firstLine"; ?>

338. Biodh aire ag Ultaibh ar Aodh $
Length: very long 46qq
Certainty: 3
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. Copenhagen Ny kgl. Saml. 268b 16-17c
  2. RIA 3 (23/L/17) S. O Murch. na R1744-
Prints:
  1. transl. Ir. Monthly 48, 593
  2. text DiD no. 75
Motifs:
  1. imagery to describe patron
  2. standing guard over territory
  3. spartan life of warriors
  4. war with the Foreigners
  5. Proverbs
Poet Christian Names:
  1. Eochaidh (RIA 3)
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa
Patron Christian Names:
  1. Aodh
Patron Surnames:
  1. MagUidhir
Apologue Subclasses:
  1. The 30 philosophers and the stupefying rain
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Bíodh aire ag Ultaibh ar Aodh


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 75]


1 Bíodh aire ag Ultaibh ar Aodh -

díochoisg meanma na macaomh;

eagal go bhfuighthear ar faill

dreagan cruithgheal Ó gConaill.


2 Éagcóir do léigfidhe libh,

a shlógh iomthnúthach Oiligh,

dé do ghabháil ’n-a ghoire;

níor bh’fhaláir é d’ionghoire.


3 A Ultaigh féin féachtar libh

nar bh’fholáir d’Aodh Mhág Uidhir

fear amhairc fionn Mhuighe Fáil

malairt ionghuire d’fhagháil.


4 Do-ní-sean Ultaigh d’fhaire;

comaoin dóibh é d’ionghuire;

ógbhaidh chathardha Chláir Breagh

ratharbha dháibh a dhídean.


5 Ó Éirne go Binn mBoirche

caomhnaidh Aodh re haonoidhche,

’s ó Bhóinn úir bhionnfhoclaigh bhrais

go fionnochtaibh brúigh Bhearnais.


6 Coimhéadaidh Aodh amhlaidh sain

Dún Sobhairche, slios Murbhaigh,

goirmthealach fa ngealann grian

fearann oirthearach Oirghiall.


7 Ní fhuil leaba mhíl mhuighe

i ndroibhéal dá dhiamhruighe

fan taobh thuaidh ó Aodh Uladh

ná taobh cuain gan chuartughadh.


8 Ní choideoladh ciabh na sreath

bíodh go luighfeadh Ó Luighdheach

d’eagla faghla fear nUladh

feadh an fhabhra d’osguladh.


9 Ní bhí aonlá ’s ní hé a-mháin

gan imshníomh éigin d’fhagháil

bos fhionnchorr nach dáigh Danair

i dtiomchall chláir Chonchabhair.


10 A lucht eolais fhuinn Uladh,

a chliar, a aos ealadhan,

tabhraidh mór n-impidhe air

fa shlógh bhfinntighe bhFiachaidh.


11 Ná léigidh d’Aodh Mhág Uidhir,

neamhghrádh fleadh, fuath fíonchuiridh

ar ól sreabh bhfíorthobar bhfionn

re síorchogadh fhear nÉireann.


12 Súr deabhtha, diúltadh cána,

grádh foghla, fuath síothchána,

ursa sluaigh bhoinnleasgaigh Bhreagh,

toirmeasgaidh uaidh an t-aigneadh.


13 Beag leis iomdha ’n-a aghaidh

nó bheith d’fhéin ar aonaraidh

d’éis a dtug d’anachain air

ar fhud gcladhachaidh Chobhthaigh.


14 Gan riar sgol, gan duais do dháil,

gun ghleo, gun troid, gun teagmháil

a-tá sluagh Éireann uile,

[a] sduadh mhéirsheang Mhucruimhe.


15 Do léigsead díobh déanamh cean;

tairseach cogaidh chlann Míleadh

do sguir críoch Éibhir d’oineach;

bíoth go céillidh comhnuidheach.


16 Ní hinbheithte dá ghruaidh ghloin

’n-a aon i n-aghaidh phobuil

laoch na ngreagh síodhbhuainmhear seang

ag síorbhuaidhreadh fhear nÉireann.


17 Do rinneadh do rádh gach fhir

d’Éirinn is d’Aodh Mhág Uidhir

slat gan ainimh acht óige,

’glac i n-aighidh ordóige.’


18 Do-ghéanaid amadán d’Aodh

mar nach beid is é ar aonraon

críoch eighreadhta na sreabh seang

re neimhghlioca fhear nÉireann.


19 Dá gcluineadh onchú Uladh

toisg an tríochad Feallsamhan

fear dar chóir fionnmhagh na bhFionn

dóigh nach diongnadh a ndéineann.


20 Tríocha feallsamh fada ó shoin

thall-ód i dtosaigh dhomhain

do shir diamhair néal nimhe

ar séan d’iarraidh fáisdine.


21 Do-chíthear dhóibh dá dhruim soin

éinchioth uaithmhéalta d’fhearthain

- ceadh acht tuile gan tarbha? -

feadh na cruinne ceathardha.


22 Tarfás dóibh - diamhair an fios -

a mbeith gan chéill gan chuibhdhios

re hucht an cheatha do chur

lucht an bheatha dá mbeanfadh.


23 Tiaghaid an tríocha feallsamh

i ndóigh cáigh dá gcreideamh-san

re sgéalaibh dá chur i gcéill

ar sgur d’fhéaghain an ai-éir.


24 Do hinniseadh leo an lá-sain

a mhéad d’ulc is d’uathbhásaibh

- damhna caoi don uile fhear -

do bhaoi don chruinne i gcinneadh.


25 A-dubhairt an drong chéadna

“fearfaidhear frais uaithmhéalda

fan mbioth do choimhfhliochadh cháigh

do chioth foirleathan anbháil.”


25a “Bíodh agaibh-se” ar na hughdair

“tuir dhíoghuinne dheaghcumhdaigh

’n-a srothaibh corra ar n-a gcar

do chlochaibh troma an talmhan.”


26 Do ráidhsead d’aitheasg éinfhir:

“ní bhia acht óinmhid éigcéillidh

i nduine ar bioth dá mbeanfa

an cioth buile buaidheartha.’


27 ’A shluagh an domhain, déanaidh.

uamha doimhne i ndroibhéalaibh”

ar lucht eagna an bheatha bhí

“ar eagla an cheatha ad-chluinti.”


28 Ní chreideadh duine ar domhan

fáisdine na bhfeallsamhan;

dream dhreachbhoiggeal dar chóir cion

neamhchroideamh dhóibh níor dligheadh.


29 Mar nar chreid cách a gcomhrádh

rug an bhuidhean bhriatharnár

céim luath dá bhfírdhídean féin

fa bhruach ndínlíggeal ndroibhéil.


30 Níor bh’fhada dhóibh ’n-a dheaghaidh

an cioth gáibhtheach gráineamhail;

ní mór do-chóidh seacha sin

slóigh an bheatha do bhuaidhir.


31 Tar éis an cheatha do chur

táinig an tríocha feallsamh

a huaimh dhorcha na gclach gcuir

a-mach ar dhromchla an domhain.


32 Do bh’é iomthús fear ndomhain

fuaradar na feallsamhain

níor thuig duine iad idir

’s iad uile n-a óinmhidibh.


33 Gidh eadh do chuir cách i gcéill

don bhuidhin ughdar ainn-séin

dream dhreichmhíolla na ngníomh nglan

neimhchríonna dhíobh go ndearnadh.


33a Do b’é riu rádh gach éinfhir

a mbeith óinmhideach éigcéillidh;

níor fhéad ceannsughadh na gcath

an tréad feallsamhan bhfáthach.


34 “Déanaim-ne aimhghlic amhail

sinn féin” ar na feallsamhain

“beag díol na cruinne dar gcéill;

ná bíom ’s an uile acht d’éinmhein.”


35 Dá ndéanamh féin mar gach bhfear

do b’é a gcríoch dul fa dheireadh,

tuigse an bheatha mar do bhuaidh,

fa uisge an cheatha i gcéaduair.


36 Éirgheadh fa uisge an cheatha

leomhan Locha seinBheatha;

bíodh re gcéimeannaibh a chor,

bíodh is Éireannaigh d’éantol.


37 Go bhfagha aoinneach éigin

chuirfeas leis dá leithéidibh

bláth na ríogh ó ráth Doire

bíodh mar chách ’n-a chomhnuidhe.


38 Bheith mar chách ní hiongnadh d’Aodh;

féachadh uime ar gach aontaobh;

fa chríoch dtaoibhghil gcnuaistigh gCuinn

ní gluaistir aoinshleigh d’ealchuing.


39 Gan fiú na sleagh i láimh laoich,

gan cheinnbheirt um cheann óglaoich

- ní ham fhoghla fa iath mBreagh -

gan sgiath re formna bhféinneadh.


40 Failligheadh an lámh fan loinn,

ná bíodh an t-each san orsoinn,

ná feilm óir na gcraobh gcorcra

um Aodh ar chóir gcodalta.


41 Caitheadh fhleadh gan lucht feithmhe

- ní tráth dhó bheith buaidheirthe

fa chlár bhfoirbhthe mbogglan mBreagh -

codladh oidhche gan éideadh.


42 Gan choirm, gan leabaidh, gan fhleidh

ná bíodh Aodh Mág Uidhir,

slat bhoisleabhar ón mBóinn mir,

dá thoirseaghadh d’fhóir Oiligh.


43 Ní bhiú dhó, gé deirim sin,

dá bhféadadh d’áis nó d’éigin

naithir na gcéimeann gconfaidh

maithimh Éireann d’Allmhurchaibh.


44 Rinn bhaoghlach go mbriocht neimhe,

dreagan uathmhar aingidhe,

gríobh dhroibhéil d’fheithimh Uladh,

beithir oiléin d’fhásughadh.


45 Leomhan coimhéadach cogthach,

onchú doiligh díoghaltach,

draig lonn gach áite d’fhaghail,

tonn bháidhte dá bhiodhbhadhaibh.


46 Caomhna Mumhan na múr ngeal,

sgiath chumhdaigh cóigidh Laighean,

- cia an duine [do] diongbhuidhe dhe? -

[ionghuire] mhuighe Meidhbhe. Bíodh.