firstLine"; ?>

335. Biaidh athroinn ar Inis Fail $
Length: very long 55qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. dan leath mp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
  2. NLS Adv. 72/1/44 17th c.?
  3. NLI G167 Seamus MagUidhir 1727
  4. TCD1356 (H.4.15) S. Rice 1727-8
Prints:
  1. transl. Celtica xii, pp. 125-145
Motifs:
  1. traditional immunity of poets
  2. subject the enemy of poets
  3. fertility in reign of just prince
  4. Infertility in reign of unjust prince
  5. execution of criminals
  6. king’s officers
  7. Prophecies of Aodh Eangach
  8. use of legal terms
  9. citation of historical precedents
  10. Brughaidh (hospitaller, farmer)
Poet Christian Names:
  1. Uilliam Og (BOCD)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Aodh mac Maghnuis
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill (d. 1600)
Apologue Subclasses:
  1. Division of Ireland between sons of Mil
  2. Death of Flann mac Lonain
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Biaidh athroinn ar Inis Fáil


[Brian Ó Cuív, ‘The Earl of Thomond and the poets, A.D. 1572,’ Celtica 12, 125-45]


Uilliam Óg Mac an Bhaird cc.


1 Biaidh athroinn ar Inis Fáil

ón droing ordhairc a hEaspáin;

an roinn dár ghabhadair greim

ba roinn anabaigh d’Éirinn.


2 Roinn riamh dá raibhe ar Éirinn

níor aontaigh Síol saoirFhéilim

acht cathughadh cruaidh fá a ceann

d’uaim is d’athfhodhal Éireann.


3 Olc do-chuaidh céadroinn Bhanbha

don droing fhíochmhair allmhardha

- tig dá doirr déinimh tionóil -

roinn Éibhir is Éireamhóin.


4 Éigean Magh Fáil na bhfleadhól

gan roinn uile d’Éireamhón;

níor mhó an tan-soin fíoch na bhfear;

ní síoth do ghasraidh Ghaoidheal.


5 Do-chuaidh ag céimeannaibh Cuinn

i gcath mhór Mhoighe Tualaing

ar mearghlonnaibh Mogha Néid,

d’fheadhmannaibh Logha a leithéid.


6 Do thuit Eóghan dá éis soin

ar Magh Léana lá an choscair;

roinn dá eachtrannaibh níor fhill

fán roinn leatromaigh luaidhim.


7 Fógraidh Cormac i gCrích Mhis

Mac Con i lár a fhlaithis

mac Sadhbha a claointealaigh Cuinn,

aoilTeamhair, adhbha álainn.


8 Nó go dtáinig Corc ’na cheann

níor ghabh Niall na naoi ngéibheann

umhlughadh thiar agá thoigh

Fiadh Urmhumhan gur adhain.


9 Síol gCuinn ón ló-soin i le

níor ghabhsad comhroinn chríche

- dob indéinimh go réidh rinn -

do fhréimh fhinnÉibhir d’Éirinn.


10 Leath Mogha giodh mór dteasta

mór n-adhbhar nárbh inmheasta

re Leith móir gcathardha gCuinn,

na slóigh fhlathamhla ó Liatraim.


11 Do-radsad ríoghraidh Fódla

- trí huaire fuair forfhógra -

druim go díreach ris an ndáimh

acht ríLeath Cuinn dá gcongbháil.


12 Gémadh comhthrom ronna riamh

Leath Cuinn is Leath mheic Mhaicniadh

d’ursainn chomhlainn Fhear nUladh

ní fear conghlainn Conchobhar.


13 A-tá béist bhaoghlaighthe cliar

i dtuaisceart Mhumhan Maicniadh

’s a lán d’ilbhiastaibh ré a hais

lámh ré finnriascaibh Forghais.


14 A-tá leómhan san leith thuaidh

bheanfas d’Éirinn a hanbhuain;

gnaoi an chaithleómhain ó Bhóinn Bhreagh

do aithbheódhaigh glóir Ghaoidheal.


15 Iarla ó mBriain, biodhbhaidh scoile,

ag so an bhéist is bhaoghlaighe;

péist é nach iontaobhaidh d’fhior,

sé ’sna miontaomaibh múintear.


16 Aodh mac Maghnais ó Mhúr Chuinn

is é an leómhan dá labhraim;

imdheóghaidh tré iath a shean

triath is inleómhain aigneadh.


17 Níor mheath riamh acth géar ro-dhóigh

Ó Domhnaill Phuirt Pharthalóin;

molaim, gé do mheath Ó Táil,

nár mheath orainn acht andáigh.


18 Oighreacht Néill fuair na frasa

ó do ghabh mac Maghnasa

antoradh ar Fiadh na bhFionn

grian ag abchughadh Éireann.


19 Ó fuair ceannas Cloinne Cais

níor bhean fá iath an Fhorghais

griangha le brataibh brughadh

Iarla tacair Tuadhmhumhan.


20 Foghar ciúil i gcomhrádh sreabh,

teas in ngréin, iasc in inbhear,

coill dealbharsaidh claon ó chnaibh

fán Áodh Eangachsoin d’Ultaibh.


21 Tig teimheal ar theas ngoile

- síon oighridh d’éis Bhealtaine -

in am ghrianlasaidh don ghréin

fán iarla-soin chlann gCuiléin.


22 Comhairligh Iarla an Fhorghais

lucht éithigh is iomarbhais;

gabhla rodhaingne crú Cuinn

comhairle chlú Í Chonaill.


23 Ó Domhnaill, uaitne an einigh,

lán a chroch de choillidhibh;

lán de chliaraibh croch Í Tháil,

riaghail na gcroch ar congbháil.


24 Lucht roghrádha ríogh Bearnais,

fuath leó lot a thighearnais;

comhairligh ar ar cóir cion,

dóibh i gcomhairlibh creidtear.


25 Bás cléire cuidighid lais,

aos grádha Iarla an Fhorghais;

an t-aos neamhghrádha is siad sin,

deaghlámha iad ar éigsibh.


26 Aorfaidhear tré Iarla Ó dTáil

Síol mBriain, ní beag an diombáidh,

báidhtear lucht arthraigh uile

lé a bhfaghthair d’ulc aonduine.


27 Ní shaoilfeadh Brian uair éigin

ná Donn Cuan ná Cinnéidigh

go mbiadh ’gá síol Éire ar-ís

díol na cléire dá gcluindís.


28 Dá gcluineadh Murchadh mac Briain,

oidhre na flatha a Finnchliaigh,

an oidhidh do fhuair an scol

doighir ’na ghruaidh do-ghéabhadh.


29 Leathnaighidh loise an tsléibhe

i láibh fada finnghréine;

Síol gCuirc iomráitear uile

d’iomráitibh uile aonduine.


30 Níor tuilleadh libh, a Leath Cuinn,

mar chrích nOilealla Ólaim

béim léar chromabhair bhar gceann

fá réir n-ollamhan Éireann.


31 Bás brughadh nó ban méirsheang

ní chuala i gclú a gcaithréimeann

- cóir teacht tar tréidhibh Uladh -

ná leacht éinfhir ealadhan.


32 Níor marbhadh file ná fáidh

i Leith Chuinn fá a n-uair d’éadáil;

ní fhoil cúil i Moigh Mhumhan

gan oil in úir ollamhan.


33 Flann mac Lonáin ré a laoidhibh

triallais - níor thoisc ionmhaoidhimh -

tuar fíormhasla cor na gcliar,

dol fán míonmhaghsa Maicniadh.


34 Feadh a chuarta eidir Chloinn mBloid

- a bharr duas ní dó a-támaid -

do ghabh mian imtheachta ar ais;

go Fiadh dtirmEachtgha triallais.


35 Níor gabhadh uaidh aiseag séad,

an file ó fríth gan coimhéad;

ós tráth cuimhneachaidh é air:

sé ré Muimhneachaibh marbhthair.


36 Ionann tarla dhó agus dúinn

ó shíol Bhriain ré béal n-iompúidh;

ciall ’nar chanamar do chuir:

ar ndaghollamh thiar torchair.


37 Tiar torchair togha ar scoile

ar faithche Í Bhriain Bhóraimhe;

thiar do marbhadh Flann file;

am d’adhnadh na hoirbhire.


38 Leath Mogha - is tríd nár thoghas -

do mharbh Geanann Gruadhsholas;

fa cás scarthana don scoil

bás Cathbhadha dá chumhaidh.


39 Do marbhadh sa Mhumhain thiar

Da Déara, draoi meic Mhaicniadh,

Sadhbhaicme mór na Mumhan

rómh adhnaicthe ar n-ollamhan.


40 Ní gan fháth innisim sin:

draoi Chormaic mheic Airt Éinfhir,

Muimhneach an tí lé dtorchair,

ní is chuimhneach lé Conallchaibh.


41 Feircheas mac Camáin na gcliar

torchair i Mumhain Mhaicniadh;

scéal doiligh ar cineadh gCuirc,

oidhidh an fhileadh ordhairc.


42 Tig dár marbhadh don taoibh theas

gus aniu don ord éigeas,

Leath ríoMhogha’ na róimh scol,

cóir an fhíorfhola d’adhnadh.


43 An gcualabhair cian ó shoin

créad fár cuireadh cath Éadair

lé neart sluaigh ainmhir Uladh,

Laighnigh uaidh fá urdhubhadh?


44 Níor féadadh fulang a mbreath;

tiad ar cuairt i gceann Laighneach;

níor chumhan diall ré a ndeinmne,

cliar Uladh fá Aithirne.


45 Gach ní ba mian lé meanma

fuair cliar cóigidh sheinEamhna

ó Laighneachaibh-lór do bhladh;

lógh sna hainbhreathaibh íochthar.


46 Laighnigh ar bhfás a bhfeirge

tiaghaid de dhruim dhíbheirge

- fáth rabhuaidhridh réir na scol -

fá chléir n-anuaibhrigh nUladh.


47 Cuiris cliar chóigidh Uladh

scéala an cháis go Conchobhar,

go ceann sluaigh síothbhrogha Breagh,

fíorchara an uair dob éigean.


48 Gluaisis mac Fachtna Fáthaigh

is fir Uladh d’éanláthair,

géar dhál anshocar don fhior,

d’anacal dámh thar dligheadh.


49 Tug Conchobhar cath fá a gceann

do Laighnibh - lór do dhícheall;

ár Laighneach ar dteacht don treas

tré neart ainbhreath na n-éigeas.


50 Cur catha fá chléir nUladh

gár chóra do Chonchobhar?

ciodh dot fhíonfhuil cineadh Cais?

díoghail t’fhileadh do fhéadais.


51 Dol d’fhagháil éarca an ollaimh

ó Leith Mhogha míontonnaigh

tarla ar chathshluaghaibh Ó gCuinn;

damhna an athshluaghaidh againn.


52 Ar laochraidh Moighe Mumhan

iomdha éaraic ollamhan;

d’fhéachain shluaigh Cliachmhoighe i gcath

triallfaidhe a-dtuaidh dá dtabhach.


53 Beir lat ar lorg na héarca,

dá dtí tráth an taisbhéanta,

chaoir sluaigh gcomhdhaingin d’Íbh Cuinn

’na ngormmainnir uair iarainn.


54 Ní géabhthar ann éaraic cruidh,

ní géabhthar ór ná eachraidh,

acht doighir ós mín Mhumhan

do bhrígh oidhidh th’ollamhan.


55 Ná fuilngidh, a chlanna Cuinn,

do sheinshliocht Oilill Ólaim

in anáir fhola Saidhbhe

gabháil comha ar connailbhe.