firstLine"; ?>

340. Blath an mhachuire Muire $
Length: long 38qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. TCD 1340 (H.3.19) 16th c., 17thc. add
Prints:
  1. text DiD no 7
  2. transl. Ir. Monthly 58, 660
Motifs:
  1. imagery for saint
  2. role of BVM
  3. the Crucifixion
Patron Christian Names:
  1. BVM
Patron Surnames:
  1. saint
Apologue Subclasses:
  1. Christ-child image taken off BVM as pledge
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Bláth an mhachuire Muire


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 7]


1 Bláth an mhachuire Muire,

a dhaoine, [nach diultfuidhe];

ní fhuil agaibh fáth fuirigh;

an bláth abaidh ionnsuighidh.


2 Ón lá tháinig i dtalamh

rí an domhain fa dheaghbhaladh

a-tá [a] luibh chabhra ag cách

garrdha ’n-ar chuir fa chonách.


3 Córaide a mheas re Muire

is béas don bhláth machuire

ar nach bí gabháil ’n-a glas

acht a fhagháil don tí thoghfas.


4 A duasa móra mince

gé a-táid oruibh innillte

rachaidh thoruibh tráth oile

bláth toruidh na trócoire.


5 Mór n-adhbhar arab eagail

go mbia i n-uair an airteagail

gidh lán do thoradh an tráigh

mo lámh fholamh dá hagháil.


6 Cead a bhuana ó bhás a-mach

ní thiobhra Críosd ar cheannach;

saor a-bhos bláth na faighthe,

a-nos tráth a thiomsaighthe.


7 Gidh iomdha dá haos ghrádha

dóibh ag deilbh na síothchána,

is lór don uile a heineach

ar Muire ógh d’impidheach.


8 Do [bhiadh] aige ar bláth na mban

’s a chúl do chur re peacadh

annsacht na mbeach ar an mbláth

gach neach dá annsacht d’óglách.


9 Go gcoisgeann diomdha a dalta

nochtar do dhruim dúthrachta

cíche ar mná gaoil gá ghuidhe;

fa sgaoil a-tá an trócuire.


10 A grásaibh Muire móire

dúinn ní damhna míodhóighe

an bhrágha dar bhean a glas

bean do bu dána dóchas.


11 Do dáileadh a-nuas do nimh

don mhnaoi le méad a creidimh

- dóigh na mná-sa nír meathadh -

grása as cóir do chuimhneachadh.


12 Resin mbrághaid do bhí i láimh

do thogair geall do ghabháil;

maith séan an ghill do gabhadh

sgéal budh linn do leasaghadh.


13 Do-chuaidh dá fhaicsin ’n-a hucht

dealbh Muire - gár mhó guasocht -

gur bhuing don deilbh a dalta

’n-a seilbh do dhruim dánachta.


14 “Do mhíriar gidh deacair damh”

do rádh re Muire máthar:

“beith dod réir ní dóigh dhamh-sa

mo chóir féin go bhfaghar-sa.”


15 “Má tharla aindlighe ann

gabhar sgáth mh’ainbhis agam

breith na deilbhe leam i láimh

mar gheall rem eidhre d’fhagháil.”


16 “Mo mhac - ní dó a-bháin do bheinn -

go lá m’éaga is eadh thuigim

achd muna sgaoile Dia dhé

nach bia ar gcaoin-ne re a chéile.”


17 Tug Muire gur mhaol a goimh

aiseag a mic don mháthair;

fuair síoth an té dá dtugadh

is fríoth é gan fhuaslugadh.


18 Le a luatha thug a thoradh

do bíthí dá bhreathnoghadh

a haithle an ghill do ghabháil

nar mhill aithne an uachdaráin.


19 Ní meabhraighthear ar Mhuire,

gidh minic a míorbhuile

bráighe do bhuain a geimhil

as áille fhuair fhóireidhin.


20 Do bhí ar an mnaoi gá dám dí

- díom féin do beanadh bráighe,

ní lugha mh’éigin dá héis -

cumha nach éidir d’fhaisnéis.


21 Dom anmain is eadh bheanas

an mac do bhí i mbraighdeanas;

fan sgéal do chrádh a cridhe

dál mo dhéar do dlighfidhe.


22 A-tá rem fhiachaibh uaim-se

- fan mhac gér mhó a hanbhuain-se -

go dtráighe mo thuile locht

bráighe nach fuighe furtocht.


23 Nach ionann an t-adhbhar déar

- críoch fhágbhuim ar an uirsgéal -

an cás dar ghabhomar greim

is cás anollamh Ifrinn.


24 Sul dheach meas ar méad mo chean

ní fhóghnann damh dom dhídean

a gheall dá ngabha mi-se

achd cara teann tairise.


25 Ní hiongnadh d’fhior mo dhoibheart

- bídh guasacht san ghealltoidheacht -

a chaomhna ar gheall do ghlacadh;

fearr go haobhdha mh’anacal.


26 Ní bláth garrdha as ghoirthe dhí,

luibh an mhachaire Muire;

lán don bhláth tarla an talamh;

is tráth m’anma d’fhuasgaladh.


27 Gér áibhseach maitheas Muire

i súilibh na sochuidhe

beith do réir an Dúilimh dhí

’n-a súilibh féin ní faicthe.


28 Éadáil do-gheibhthear [’n-a] gar

bean toighe na dtrí bpearsan;

gearr ó gach dhuine a deightheach

ceann guidhe na n-oileithreach.


29 Go ndearna ar siur éigean air;

grádh don chóir thug ar dtosaigh;

do thréig a mhian do Mhuire

srian nach téid re a thrócuire.


30 Bean déanta na ndaoine dhí,

bean dar bhuidheach Dia is duine,

bean nar threabh le tuinn meanma,

cuing ler threabh a tighearna.


31 Íocshláinte fhóireas gach nimh,

béal do b’fhoirbhthe i n-aois leinibh,

cridhe nach gabhann fa ghrádh,

nighe na n-anam n-easlán.


32 Bean chúitigheas ar gceana,

ríoghan as mhó muinteara,

bean thoibhgheas toil na gcroidheadh,

’s ga bhfuil saidhbhreas sochuidheadh.


33 Leag lóghmhar as lia buadha,

cruithneacht abaidh ionbhuana,

comhurtha an tunna nach tráigh,

urra cobhurtha a compáin.


34 Bean do chuir na folta i bhfad,

bean do thraoth neart a námhad,

sódh feithmhe na bhfear ngrádha,

bean teichmhe na teagmhála.


35 Bean fholaigh an athar mhóir,

bean do snadhmadh re seanóir,

bean nach admhadh a fear féin,

bean nar hagradh i n-éinchéim.


36 Ní hiongnadh grádh d’fhagháil as;

’fasaidh daonnacht tre dhúthchas’

móide an t-álgas fhuair an bhean

uaim mar thángas ’n-a timcheal.


37 Do b’airrdheana dísle dhí

ón dá thaobh táinig uimpe,

a haobhdhacht is a humhlacht

a maordhacht ’s a measardhacht.


38 Toil a mheanman dá [mhoghaibh]

tug Críost mar do-chualobhair

gur fhuluing a ghoin don gha

[ó choir] ubhaill na habhla. Bláth.