firstLine"; ?>

341. Bod brioghmhar ata ag Donnchadh $
Length: short 6qq
Certainty: 2
Period:
  1. 15th ult
  2. 16th early
Areas:
  1. Scotland
Classes:
  1. misc.
Manuscripts:
  1. NLS Adv.72/1/37 Bk Dean of Lismore
Prints:
  1. text (Quiggin, Lism. p. 77)
Motifs:
  1. Obscene allusions
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh (an Ridire Maith) (Bk Dean)
Poet Surnames:
  1. Campbell
Meter Vars:
  1. deibhidhe ?
Poem:

Poem in printable PDF format

Bod bríoghmhor atá ag Donncha


[William Gillies, ‘The Gaelic poems of Sir Duncan Campbell of Glenorchy (III),’ Scottish Gaelic Studies 14, 59-82: 66-7]


1 Bod bríoghmhor atá ag Donncha,

fada féitheach, fíordhorcha,

reamhar, druimleathan, díreach,

sleamhan, cuirneach, ceirtíneach.


2 Cluaisleathan, ceannramhar, crom,

go díoghainn, data, dubhghorm;

atá breall ag an fhleascach,

is e ceannsa (?) go conachtach (?).


3 Maolshrónach, mallghormtha, glas,

fuachdha, forránach, fíorchas;

go cronánach, ceannghorm, cruaidh,

móirbhéimneach i measc banshluaigh.


4 An fheam tá ag Donncha riabhach,

dar leam, nocha tuilsciamhach -

síorullamh, a-muigh ’s a-mach,

fíorchruaidh, feargach, fionnfadhach.


5 Fomhóir fliuchshúileach faitheach (?),

steallach, stuaghach, starraightheach;

bannlamh as a bhalg a-mach -

an fheamlorg airgtheach fháthach.


6 Go collach, ciabhach, ciorclach,

dona, cursta, cuisleannach;

is fada, rámhach ’s is rod:

is annsa linn an rábhod. Bod.


7 Go súghmhor, sáiteach, salach,

lúthmhor, láidir, laomcharrach (?),

ceannramhar, borrfadhach, borb,

druimneach, deigheól an dubhlorg.


8 Sreamaillseach, soeól an sonn

bhuadhaigheas cath is comhlann;

go teascaightheach, teilgthe, te,

is treabhraighthe fíoch na fleisce.