Poem in printable PDF format
Brian a-nois
do-ním do Mhaghnus
[McKenna, L.:
The book of Magauran, Dublin, 1947, poem 11]
Raghnall Ó
hUiginn .cc.
1 Brian a-nois
do-ním do Mhaghnus
maith gach ní
do-ní go sé;
leagadh gach
gliadh [uile] a éachta,
Brian is [uime]
as déanta dhé.
2 Brian ar
eangnumh is ar eineach
onchú Bréifne an
bhruinne sheing,
ní thabhair ól
char dá chanann,
ní chan glór nach
gabhann greim.
3 Móide as Bhrian
é a fheabhas toirrgheas
Teallach
n-Eachach na n-arm ndeas,
ní nochtann sé
arm gan fhalaidh,
ní garbh é go
dtabhair treas.
4 A-tá ag Maghnus
Mhuighe Fabhair
foghlaim eile
fhuair ó Bhrian,
nír smuain ’s an
gábhudh n-a ghoire
áludh dá bhfuair
roimhe riamh.
5 Sleagh ar
gcamadh cloidheamh ainmheach
aige ón tachur
tug go garbh;
do fhiarfaigh
flaith Gréag do ghaibhnibh
créad badh mhaith
d’ainmhibh a arm.
6 Téid an tann as
treise a bhiodhbha
do bhuain chreach
dhe dál ar leith;
ó ’d-chluin ar
n-éag a fhear gcagaidh
géag Bhreagh ní
chagair a gcreich.
7 Feoil
ionfhuinte uisge a brógaibh
bhíos gá mhuintir
maith an chuid;
cadlaidh Maghnus
ar cúl chreiche
ar barrdhos úr
beithe bhuig.
8 Teach coille ag
Maghnus mhac Donnchaidh,
duille buidhe
bhíos n-a fhult,
leagar ar brat
corcra clúmhchruinn,
bogcna shlat
n-úrchuill n-a ucht.
9 Mág
Shamhradháin do shín marcshluagh
is maidhm reimhe
n-a ruaig theinn;
faithche ag
fódmhaidhm ba chleith Chodhail
ar ógbhaidhbh
eich sholaimh sheing.
10 Ó oireacht ar
éis an tachair
- is teisd fhíre
fhuair an fear -
“lasair dhearg i
néallaibh nimhe
béaraidh
th’fhearg, a bhile Breagh.”
11 Glór cáich
ad-chuala n-a éagmhais
ag iomráth fhir
na n-arm ndearg;
“do fháisg tú san
ngruaidh ngléighil
an crú an uair do
éirigh th’fhearg.”
12 Do-chualaidh
mise ’s mé ag comhráth
le ceard maith a
mholudh cóir,
gen go gcoisg
t’fhola, a ghéag Gáille,
rogha na séad
t’fháinne óir.
13 N-a fharrudh
ar fhud na sligheadh
ag seanmóir dó
a-dubhairt mé:
“Tugais, a shlat
Mhacha, [a] macra
mac flatha n-a
dhalta Dhé.”
14 Aithnidh
daoibhse dála Maghnais
meisde go mór
míne a ghlóir,
ro badh é sin am
na heagla
an dann do-bhir
freagra fóill.
15 An bhurba ní
bhí ar a theangaidh
ris an té dá
dtabhair fuath;
Gaoidhealg mhór
gan bhrígh do-bhéara
i nglór mhín
a-déara ó Duach.
16 Ní dearnadh
riamh ó ré Logha
lúdh foda nach
fuil n-a urd;
ní corrach sgoth
Eanaigh uirre
cloch shleamhain
i mbuinne bhurb.
17 Do shnámh
leabhur i ló anfaidh
re hucht gcuain
do-cháidh do luing,
do thomhais
fhionnmhuir gcais gcoptha
do bhais
fhiodhraidh chorcra chruinn.
18 Maghnus nocho
meinic [admhas]
airm bhiodhbhadh
do bhéin re ucht;
ní feas go huair
sguir na sgainnre
a bhfuair tuir
Aidhne dá hulc.
19 Do Ghallaibh,
a ghnúis í Eachach,
re hucht dtuinne
tugais ruaig;
do ling sa sál
ngeal don Ghallchath
fear gan shnámh
gan arthrach uaid.
20 Comhrádh
chanad i ngach longphort
a lucht sbairne -
ní sbleadh dáibh -
“dá mbeath méad
an Daghdha i nduine
ní tarbha, a
ghéag Dhuibhe, a dháil.”
21 Rinn áigh ag a
rádh go meinic
re mac
nDonnchaidh deargas ghó;
do chupa dearg, a
thuir Thlachtgha,
ní fhuil cheard
nach dalta dhó.
22 Is deoradh
uasal th’fhear caomhthaigh,
a chneas Maghnusa
as mhín folt,
comhfhad do
thaoibh d’altain iaruim
i gcarcair chaoil
iallduinn ort.
23 Cá fáischeall
nach faghaibh tearmunn
ón taoisiuch nach
tug a fheirg ?
fearg naoimh go
tréan nochor thogaibh
éan ar craoibh
thobair nír theilg.
24 I gcoinne
cheannaighe an fhíona
anba an tionól
téid ó Ruairc
is mór táinig as
an tunna
ráinig ar slógh
Cunga an chuairt.
25 Locht oircheas
fhuarus don bhreagoid
bánaidh n-a dhún
dath an tsróill;
sdíom do [chuirn]
dhubhdhuinn an dreagain
re hurlainn
gcruinn n-eagair óir.
26 Súil nach
déachadh an dán cheannghas
ó ua Chormaic
corcras braich;
cuiridh tuir
Dhuibhe n-ar ndeaghaidh
duine gá gcluin
mheabhair maith.
27 A sháith dána
is docair d’agháil
d’fhior Theamhra
gus tig gach bard;
ar dhuain ngirr
do cheis ó Créidhe,
ru badh binn leis
Éire Ard.
28 Gan chruit nó
gan tiompán téidbhinn
ní théid n-a
cholludh craobh Liag;
[a] dá ghormshúil
mar bhláth mbugha
do mhongdhúin
snáth umha iad.
29 Do thuagh ar
dtocht tresin gclogas
go crios sgeine
do sgailt fear;
at iarainn dá nar
théigh tairnge
do fhiarroinn
béim baidhbhe Breagh.
30 A mhuintear ní
maith do leigheas
ar n-a lot ag
lúbadh chrann,
a lucht cneadh ag
tocht i dtachroibh,
fear gonta gá
athghuin ann.
31 A aigheadh [í]
Eachach Feidhligh
gus nach faghar
fear a choisg,
an tann as
ghábhudh dod ghruaidhibh
sádhul barr
ruainnigh do roisg.
32 Is fíor dhamh
a ndubhairt mise
re mac Móire as
mhaith im buaibh:
“Méaraidh do
mhaith re méad chaithe,
a fhlaith Gréag,
go laithe an Luain.”
33 A-deir cách ó
’d-chiad do [dhíoghrais]
ag drud i
n-aighidh arm nocht:
“Beith agud
thubha, a fhir Abhaigh,
do-bhir dhula ar
t-aghaidh ort.”
34 Do chleath
[lobhur], a lámh Maghnuis,
meinic do-ní
neimh as mhó;
críonaidh sa
choill crann do cheise
barr an chroinn
as deise dhó.
35 Croinn reamhra
rachas n-a n-armaibh
don uinnsionn as
fhaide i gcoill;
nocho ceisde ar
ceis í Chraoidhe
gidh meisde leis
caoile a chroinn.
36 Smacht
airdríogh ar fhud na Bréifne
bhíos aige ’s
gurub eadh raibh;
aincidh cleath
Eine n-a iongnuis
neach ’s a eire
ionnmhuis air
37 Ní lamhair
labhra n-a aighidh,
an t-oireacht
toir tug go mín,
mar do ghuidh
máthair í Mheadhbha
do tháthaigh tuir
Theamhra an tír.
38 Bídh [fan]
bhantrocht bhíos gá iomrádh
éad mór gon
mhnaoi dá nach tairg,
do dhíobhraig
bean mhaith a mhalaigh
im fhlaith Breagh
i n-aghaidh n-aird.
39 Liaigh duine i
ndeaghaidh a uthrais
aithnidh dó a
ndéanann gach guin;
ar mbeith chneadh
ar ó Ruairc reimhe
cuairt ba fhear
cneidhe do chuir.
40 A-tá aige is
aigneadh conchar
cleas nach fríoth
ag fior don fhéin,
ó Duach ar ndol
dá hiarraidh:
fuath a chon bha
fiadhain féin.
41 Suan corrach i
gcuasaibh talmhan
tug ar ceithirn
gcagaidh ghairg;
leabaidh mhaith
do bhean ar biodhbhaidh
is flaith Breagh
i n-iomdhaidh aird.
42 Ní fhéadam
iomarbháigh longphuirt
“leig dó” mar
a-deir im rann
“gan dul dó do
mhaith tar Maghnus
gach flaith as
mhó fhaghlus ann.”
43 Maghnus Mág
Shambradhán Shionna
do shir chíos, do
chuinghidh ghiall;
leis gach dream
ar sgáth ar sgéithne,
nír fhearr táth
na Bréifne ag Brian. Brian
44 Tadhg Mág
Aonghusa an airm neimhe
neart biodhbhadh
ní bhia ar a thír;
fa gcaith Tadhg
rinne do fhriochnamh
is linne an garg
miodhchar mín,
a chrodh nocho
buan re buga,
gach sgol uadh is
chuga ad-chím.
45 Donnchadh Mac
Donnchaidh déad solus
slighe a fhaghla
go hÁth Rois;
re seabhac
Tlachtgha as ghlan gruaidhniamh
canta dhamh
nuaidhBhrian a-nois. Brian
46 Tomás mhac
Briain gá mbí mise,
mac meic
Dhonnchaidh deargas crann,
sirfidh sé dá
thigh gach tírghiall,
is é sin as
fhírBhrian ann. Brian
47 Inghean meic
Mhuireadhaigh Máighe
[min] nGaoidhilge
gan ghuth ndian;
ní fhaghaimne ar
Árlaith oilbhéim,
lánmhaith í i
gcoimhréir na gcliar,
uathudh bean aga
mbí a huga,
do lean sí buga
na mBrian.