe, a Dhomhnaill Óig airmghéir;

’s is tréigthe ar iathaibh as fhearr

sléibhte iathair na hÉireann.


44 Dream danab dual do bhunadh

dá Eoghanacht IarMhumhan

léig dóibh seandúthaigh a sean;

neamhmúchaidh ghlóir na nGaoidheal.


45 Magh gCoinchinn, Corca Dhuibhne,

’ga ndúthaigh féin fágbhaim-ne;

mó as drumchla a sáimhríghe sin

tulcha cláirmhíne Caisil.


46 Léig d’iarthar innse Banbha

dá gach fhior a athardha;

sín go corrmhaoilinn gCaisil

ngormaoibhinn mín mallghlaisigh.


47 Beir, a Dhomhnaill Dúin Innbhir,

t’oireacht go n-a n-imirghibh

san iodhainleirg bhfleadhaigh bhfinn

n-ealaigh n-iobhairdheirg n-aoibhinn.


48 Bhar gcuirn bhláithe is bhar mbrannaimh

cuimhnighthior do chéadarraibh;

ní ba socht dáibh i ndún Chuirc

sa mhur mar tháir a dtabhairt.


49 Tar Carrthaigh, tar cuan mBeithbhe

cuir aghaidh na himeirche,

tar cuan Leamhna, tar Loch Léin,

a sgoth Eamhna, bhar n-eichréidh.


50 Seach Ciarraidhe don taoibh theas

tre Mhagh gCoinchinn na gcraoibhleas,

tar seanLuachair síl Deadhaidh

mín ngealbhruachaigh ngoirmshreabhaigh.


51 I gceann Ó gConaill Gabhra

dod chóirighthibh cathardha

tar Claonghlais daoibh ’n-a dheaghaidh

tar Daoil mbraonghlais mbáinealaigh.


52 Do Dhún ard Eochair Máighe,

d’imlinn Mumhan míonáille,

ruag shiobhail nar cháir do cheilt

tre Mháigh an Iobhair oirrdheirc.


53 Do Loch Goir gar do chabhair,

do Shídh áluinn Eoghabhail,

d’Áine an mhúir thirmleasaigh thais

dúinn gan imreasain eolais.


54 Lámh dheas re hImleach n-Iobhair,

lámh chlé re Cliaigh bhfóidiodhain,

do sheanChruit Cliach nocha cam

agus d’iath ghealchnuic Ghrafann.


55 Seoch Machaire bhfionn bhFeimhin

don laochraidh nach lingfidhir

i gceann beoil brogha Caisil;

rogha an eoil an t-eolais-sin.


56 Ráith Caisil, a chraobh Ealla,

budh í ceann bhar gcoimhleanga;

budh lucht meanman airde ibh

i ngealbhrugh chairrge Caisil.


57 Ag carraig Caisil na ríogh

cuirfe tar ais a n-imshníomh,

na seacht dtuatha déag-sain di

uatha ag déagsain a ndúithche.


58 Cuir gach taoiseach ’n-a thuaith féin

do thuathaibh Caisil chlaidhréidh;

ar áitibh treabh a sean sin

sáithtir teagh gacha thaoisigh.


59 Suidh féin dá choimhdhe ar cheanaibh

i ndúin Caisil choirrshleaghaigh;

dún ris nar dheala dhún druim

gur mheala an dún, a Dhomhnaill.


60 Duit as cuibhdhe cró do shean,

uime nach anta ó Chaisiol;

tú as cródha i dtroid ’s i dtealaigh;

doid is córa creideamhain.


61 Is í tuigse tuigthear dhamh,

a mheic Mhóire ó mhúr Cruachan,

gan t’aithghin do dhúil duine

don úir thairthigh thalmhuidhe.


62 Mar chubhar dtuinne do thaobh,

nó mar bhláth n-abaidh n-órchraobh,

mar smual dá gcuirthear crithre

do ghruadh chruithgheal chrithirthe.


63 A-tá cathair chaolaigh dhuinn

ós do ghruaidh dheirg, a Dhomhnuill,

rosg ar dhath gloine guirme,

a sgath Moighe Modhuirne.

64 Tearc do chommór, a chinn Bhreagh,

ar sgaoileadh each nó áirgheadh;

is ceart choingeobha an dá chuing,

tearc do choimbeodha i gcoluinn.


65 Ar n-a coinnmheadh ar do churp

a-tá, a Domhnuill, an daonnacht;

gan daonnacht ann nochan fhuil

aonalt ná ball dod bhallaibh.


66 A mheic na ríoghna ó Ráith Chuinn,

a Dhomhnaill mheic mheic Dhomhnuill,

teannaidh as an tír i-le

ná bídh i mbeannaibh Béirre. Beir.


67 Beiridh th’inneach iul do dháimh,

a inghean shúlghorm Sheaáin,

a bhláth clúimhfheadha cheiníl

a úireala, a Aibhilín.


68 A Aibhilín nar éar sgoil

mar do chosnais clú an tsaoghail

a bhreath don bhocht do-bhire

go nach beath ort oirbhire.


69 Beir dhúinn, a Dhomhnuill oile,

eol fa Inis Laoghaire,

a Mhéig Carthaigh Cláir Ghaillmhe,

cáir carthain do chonnailbhe.


70 Beir eol dúinn go dún Caisil

ar taisibh na tolchai-sin;

líon a táith, a Bhuadhaigh, bir

gus an ráith sluaghaigh saidhbhir.


71 Féadthar, a Thaidhg, gan teacht soir;

thiar a-tá do thír dhúthaigh;

ní teachta dheit linn i-le

ar eachtra, a mheic sheing Shaidhbhe.


72 A-tá ag éigsibh Innse Cuinn

eolus do dhúin, a Dhomhnuill;

t’ór, a Í Chaoimh, ní cheile,

’s is mór dhot aoibh t’oirbhire.


73 Beir eolus díreach damh-sa,

a naoimhMíchíl neamhfhallsa

don chathraigh óghaigh aingligh

shlóghaigh rathmhair ríoghshaidhbhir. Beir