Poem in printable PDF format
Bréagthar bean le
séad suirghe
[McKenna, L.:
Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 85]
Flann Mac
Conmidhe cct.
1 Bréagthar bean
le séad suirghe,
cá bean nach
bréagfadh coibhghe?
ní séad nach cóir
do chuimhne
séad suirghe gun
óigh oirne.
2 Géabhaidh Muire
an séad suaithnidh
- ré nimhe d’éad
ní fhéachthair;
más beag mór ar
mbéim báithfidh
ógh dá bráithribh
féin féachfaidh.
3 Rug cách an
t-iul gérbh iongnadh
ar siur an tráth
do toirrgheadh;
roinn na ngrás rú
do-righneadh
inbhear clú ar
nar fhás oighreadh.
4 Seal dóibh i
n-aitreibh ísil
an óg ’s an
aisgidh nuasain,
clann dúinn do
gheabh ó ghrásaibh;
fásaidh sreabh a
húir uasail.
5 Bean chabhra ar
gcean is gaolmhar
dom breith san
ghlanbhrugh ghlórmhar,
is beag do riar
na ríoghbhan;
bríoghmhar riamh
gach leag lóghmhar.
6 Sanais d’óigh
an tráth tugadh
a smál do-chóidh
don chreideamh,
cneadh san chígh
dheis gan drodadh
tobar sídh leis
gur leigeadh.
7 Rí na n-uile do
iomchair
- buime mar í ní
fhoghthair;
sé ar ndol ’n-a
dáil ó dheaghthoil
geabhthoir cor go
tráigh dtorchair.
8 Mór nglún
suaithnidh ’n-a seanchas
- cá húir dob
uaisle foilcheas?
cóir an Luain im
cheann cheilfeas
geilchneas seang
nar thruaill toirrcheas.
9 Mala chaol
abhra uaine
tarla re taobh a
chéile;
ní dhearna uall a
háille
bráighe ar snuadh
ghealgha ghréine.
10 Ruisg ghorma
go ndreich dheirggil
bheith dar
gcomhdha is dá ceardaibh;
rug dar mbáidh
mac ’n-a maighdin
slat shaighdidh
cháigh tre chealgaibh.
11 Tú an leanbh
dar ndíon do dealbhadh;
dá dtí bhar
bhfearg ná fuilngeadh,
cosg cháich ar
fhíoch fa adhnadh,
an chíoch
bharrghlan bhláith bhruinngheal.
12 Rí ó aingeal
dá ainglibh
do ghabhais id
chlí choimghil
- dual mil do
chor fa chuirmdhigh;
sibh d’fhuighlibh
ó thol toirrghidh.
13 Fuil na mbos
budh hí m’aighne
do shín i gcrois
dar gcinne;
trom a bhreath
madh áil oirne
cáir th’oidhre
as-teach ní thibhre. Bréagthar.