firstLine"; ?>

347. Brathair don iocht an t-oineach $
Length: long 38qq
Certainty: 5
Period:
  1. 15th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. apology mp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
  2. RIA2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
Prints:
  1. transl. Rel. Celt. xlix, p. 168
Motifs:
  1. poet insulting patron
  2. praise-poem reparation for injury
  3. harrying, burning houses etc.
  4. naval warfare
  5. battle phantoms (badhbh catha etc.)
  6. territory endangered by king’s illness
  7. Historical comparisons
  8. allusions to Fiannaiocht
  9. Allusion to Arthurian tales
  10. houses and furnishings
Patron Christian Names:
  1. Tuathal (mac Conchobhair)
Patron Surnames:
  1. O Maille
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Bráthair don iocht an t-oineach


[Tomás Ó Máille, ‘A poem to Tuathal Ó Máille’, Revue Celtique 49, 166-81]


1 Bráthair don iocht an t-oineach

ní gnáthach iocht nach aithreach,

freasdal chlíar is dáil deigheach

eineach cháigh riamh do raileath.


2 Gasraidh chuain ghroidhigh Ghaillmhe,

buaidh n-oinigh ar a n-oighre:

ón ló is im’ riocht do-righne,

gá mó inmhe ó t’iocht oirne.


3 Geall oinigh is dó dhleaghaim,

na daighfhir is mó mholaim;

do ghonas craobh fhíal Umhaill,

nár fhulaing d’aon riamh romhainn.


4 A gheall do thríath ní tugar

[is]in iath is fhearr a eachtra;

do mhaith sin sugh a ochta

do shúr mholta thir Eachtgha.


5 Tré a chneidh nduinn níor fhaomh m’oighidh

ar a thaobh mur thuinn gcubhair;

nír gheall dó m’fhuil ’na haighidh,

guin daighfhir cró níor chubhaidh.


6 Mac Conchobhair, cosg biodhbhadh,

cosg ar urchradhaibh d’adhnadh;

meic ríogh do shir do shonnradh,

congnamh do shíodh fhir Almhan.


7 Mar tá ag faghail Bheann mBéarra

’s an chalaidh um Cheann Sáile,

is ainm duit, a Thonn Tuaidhe,

buaile long Mhic í Mháille.


8 Lann sheada le mbuail biodhbhaidh:

a leaba an uair do fhalmhaigh,

go mbí a lán airm ’na himlibh,

imridh cairbh tré fhál d’armaibh.


9 Baidhbh ós éachtaibh an fhir-sin

ag sléachtain dá arm arsaidh,

gleó amuigh gé fúair ’na horsain,

cosnaidh sin úaim ar amsaibh.


10 Gá fhógra atú ós tríathaibh,

a mhná na Fódla féachuidh,

bean is í ar dtogha Tuathail:

sona an nuachair í ar fhéachain.


11 Rí le mbéarainn breith n-uaibhrigh,

adéarainn ré a dhreich mhínghil:

“fúarais clú is fhearr ón aonghoin,

tú ar fhaobhraibh reann do ríghnidh.”


12 Geall do ghona nír ghabhais,

na fola is fearr do cheilis,

ag so ’na dhíol duan mhilis,

do dhlighis díom lúagh leighis.


13 Fá fhuil Chuinn mar do-chuamar,

do thuil ina tuinn náraigh

nír léig sí dhuit a díoghuil,

fionfhuil Dath-Í bhuig bhádhaigh.


14 A ro-Mhongáin is réidhe,

a Mhanannáin í Mháille,

réd shíol do chuir ar gcaoine

guin do thaoibhe, a ghríobh Gháille.


15 Do cheannchais bladh fher nUmhaill,

mo chean do char i gcoluinn;

rath Dé ar bhur sliocht dá sirinn,

dlighim é ó t’iocht oruinn.


16 Cneadh th’ochta nó gur híadhadh

nír chneadh chorcra gan chaoineadh;

ó dochlos, a rí, ort áladh,

do bhí i ngábhadh gort Gaoidheal,


17 Goill id dheaghaidh madh dána

fa cheanaibh a gciom nóna,

rug [tú] a bhfraoch dá ngaoibh géara,

a laoch Béara i dtaoibh tóra.


18 Bruighne ós Bóinn gud amhsaibh

fár chóir cuimhne do chleasraidh

do bhí ané lán do luisnibh,

clár Uisnigh ’s ní ré [a] easbhaidh.


19 Umhall an tráth fa dtillfe,

cumhang le cách a chomhtha,

mionca a fhían i ndáil deabhtha,

ní bheanfa mían áigh ortha.


20 Teach Tuathail fa t’fholt fáinneach,

mar Chruachain na ngort ngríanach,

sibh ar a dhruim go díreach,

rí-Leath Cuinn ribh is ríarach.


21 Ní bhía an tonn-mhuir gan treabhadh,

th’fhoghlaidh do sía dá siobhal;

gé atá a theagh ’na thigh fholamh,

fear foladh fil gan ionadh.


22 Lá slúagh Umhaill i nUlltaibh

do-fhulaing tóir nach tilltir;

d’éis ghleo do chor i gcoilltibh,

roinntir a gcrodh ar linntibh.


23 Dá ró Umhall d’ur Bóinne

mó is cumhang d’fhior a fhéile

a chíos go ceann ó Máille,

eang nach áille gríos ghréine.


24 Roinn a chean is dó adéaruinn

fear is mó as a maoidhim

lucht faghla in gach aird d’Éirinn

tarla i n-éin-ing aird aoibhinn.


25 Leomhain an oirir úaine,

eolaigh oirir na Sbáinne,

ag búain chruidh do Cheann Tire,

gearr míle ar muir d’íbh Máille.


26 A fhear comhloinn mar chosgaidh,

fear do lean foghlaim Osgair,

beart a mbí bun an ghaisgidh,

taisgidh í ar gcur an chosgair.


27 Ar maoilinn an tráicht toinnghil

maoidhim isin bháirc bheinnghil:

cosg laoich dob usa i n-iorghail,

diongmhuidh tusa an ngaoith gheimhridh.


28 Smacht ón ghaoith ar a ghruaidh leath-duinn

ar a sgaoith mar fuair eitim,

caladh Béirre bhinn bhratduinn,

téighe a hAcuill inn d’eitill.


29 Móid re t’oireacht ní hiontnúith

ód roineart, a óig fhalt-úir,

sibh ag léim do linn bhreic-mhín

fa sheintír Ching fhéil Artúir.


30 Magh mín do-chóidh fád cheanaibh,

mar an tír os Bóinn bhiligh,

ionadh réidh i gcoim chalaidh,

coill taraidh ód fhéin d’fhilidh.


31 Slóigh mheara do thraoth tonna,

greagha na laoch a longa;

badh iad uird ghliadh a ngiolla

mionna t’fhian a gcuilg chorra.


32 Beoir fa fheadhaibh dod aoidhibh

do bearair le feoil bhfiadhaigh,

sgéala libh go báirc mbéalduibh,

ar bhféaghuin tráicht ghil ghríanaigh.


33 Iúl ag sduaigh leamhna ar lochmhuir

ag buain fheadhma dá eachraidh;

gné th’fhairrge sul do aithrigh,

aithnidh sé i n-airde an fhearthain.


34 Slat réidh is roibhinn briathar,

mar Oilill ós fhéin Chruachan,

laoich nár chleacht tóir dá dtraothadh,

saothar dóibh teacht go Tuathal.


35 Muir gan lúth ag léim tíre,

uma mhúr réidh do-róine:

cúan binn go brugh í Mháille,

linn nach áille bun Bóinne.


36 Ní fuathmhur rí gá fhreagra

a mbí Tuathal gá thagra,

don tslógh ní tráth do thogra

clódh ogla ar áth dá n-abra.


37 Níor líonadh long an óighfhir

gur fholmhuigh iomad do shráidibh;

foireann teann, trom ar théadaibh

ag féachain sreang lom, láidir.


38 Giolla fíal nár bhladh bréithir

uman magh thíar do tháthaigh;

tríd nach gabh cíos go Cruachain

bladh Tuathail bhíos gan bhráthair. Bráthair.