Poem in printable PDF format
Bí id mhosgaladh,
a mheic Aonghais
[Bergin, Osborn:
Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 43]
1 Bí ad
mhosgaladh, a mheic Aonghais,
ionnsuigh Fódla
na bhfonn sídh:
dod dearc uaine
ní tráth tathaimh,
a shnáth uaime
Achaidh Ír.
2 Cian le hÉirinn
an fheóir mhilis,
a mheic Aonghuis
adhnas goil,
fad do chadail a
gCeann Tíre
eang abaigh fán
míne moir.
3 Gabh do
bhrosdadh, ná bí ad chodladh,
cabhair Íle, a
earla nocht,
tabhair thiarain
do Thoigh Fhéilim
iarraidh soir ag
Éirinn ort.
4 Ná déna thoir
tathamh suaimhneach,
ar sén tturais
tríall a le:
d’uaim na ríghi
gabh do ghormlainn,
sgar re hÍle
ttonnmhoill tte.
5 Mosgail
th’aigneadh, eirg ad lúireach,
ná léig codladh,
a chruth fial,
do rioghraidh
choirmthinn chláir Íle;
cáir oirchill na
ríghi ríamh.
6 Beir ar
chraoisigh na gcáor neimhe,
nocht do
bhrataigh ’na biasd sróill:
menic sein a
bfeidhm dá féghain -
beir ar fheilm an
énaigh óir.
7 Toir ar
deaghuair, a dhreach áilghin,
eirg san
Iobhraigh nár airg chill:
cuir ar an dtuinn
an mbáirc mbréidghil
do dhruim an
tráicht éignigh fhinn.
8 Cuir an
siothbháirc ar sén uaire,
a ua Colla
chorcras thír,
ó chalaidh, a
hucht an Athar,
tabhair ucht ar
Achadh Ír.
9 Bí ar do
choimhéad ar chath nDanar;
do dháil chuice,
a chíabh na ndrong,
do-chualaidh
críoch fhionnchorr Éirionn:
bíoth ad
thiomchall léibhionn long.
lO Aithnidh
d’Éirinn, giodh iúl fada -
Fionn mac
Cumhaill do chan súd -
do bheith tar sál
ar thí teachta;
Clár Dá Thi ar an
eachtra úd.
11 Ar do
leithéid, lór dod mhaoidheamh,
mac Cumhaill na
gcraoisioch ndonn,
feacht n-aon do
labhair a Laighnibh,
craobh tharaidh
do thairrngir tonn.
12 Laithi a
nAlmhain na n-eas ttirmgheal
do thairrngir
Fionn, fíor an sdair,
go ngébdais
Danair Clár Criomhthain;
glár falaigh ní
hionchuir air.
13 “Beid Gaoidhil
a nglasaibh Danar,”
adubhairt Fionn,
folt na gcorn;
“líonfuid Saxain
ar fheadh nÉireann,
gasruidh mear na
ngéibhionn ngorm.”
14 “An bhfuil
choidhche,” do chan Oisín,
“ar fhóir nDanar,
día do ghuais,
fortacht a ndán
d’Inis Eachaidh,
clár milis go
gceathaibh cnuais?”
15 Do ráidh Fionn
ag freagra dh’Oisín,
“d’furtacht
Gaoidheal na ngleó mear
tiocfa cabhlach
tar sál sreabhruadh
go Clár n-abhlach
mbeannbhuan mBreagh.”
16 “Fóirfidh
Fódla,” ar Fionnmhac Cumhaill,
“ar chathuibh
cniocht chleachtus guais,
maicne bhus orra
re héachtuibh,
aicme Cholla
éachtaigh Uais.”
17 “Cia dá
gcreidfid,” do chan Oisín,
“an ealta churadh
cholg sídh,
anoirin a ttráigh
mar thríallfuid
do shoighin
Chláir íathbhuig Ír ?”
18 “Gég díbh
féin,” ar Fionnmhac Cumhaill,
“creidfid dó, ni
damhna bróin:
as fáoi chláonfas
Fine Féilim,
bile sháorfas
Eirinn óigh.”
19 Ar Fionn,
“d’furtacht Innsi Banbha
biaidh íar
n-uair, nochan iúl claon,
rí dhíbh féine ar
chloinn na gColla,
croinn réidhe
nach orra áor.”
20 Fionn mac
Cumhaill nár char máoine,
a mheic Aonghuis
fhuilngios frais,
do chlú níor
uaisligh gan adhbhar;
tú an uairsin do
labhradh lais.
21 Cuir a gcrích
ar chan an fáidhsin,
fóil ar Bhanbha
na mbrogh bfionn,
ná dearg a
ghruaidh um Ghort Eibhir
ort do luaidh an
féinnidh Fionn.
22 A Shémais, a
shúil le flaithios,
fóir a hAlbain na
n-eas mbinn
ar Bhóinn
ttrédghlain na ttrágh sídhe;
ná brégnaigh glár
fíre Finn.
23 Ná brégnaidh
briathra na ndeighfhear,
ar do dhearc bhós
ná bíoth sgís:
nél ríogh ós do
chionn do-cíthear;
do-chíodh Fionn
as Fítheal fís.
24 Ná brégnaigh
Flaithrí fuair creideamh,
ná Cathbhaidh dár
chreidsiod rígh:
ná héiligh Flann
Fíona an file,
a chrann díona
Thighi an Trír.
25 A Shémais, a
sheabhaic Bóinne
ná brégnaigh
choidhche, cúis tnúidh,
díoghrais glóir
Chormaic ná Chiothruaidh
fá Bhóinn
n-orrdhraic n-iothbhuain n-úir.
26 Deacair thrá,
gé tám dod bhrosdadh,
dod bhais
leabhair lingios chrích,
a mhúr clíachdha
Chláir Logha,
briathra cáigh do
chora a gcrích.
27 Deacair duit
trá tabhairt th’aire
d’Éirinn uile, a
earla nocht:
ó’s dá rádh lé
frosMhagh bFiachaidh
cosnamh dhá chlár
d’fiachaibh ort.
28 Deacair duitsi
a ndídion uile,
imle Banna ar
bhaidhreadh cáigh,
is Ceann Tíre is
dlúthghort Doire,
Íle is úrphort
Mhoighi Máil.
29 Críoch Bhanbha
na mbuinne líggeal,
is leath Alban,
ní hiúl clé,
do chairt ag
labhra ar áon ortha,
a chráobh abhla
Tholcha Té.
30 Deacair duitsi
dol dá maithiomh,
’s as mór ndochar
dod dhreich mhín
an dá íath
d’ionnramh ré roile
a sgiath
biodhbhadh Thoighe an Trír.
3l A Shémuis, a
shearc na n-aoigheadh,
a eó Duibhlinni,
a dhearc mhall,
a mhír cruadha
dár fháomh Íle,
a cháor bhuadha
an tíre thall.
32 A chéim
romhat, a rinn ghábhaidh,
a ghrádh einigh,
a fhuath séad,
a dhortadh crú, a
omhain áoigheadh,
a chnú thoraidh
Ghaoidheal nGrég.
33 A bhláth
cumhra Chloinne Domhnaill,
a dhamh dealbhach
Innsi Fáil,
a láogh na hoighi
ó iadh Muile,
a ghrian sgoile
Mhuighe Máil.
34 [A] Shémuis
mheardha mheic Aonghuis
fhóirfios Banbha,
bean Dá Thí,
[ar] Bhóinn
ghrianaigh na bfeadh bfionnghlan
ag iarraidh cean
bhiodhbhadh bí.