firstLine"; ?>

328. Beir oirbhire uaim go hAodh $
Length: middling 16qq
Certainty: 3
Period:
  1. 16th ult.
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. apology mp
Manuscripts:
  1. RIA 626 O’Curry transcr. of Bk O’C D
  2. Book of O’Conor Don 1631
  3. RIA2 (23/F/16) O’Gara MS1655- (index
Motifs:
  1. poet sends messenger
  2. Envoi to another patron
  3. poet insulting patron
Poet Christian Names:
  1. Eochaidh BOCD
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa
Patron Christian Names:
  1. Aodh
Patron Surnames:
  1. O Ruairc
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Beir oirbhire uaim go hAodh

[O’Conor Don, 284b]

O hEoghus[a] .i. Eochaidh cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Beir oirbhire uaim go hÁodh

cuir a cceill da chúl géugcláon

nach robhuidhech inn don fhior

comhuidheach sinn nó seision.

2 Beir uaim gur hinnisedh dhamh

comhráite bus cúis diomdadh

gnuis oirnidhe dar cláon coill

oirbhire ar Áodh da bfédoinn.

3 Dán do dhealbhus da dhreich sháoir

más fíor r(i)o-m tugadh tatháoir

le cách am deaghaidh don dán

as fáth fa ndleghair diombhá(i)dh.

4 Gar bheg dhóibh dar ndán do ghuth

mar a-dubhairt Brían Ballach

m’ainm thuas osa chionn do chur

dar liom ní dúas nár díoghladh.

5 Do-rinnes dithcioll dána

da gnúis dhilligh drechmhalla

trúagh gan é da fhéughun ruinn

an té a-déuradh nach díongnuinn.

6 Ni dhiongnainn do dhruim ceille

dán dobudh díol toibhéime

do bhíodhbaid mhúir chladhbháin Chuinn

dob adhnáir dhúin da ndernuinn.

7 Fiú a mhionca tigid da thoigh

róighne súadh chríche Cobhthoigh

do sdúaigh finnÉirne an chúil chais

gurbh indheinmhe dhúin díograis.

8 Áodh Ó Ruairc rún gach cléire

bíodh go mbeimis inbhéime

ní budh foláir d’aobhdacht ann

gan áonlocht d’fagháil oram.

9 Beg do bhrethnaigh nír bhen rinn

nír smúain Áodh ní hé a-deirim

sdúaigh bhunnglan le mbí gach fer

ní da ndúbhradh do dheineamh.

10 Gidh edh as olc do-rinne

d’fheirg no d’áobhdhacht inntinne

slat cloidhÉirne nár cláon cert

ar ttoibheim-ne d’áon d’éisdecht

11 Ní fhédmáoid-ne an t-áos dána

bíoth go mbeimis diongmála

feirde ar cciall fa nderbtur dhamh

srían re ttengthaibh na ttúatadh.

12 Acht so (a-mháin) tráth da ttigedh díom

ní mor d[o] éisdfinn d’fairbhríogh

d’áos dána mar as dóigh linn [285a]

os dáib as cara ar coinntinn.

13 Da bfaghainn fer dá derbad

a mesc fhiledh oigedglan

ga ttám ní budh doibein linn

toibeim ar dán da ndiongnuinn.

14 Beg mo chás in ar ccúis féin

maith liom nach ollam aigmhéil

do-chúalaidh a ccualaidh me

d’úamhain úabhair na héigse.

15 Gach ní dár haitrisedh air

ádhbur ríog [fh]reimh[e] Ferghail

ní bhía me díomdhach da druim

’s nach é h’ionnlach do fhédfuinn.

16 Rem dhán-sa ní dhiongna sin

slán iomslán d’Áodh Mhág Uidhir

bas sháor nar chlódh ó chiontaibh

dáor an t-ór ’ga aithenntuibh. Beir...