firstLine"; ?>

329. Beireadh easaonta d’fhuil Cein $
Length: long 38qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. O’Hara MS c. 1597 with additions
  2. RIA 72 (3/B/14) trscr. < O’Hara MS1826
Prints:
  1. transl. McKenna, Bk O’Hara no. xviii
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. patron’s liberality to poets
  3. The dangers of being satirized
  4. mercenary soldiers
  5. spartan life of warriors
  6. fertility in reign of just prince
  7. king’s officers
  8. tribute (cios, cain)
  9. High-kingship of Ireland
  10. sickness
Poet Christian Names:
  1. Maghnus Og m. Aodha m. Domhnaill Chaim
Poet Surnames:
  1. O hUiginn (O’Hara MS)
Patron Christian Names:
  1. Cormac mac Cein
Patron Surnames:
  1. O hEadhra d. 1612
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Beiriodh easaonta d’fhuil Chéin


[McKenna, L.: The Book of O’Hara, Dublin, 1951, poem 18]


Madhnus Óg mhac Aodha Meic Dhomhnoill Chaim Í Uiginn .cc.


1 Beiriodh easaonta d’fhuil Chéin;

d’easaonta ní fhuil ’n-a ndiaigh

nach bí a ndíon ’n-a bhfoltoibh féin;

síol gCéin ní gontoir a ngliaidh.


2 Síol gCéin gan fhaloidh gan fhíoch

gá réir nar thabhaigh dá ttriath?

díol sein ’n-a ndearna dhá ndíoth

do-gheiph síoth Í Eadhra dh’iath.


3 Mór ndaoirchean ndoilidh ’n-a dhiaigh

nar saoileadh do shoighin shídh,

rí ’n-a cheann gan chabhair hslóigh,

tóir as fhearr ler thabhoigh thír.


4 Laoich ag géarughadh chleath gcaol

gach treabh fa éanomhan uadh;

do-rinne toil na tTrí tTriar

an chliar do bhí ag goin a ghruadh.


5 Fiu an aisgidh do chuir le cléir

a ghoin a n-aisgidh nach bhfuair,

díol a érca dh’ighibh óir

do-chóidh dh’fhilidh échta uaidh.


6 D’éis a échta um fhionnmhagh n-Ír

dob iomdha déra gá ndáil;

cuirid laoich ós línibh cuaigh

maoith fa uaigh mhílidh ar mnáibh.


7 Go cneadhoibh ní léigthear liaidh

a n-éigean go mbearar buaidh;

do dheithfir fheadhma ar fhuil Táil

narbh áil goin Í Eadhra dh’uaim.


8 Ní adoimh deaghdhath re ndáimh,

ní casmhoil is Cormac féin;

ag so a bhfoil gan adhnadh uaidh,

goil a ngruaidh fhoghladh ní éir.


9 Cáin ríogh gach talaimh dhar tháith

mar dhíol a sgoltaibh a sgéith;

do caoineadh uaidh an t-éacht laoich

le bhfuair ghaoith dá chréacht a gcléith.


10 Rí dob eighir ar iath n-Ír

’n-a gheimhil nó gur dhiall dáibh,

go díol fhiach a fhileadh féin

triath ag féin Lighean a láimh


11 A gcumhoil ó othar fhuair

a thochmhare le tuloigh mBriain;

beith ba fhleigh an bhrogha ós Bhóinn

do fhóir neimh a ghona ón ghliaidh.


12 Mór n-eachtra nach adhthur rúin

ar Chormac fa cheantoibh cáigh

sgeoil naoidhi dá gcleith ag cléir

go breith ar fhéin Daoile dhóibh.


13 Dob fhiu in cleachtadh faghla fuair

nach beantar le hadhbhaidh n-Ír;

sirthear le fear ceart í Chéin

do bhean chéill do theacht a dtír.


14 D’fhoghoil a gcleachtadh do chuir

don eachtra go ttabhair toil;

nó gur sireadh triall do thoigh

nir loigh riar an fhileadh air.


15 Aoidhe ní fhuidhe ’n-a ndiaigh,

na maoine chuirid le cléir;

doilidh boing fa dhuais do dháil

is guais re ndáimh ar chloinn gCéin.


16 Ná bí feasda dh’adhbhuidh fhuair;

do neartsa tharrla ar gach taoibh;

do cuireadh fear h’adhbhair uaibh

do bhuain chean dá gabhloibh gaoil.


17 Tiltear le neart Inis Ír,

as a cheart do dhlighis dóidh;

ní bhéarudh sein bhreith le báidh

fáidh a-deir do bheith ós Bhóinn.


18 Mór bhfoghluidh ’n-a orroidh uaibh,

a Chormaic, le gceangoil tír;

tarraidh triath dot fhaloidh n-óir

gur thabhoigh chóir ar fhiath n-Ír.


19 Sgeoil t’fhoghla ag gach duine dhíbh

ar shuidhe san adhbhaidh fheoir,

suan ón bheirn san oidhche ar hféin,

a bhfeidhm féin ag coirche cheoil.


20 Goin budh roibheag ar áth n-áidh

a hoiread gan táth dá thír,

gan tarbha a ngoin t’fhoghluidh dh’uaim,

mar soin dar fhuaidh d’adhbhaidh Ír.


21 A nguais t’adhnoidh ní tearc tír,

a Chormuic nach cleachtann chlúimh,

uaimh hsídh do fholoigh ar hféin

ní léir tír ó dhoighir dhúinn.


22 Lucht eolois mar thriallae a ttráigh

’n-a ndeoraibh fa chliathmhadh Céin

ag so a bhfoil gan adhnadh uaidh

goil a ngruaidh fhaghladh ní éir.


23 Iomdha airrghe foghla fúibh,

a Chormuic ler toibhgheadh thír,

ní leigeadh daoibh h’aphra dh’uaim

na saoir do fhuaidh adhbha Ír.


24 Roinn choinnmhe ar thobroibh ós thráigh

dot obair, a oighre Céin;

iongnadh le mílidh airm óir,

gairm óil bha fhírshreibh ar h’fhéin.


25 Dóibh ar-aon as ionann méin,

a ngaol ris an sriobhmhall sídh

cosmhail í ret ealta shlóigh,

ní bhí Bóinn re teachta a dtír.


26 Cleachtthor an t-éagnuch ar h’fhéin,

gach énshruth a n-easbhoigh lúidh,

maoidhidh fear tar aisgidh n-óir

an tsreabh fóibh d’fhaigsin a húir.


27 Gan chómhlot oirir dhar fhuaidh

do Chormuc as soighin sídh;

srotha tiorma ag triall ó thráigh

do bháidh do dhiomdha ar fhiadh n-Ír.


28 Tar fionnshruth feacthar a mbarr

do cleachtadh na bhfiodhbhadh pfionn;

ar ndol tre chíghibh cíogh gcorr

braon trom ’n-a línibh ós lionn.


29 Faoidh bhionnshruth a ccomhar chiuil

le foghar iongnadh gach eoin

geall re haisgidh na sreabh sídh,

fear lín ag claisdin a gceoil.


30 Maoir thobhaigh ar hsealbha a hsean

d’Ó Eadhra nach cogoil crodh,

aithreach ar fhiar d’fhéigibh feadh;

rian na sreabh ní héidir dh’or.


31 Siad ar ceilt um oirear n-Ír

na hoirimh ar mbreith a mbuaidh;

nuall treaphthoigh ag cosg a gceoil,

eoin ’n-a ttosd ós thealchaibh tuair.


32 Caithfid dola a n-aisgidh uaidh

na srotha a ngaisdibh ag gréin,

ar áitibh sreabh achaidh Ír

fear lín do dhathoigh a dhéoir.


33 Croinn toraidh an mhuighe ós Mhuaidh

do chobhair mar chuirid súil,

ní dhligh guidhe re cloinn Chéin,

coill nach éir a huille dh’úir.


34 Do íoc mar soin comhlot cáigh

ag sgoil ar Cormac do-chóidh;

gonoidh file grian in ghruaidh

tar bhuaidh ngliadh na hidhe óir.


35 Mall ghabhoid bha échtmhuigh Ír,

ní sgaroid re sgéloibh cuain,

ealbha i ngach éineing dá fhéin

béim Í Eadhra ar Éirintt d’uaim.


36 Inghean Toirrdhealphaigh triall mall

a riar do oirbheartoigh fhonn;

as a fíonfhuil a-tá a teann,

geall mhná re ríoghoin ní ronn.


37 Le mbí orra d’ainbhreith dhruagh

cairdi do dhola ar a ndíol

d’fhuil Raghollaigh nír chleacht cliar,

tearc riamh acht daghurroidh díobh.


38 Cliar nuaidhe do dhéine a duas

ní théighfe a gruaidhe mar ghrís;

sgol ar Caitilín ní cás

fás daighceiníl gá bladh bhíos.