firstLine"; ?>

345. Brath lendain ac Leic Lughaidh $
Length: long 40qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Copenhagen Ny kgl. Saml 268b 16-17c
Prints:
  1. transl. Duanaire MheigUidhir no. iv
Motifs:
  1. patron’s irresistible attractions for women
  2. comparison of patron with all others
  3. patron’s liberality to poets
  4. Patron’s prowess in battle
  5. territory as king’s spouse
  6. fertility in reign of just prince
  7. king’s officers
  8. tribute (cios, cain)
  9. Hostages
  10. High-kingship of Ireland
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (Copenhagen MS)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. CuChonnacht
Patron Surnames:
  1. MagUidhir (d. 1589)
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Brath leannáin ag Leic Lughaidh


[Greene, David: Duanaire Mhéig Uidhir, Dublin, 1972, poem 4]


Fearghal Óg Mac an Bhaird


1 Brath lendáin ac Leic Lughaidh

don Leic ní lendán folaigh;

Ráth Da Thí do dhruim dlighidh

rí chinidh Chuinn dá cobhair.

2 Dá reic a ndiaigh a diomdha

biaidh ac an Leic a labhra,

ní léir dí acht fer a foghla

ben Chonnla ar a thí tarla.

3 Reic a ghníomh as dál doilidh;

do sgríobh ar chách an ccomhaidh,

móide a mhian do Mhág Uidhir

Fád Fuinidh riamh ag roghain.

4 Tuc ben Ír tar gach n-éinfher

an rí nár ghabh ó ghábhadh;

gébhaidh sí ar-ís le haoinfher

grís Gaoidheal do bhí a mbádhadh.

5 Do smuain rí fhréimhe hUidhir,

mur do-ní Éire d’fhaghail,

rug co fuar ar na foghaibh,

tuc soraidh uadh don fhalaidh.

6 Fuair tar cách clú ar nár cinneadh

mur as gnáth clú na cColladh,

ní d’fhuaire fán trian tallan

triall andamh uaidhe ar ollamh.

7 Mac Con Connacht, cnes nuaigheal,

fer ara docair dénamh;

sé ar an áth le gach aoinfher

ná maoidhedh cách é d’fhéghadh.

8 Seoid gan iaraidh rú randaigh,

clú ó chliaroibh do chendaigh,

buaine dó an clú do chonnaimh

a ló bronnaigh cnú cceangail.

9 Cú Chonnacht leisin ccaoilshleigh

cosnamh an chlú is dá chéimibh,

nír dearbhadh é a ngrian ghábhaidh

’s do tsáraigh sé Fhiadh Éimhir.

10 Rugadh leis riamh do rodhain

an chliar do bheith ’na bhruidhin;

air féin do fher an adhaidh

teagh d’fhaghaibh ós chléir cuiridh.

11 Sléchtain faoi as rún do ríoghaibh;

tar tnúth gach aoin do éirigh,

do chuir Múr Cuinn fá chánaigh,

do tsáraigh tnúdh Fhuinn Éimhir.

12 Caor tsluaigh na ccéimend ccubhaidh

co huaim Éirionn nír fhuirigh;

do bhuaidh ní fhuil ar Emhain

Temhair do bhuain d’fhuil Uidhir.

13 Cú Chonnacht na ccles mbuadha

ní foghthar fer a éra;

ní doiligh co huair n-ágha

brágha tsluaigh Oirir Énda.

14 Gasruidh nach dóigh a ndeabhthaibh

cóir ’na haghaidh ní hinchuir;

beg nach nár do Chloind Chobhthaigh

roinn orthuibh fa Chlár Crimhthain.

15 Crú Cuind nach éirigh d’fhoghail

ní héidir buing don bhuidhin;

leo féine a bhfuil ’na n-aghaidh

raghaidh Éiri d’fhuil Uidhir.

16 Fedh a chuairti a ccrú caoilshlegh

do bhuaidhir fa rún ríbhen;

slegh nó dhó faoi ar a bhfaobhar

mó a bhaoghal ar mhnaoi mhíledh.

17 Cách ac brosdadh go Breghaibh

ód mhosgladh fa Mhág Uidhir;

meinic riamh, a Leac Lughaidh,

Ulaigh leat tar Fiadh bhFuinidh.

18 Díogha shluaigh fhoile hUidhir

buaidh a mbloidhe ní berir;

dá mbeith gan tú d’fhóir Oiligh

clú an oinigh as dóibh dleghir.

19 Sibh, a rí Éirne, ar h’iomdhaidh

do-ní éirghi tar t’fhoghlaidh;

gabhuidh sibh ón ágh d’anmhuin,

budh libh amhlaidh Clár Conghail.

20 Tugais teisd dáibh ’na ndeghaidh,

do bhreth cháich rugais roghain;

móide a cclú fa Chlár bhFuinidh

crú Uidhir do rádh romhaibh.

21 Geall ar chlú uaid nírbh ionchuir

an uair dob fherr crú Cobhthaigh;

fer t’fhéile ann ní fhaghthoir

Manchaigh féine an tand toghthair.

22 Do chairt ar fionnMhagh bhFuinigh

iongnadh comadh cairt cloidhimh;

altaigh sin red fhréimh remhaibh

libh Temhair tar fhéin Oiligl.

23 Do chuir sibh t’fhéile ó iomaigh,

a chéili gach fhir annaimh,

clú dáibh a mbéim do bhronnaidh

- orraidh cláir Néill a-nalain.

24 Críoch Bhanbha riamh ag roghain,

ó thriall na foghla fuirigh;

créd fa mbiath h’ainm ar fhoghail

gairm oraibh ó Iath Fhuinidh.

25 Ráth na Ríogh oraibh d’áiremh

as críoch dot obair fhéinedh;

nír bhen don Leic do laoidheadh

tegh caoilshleagh deit do dhéinemh.

26 Nert do mhaor, a Mhéig Uidhir,

téid ar gach n-aon ót fhoghail;

tír nach bí fad fhréimh romhaibh

as béim oraibh í at aghaidh.

27 Sibh co nóin a mbeirn bhaoghail

ag seilg ar na cóig cánaibh;

ní dheachaidh riamh clú a ccéimibh

nár éiligh tú a ngrian ghábhaidh.

28 Guais cora ar áth at aghaidh,

do chomha ar chách as cubhaidh;

a bhfuair sibh d’fhios ón fholaigh

foluigh sin ar Lios Lughaigh.

29 Oraibh a dtres ní tiaghair,

a tsreabh thobair nár tráighiodh;

cuid dot fheidhm a ccrú chaoilshlegh

clú Gaoidheal san fheidhm d’áiriomh.

30 Gaoidhil fa cháir do chinidh

le draoidhibh cáigh as cumhain;

rí budh chóir do reic remhaibh

geabhaidh láimh re Leic Lughaidh.

31 A Chú Chonnacht fedh faghla

let do chosnamh an cholbha,

cóig maoir agas tráigh thiorma

daoibh ag tiomna Cláir Chonnla.

32 Draoithe Fódla ac reic roghan

do-bheir gach ógshlat umhal,

ar tráigh nír thuill a taradh

láimh re caladh fhuinn Uladh.

33 Coill ar lár fá fhuil Uidhir

ré bhfuil do bhláth ar bhilibh,

nír misdi a tocht hé um Emhain,

gort gemhair is sé ar slighidh.

34 Re mac Siobháin fedh fedhma

ní hionáigh fer na foghla;

béim as mó do bhaoi ar Bhanbha

nach faoi tarla Cró Condla.

35 Fada atád riamh ’na roghain

siad dá rádh tar Fiadh bhFuinidh;

moladh uile d’fhéin Oiligh

béim oinigh fhuile hUidhir.

36 Daighfhir le bhfoighthir fáidhe

goirid mairid a maoine;

móidi a cclú buain a mbéime

do bhuaidh bhféile ar crú gCraoidhe.

37 Fiú a chána ar fhud gach oirir

bráighe do dhul ’na dhuibhigh;

gé fuair geall tar Fád bhFuinidh

Mág Uidhir ’na cend cuiridh.

38 Ní facus dó an reacht ríogha

ón tres co clódh ar ccúla;

nár dhligh triath fola hÉnna

comha d’éra ar Iath Úna.

39 Dá saoileadh cách do chabhoir

nír maoidhedh do Mhág Uidhir;

anta dó ar na cóic comhaibh

gér mhó foghail Fhóid Fhuinidh.

40 Grís ’na ndiaigh um Chlár Connla

an táin a ndiaigh a ndiomdha;

sléchtain dóibh ar fedh bhfedhma

fóir iomdha as-teagh ní thiobhra.