firstLine"; ?>

343. Branaigh ar clu os cloinn Neill $
Length: long 37qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Harvard O’Byrne MS c. 1726 < 1622ex
  2. TCD 1288 (H.1.14) A. O Dalaigh 1750
Prints:
  1. text LB no. 20
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. comparison of patron with all others
  3. Function of poetry
  4. patron’s liberality to poets
  5. cattle-raiding (creach)
  6. fertility in reign of just prince
  7. Kingly Functions:binding men together etc
  8. tribute (cios, cain)
  9. Hostages
  10. the importation of wine in ships
Poet Christian Names:
  1. Niall (Harvard O’Byrne MS)
Poet Surnames:
  1. O Ruanadha
Patron Christian Names:
  1. Fiachaidh (mac Aodha)
Patron Surnames:
  1. O Broin (d. 1597)
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Branuigh ar chlú ós cloinn Néill


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 20]


Niall Ó Ruanadha cc.


1 Branuigh ar chlú ós cloinn Néill;

do thoill clú Branach an mbuaidh

teisd gach damhna ríogh don fhréimh

tar an síol Néill tarla thuaidh.

2 Annamh cineadh ós a gcionn,

Branuigh ní beirthior a ngeall;

dréim risin ainm-sin dob am,

clann Néill san aimsir dob fhearr.

3 Géill leis a ngeimhlibh ón ghliaidh,

mar sein do dheimhnigh a dhóigh

ar Fhiachaidh do bhí do bhuaidh

nach fuair rí a gcliathuibh a chóir

4 Laighnigh ós aca do an,

a n-airdteisd ní fhaca ar fhear;

neach dá réir tairngidh a tol,

sgol don fhréimh Laighnigh do lean.

5 Dá rún díoghla ar chrodh do-chuaidh

ríoghna gan chrodh gion gur chóir;

díoltar í ar a fiachaibh féin

réidh ré Fiachaidh go mbí Bóinn.

6 Biodhbhaidh san chruth-sain do chuir

dá iomghoin nár thugtha tail;

do bhí sí ar biodhbhaidh Í Bhroin,

goin is gan í [i] n-iorghail air.

7 Dúthaigh tar Laighnibh ní léir

Laighnigh gion gur dúthaigh dháibh

mall a haigheadh dá fiadh féin,

cliar ag féin Laighean a láimh.

8 ’Na ceannach dob fhearr a n-eól,

an dream ór leathnuigh a luadh;

tathaoir dá bhfuair ar an bhfíon

ní luaidh síol gCathaoir a gcuan.

9 Fian Bearbha ’na dáil ag dul,

ní dáil do ceangladh gan chor,

nár shaoil sí go bhfuighbhe fear,

bean Dá Thí is cuimhne ar a col.

10 Bladh gaolmhar lé ttoilltear tnúidh,

mac Aodha is don oighriocht fuair;

clú feadhma ní cóir ar chléir

fá a gcóir d’fhéin Bhearbha do bhuain.

11 Do dhol ó andortadh airm,

ag so a anacal san fheidhm;

saobh do rí ’s a fhuath don ainm

ag gairm í Dhuach do bhí a mbeirn.

12 An scol ór báidheadh a béim,

a crodh gur dáileadh fá dheóidh;

gearr as-deagh a ngile a ghruaidh

do-chuaidh file dob fhear eóil.

13 Fa díoth trom a n-easbhaidh d’fhior,

na ceana dá lorg do lean;

tig faghail críche dá crodh,

Branaigh ar ndol tríthe as-teagh.

14 An ghuais reampa tarla ar thóir

níorbh eagla gan adhbhar dáibh;

guais a bhfeadhma tréin ar thóir

gan béin fá fhóir Bhearbha bháin.

15 Síoth Fiachaidh a gcrích gur chuir

a ndíoth ó chianuibh do cheil;

sé a bhfiadh gan fhalaidh ní fhuil,

riar don fhuil Bhranaigh do-bheir.

16 Ní guth omhan rompa ag rígh,

lucht toghtha a gcomhthadh a gcéin

má fuair scéla ón té réd thaoibh

gi-bé do shaoil éra ar t’fhéin.

17 Réd riar ní budh ciontach cách,

an chiall fá siorthar a síoth;

is í as móid oruibh go háth,

táth nó foghail na gcóig gcríoch.

18 Do dhruim t’fhaladh dáibh ní díon

cia do raghadh cách tar cuan;

níorbh adhbhar dá n-oba d’fhiadh

fian Almhan gurbh fhoda uadh.

19 Réir t’andochor ina ham,

is é as anacal dá fhonn;

madh áil riar do chora ad cheann

ní fearr d’fhiadh comha dár chom.

20 Tú at aonursain gleódh do ghnáth,

eól nach taobhuighthear lé triath;

mall as-deagh oraibh ón áth

gér ghnáth omhain ar fhear fhiach

21 Ag réir na n-ardscol fá fhíon

ní cairde do léig gan luagh;

beag an mhoille ar dháimh fá [a] díol,

cáin ríogh ad choinne tar cuan

22 Breith orthuibh nách adhbhar cáis,

do thorthuibh tarla in gach déis;

cuma d’fhior cá ham a ngluais

do bharr cnuais ar fhiodh tar h’éis.

23 Drúcht maidne ag clúimh aga chur,

úir ar n-a thabhairt as-teagh;

ní grian dob ainiomh ar ar,

an gal d’fhiadh Laighion do lean.

24 Ar ríoghnaibh ní roinnfe luagh

fíonphort loingse cémadh lán;

tiocfa rí gan fhiacha ó fhíon

síol bhFiacha dá ttí san trágh.

25 A hairdheana ar chách níor cheil,

níorbh áil gan ainleanmhuin air;

ní fhuair bean biodhbhadh í Bhroin

fear ’na toigh dá ttiobhradh tail.

26 D’éis a hairgthe ar faghail laoi

an fhalaidh níor fhaillsigh sí;

baistior ’na rígh ón áth é,

níorbh é a thráth do thír Dá Thí.

27 Ní fríoth uadha tocht dá thoigh

rér nocht a nuaidhchneadh dá neimh

mac Sadhbha a ngleódh ar n-a ghuin,

reódh as luibh cabhra don chneidh.

28 Gach scol ag dénamh ’na ndáil,

cá lucht do-bhéradh a mbuaidh?

cóir nár labhair a fiadh féin

cliar don fhéin Bhranuigh do bhuain

29 Barr nua ar comhaidh do chuir

tar ghuais na gona do-gheibh;

ar áth go ttiachair fá thoil

goin Fhiachaidh ar chách do cheil.

30 A n-antoil don éigion fuair,

níorbh fhéidir nárbh aithrioch dhóibh;

créd acht dol dá bhfaghail féin

crodh don fhéin Bhranaigh ó Bhóinn.

31 Neach dhíobh níor ainmnigh fán ól,

dá bhríogh níor laighdigh a luagh;

gairid uain eathair fá fhíon,

síol Eachaidh do-chuaidh san chuan.

32 Biaidh ón dídion a ndíoth cruidh

fá dhíol a ríbhreath dá raibh;

fiú riar ó bhiodhbhaidh í Bhroin

nách foil triall a n-iorghail air.

33 Uaim gach críche ag cuma fhiach,

urra gach tíre do tháth,

tug guais reachta fhréimhe Duach

teachta d’fhuath [a] chéile ag cách.

34 Téid síos go grinniol san ghliaidh

léim ré ttiltior an tí láir;

cleachtuidh mar fhear bhfaghla féin

léim as-deagh tré fhabhra an áigh.

35 Ruisc uaine, glaca mar ghéis,

gruaidhe data ar dhath an róis,

aoighe ar a haire tré fhís

grís naoidhe go raibhe ar Róis.

36 Snaidhm deacrach nách dóigh do mhnáibh

do Róis ní bheanfadh a buaidh;

aighthe na sadh síthe sróil

ar damh óir fhíthe san uaim.

37 Ríghtheisd ar nách cuirthear ceó

ag líonadh ’na tuile a-tá;

mur tá a toil re cora a clú,

mar soin as dú modha mná.