firstLine"; ?>

346. Brathair don bhas an daidhbhreas $
Length: middling 23 qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. satire)
  2. warning mp
Manuscripts:
  1. NLI G 114 Uilliam MacCartnain 1703
  2. Mayn. C88 Eoghan O Caoimh 1704
  3. NLI G127 R. Tipper 1713-15
  4. RIA151(23/D/13)S. MacSolaidh c1713
  5. BL Add. 29,614 S. O Murch. na Raith. c. 1725
Prints:
  1. text O’Rahilly, MD i, no. 26
Motifs:
  1. Envoi to another patron
  2. envoi to ‘saint’ (Christ)
  3. poetic miracle (feart feile, feart filidh)
  4. The dangers of being satirized
  5. mock reproof as a form of eulogy
  6. Rejection of Lutheranism and Calvinism
  7. Lapse of Gaelic ways
  8. faighdhe, ‘foye’ (seeking gratuity)
Poet Christian Names:
  1. Maoilin Og (NLI G 40, RIA 489)
Poet Surnames:
  1. MacBruaideadha
Patron Christian Names:
  1. sname only
Patron Surnames:
  1. O Briain
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Bráthair don bhás an doidhbhreas!


[Thomas F. O’Rahilly: Measgra Dánta I, poem 26]


Maoilín Óg Mac Bruaideadha.


1 Bráthair don bhás an doidhbhreas!

ní dhligheann foighdheach faoilte;

dúisgidh foilmhe fuath carad,

ní carthar neach gan mhaoine.


2 Ní chuala riamh ’gá rádha

gur gránna neach madh soidhbhir;

bídh, ’na sheasamh ’s ’na shuidhe,

gráin mhairbh ar dhuine dhoidhbhir.


3 Minic bhíos damhna flatha

soidhbhir ratha óg álainn,

’s a mhac i bhfeidhm an tsúiste, -

trí glúine ó rígh go rámhainn!


4 Mar bhíd ag ól ’s ag aoibhneas

fóir Ghaoidheal na ngleó neamhlag,

bídh túis suidhte ag an soidhbhir,

’s bídh an doidhbhir ar dearmad.


5 Ní miste an té bhíos saidhbhir

bheith aimhnirt tréith i dteagmháil,

bheith balbh túitmheach i dteangaidh,

bheith ar leathchois nó ar leathláimh.


6 Ní feirrde an duine daidhbhir

bheith raighlic foirfe i bhfoghlaim,

bheith fosaidh dearbhtha i ndeighchéill,

bheith neimhthréith ag cur comhlainn.


7 Ní feirrde dhó a bheith maordha,

bheith fraochda nó bheith ceannsa,

bheith do threibh Chuinn nó Chathaoir,

bheith sochoisg dathchaoin dealbhdha.


8 Ní feirrde dhó a bheith suilbhir,

má cluintear a bheith folamh;

mar atáim-se mairg tárraidh,

lom ar mbreith áraigh oram.


9 Gur measadh mé as mo neamhstór,

do b’fhiú deargór mo labhairt;

iniu ní fhaghaim éisteacht,

do thréigsead mé mo charaid.


10 Dígheóla mé mo thréigean

ar neach éigin nách aibéar

d’uaislibh Gaoidheal ghuirt Mumhan

dár dhual m’fhurtacht óm ainshéan.


11 Ós deadhail dúinn re chéile,

ar bharr áigh fréimhe fionnBhloid,

triath Fhorghais na bhfonn lígheal,

do-ghéan mo dhíthcheall iomlait.


12 Inneósad air bheith bronntach,

ní dá dtig tromlot tíre,

’s a bheith congháireach creachach,

mar do chleachtadh Mic Míleadh.


13 Adéar go dtabhair anóir,

ursa cathshlóigh Chláir Chliodhna,

do dhaoinibh nách díol ceana,

i n-aghaidh reachta an Phrionnsa.


14 Adéar go n-adhrann d’íomháigh

ua ríogh Tháil na ruag bhfeardha;

adéar go dtéid fá thobar;

ní badh hé an cogadh ceannsa.


15 Adéar iar ndul ’na dhánacht

go mbí bádhach re biodhbaidh

is coimhitheach re caraid;

tearc mo shamhail d’fhior iomlait.


16 Adéar gurab é is buirbe,

sódh fuilngthe gacha fuarghaoil,

’s nách gabhann áis gan éigean,

’s go n-éistfeadh dán is duanlaoidh.


17 Adéar go ndéineann coinnmheadh,

gur líon d’fhoirneart is d’anaoibh,

go dtógbhann sreath is sobhadh;

beidh foghar cháich rem chasaoid.


18 Adéar nách leó acht go Luimneach,

síol Luighdheach Meann na míntréad;

dá gcur don chrích-sin Chonnacht,

badh dochar dóibh a ndingéan.


19 Adéar geall Gaoidheal Teamhra

ag Leath Chuinn feardha feadhmchruaidh

tar Leath Mogha na mionmhagh,

súil re gríosadh a ghealghruaidh.


20 Do-geibhthear treise iar dtréithe,

do-geibhthear téigle iar dtroimchioth,

do-geibhthear síoth iar siosma;

lia ’sas lia fiorta an Choimdheadh.


21 Do-geibhthear síon iar ngairbhshín,

dlighthear ainmhín do riadhadh;

do-ghéabh-sa séan iar ndoishéan,

coiléan gach cú go fiadhach.


22 Brisfidh sé doirse ar ndaidhbhris,

ua an Taidhligh dár bh’ainm Eóghan,

fear riartha gach fir oile,

beanfaidh dom chroidhe ceóbhrat.


23 Dár nglanadh do ghabh daonnacht

Mac Dé is gaolmhar i ngrásaibh;

luibh chabhra cháich a chréachtghon;

mo-ghéanar ’gá mbí bráthair.