Poem in printable PDF format
Bréagach sin, a
bhean
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 8]
Anluan mac
Aodhagáin ccc.
1 Bréagach sin a
bhean,
ní beag seal don
bhaois;
smachduigh
th’aigneadh óg
a bhfuil ród dot
aois.
2 Ainic thú ar an
éag;
cuimhnigh, a
ghéag ghlan,
bláth an domhain
daoir
nach sealbh
dhaoibh nó dhamh.
3 As do bhais
mheir mhaoith
ná déin baois, a
bhean;
gidh bé as
bhuaine ré
ní mhairfe sé
achd seal.
4 Ná déin eisdibh
uaill
gearr san uaigh
go mbiad
na lúba ar lí an
óir,
ná tug dot óidh
iad.
5 Bíodh th’aire
ar an uaigh,
ná sill an
ghruaidh gheal;
san tsúil mhairbh
ghlais mhuill
ná cuir suim ná
seadh.
6 San troigh
rothruim réidh
ná fagh-sa féin
fonn;
taobh as taise
clúmh
tuig nach tú do
chom.
7 Biaidh mar
bhláth an fhiaigh
- i gcriaidh ní
cóir teann -
snuadh t’ochta
mar aol,
do bhruinne shaor
sheang.
8 I dtalmhain -
tuar leoin -
smuain fa dheoigh
do dhul;
biaidh a ghné mar
ghual
an béal go snuadh
subh.
9 Ar ndul duit i
gcré
mi-se gidh mé
ann
ní thiobhrainn
riot taobh,
a chúl na gcraobh
gcam.
10 Ret fhaicsin,
a fholt fiar,
do-chuaidh mo
chiall uaim;
duit, a
bhruinneall bhán,
badh aithreach lá
an Luain.
11 Tuirseach
dhamh ’n-a ndeoigh
briathra do
bheoil bhinn;
do ghlór síthe
sáimh
ní mé a-mháin do
mhill.
12 Ná bí baoth do
gnáth
cuimhnigh cách ag
éag;
an folt fleasgach
fann
ní fhuil ann achd
bréag. Bréag.