Poem in printable PDF format
Briathra cogaidh
’gon chath Laighnech
[Bergin, Osborn:
Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 40]
Bríathra cogaidh
con chath Laighnech,
cath lé ngorthoir
gallchloch,
atá triall ar
nach téid toirmesc
con fhéin ó iath
Almhan.
Tic in damhraidsi
dá nderbadh (line 5)
gallbailti gan
ghalldacht.
Is gerr inn aga
gan imthecht
a cenn chatha in
Calbach.
Ar scibadh greg
suaichnidh sibhlach
gluaisit gusin
ngallchath, (line 10)
ar scibadh a
lúirech loindrech,
a crúisiuch ’sa
carbad,
’sa sciath
n-asnach do chlecht comrac,
’sa scabal mbrec
mballghlas,
ar ngormadh
clogat corr coinnlech, (Line 15)
’sar clochadh
colg raghlas,
sibal con tshlógh
fhíchmar Fhailghech,
ar limadh bróg
mbarrlag.
Tógbhaid anocht
ortha ac imthecht
cor gortha don
ghalldacht. (line 20)
Coinne in
tshluaighsi gá tá a tennguth
a Ráth Guaire
gabthur.
Áth Truimm ar
dheóradhuib dergas
beóghasraidh
fhuind Alman,
co leiget sein
gaeith tre ghalltor, (line 25)
láeich a leith a
farchadh.
Sibal dána ón
oirecht Fhailghech,
Droiched Átha
d’adhnadh;
co hÁth Cliath,
ní cuairt can chennseal,
do-sía cuairt ón
Chalbhach. (line 30)
Cin agon
lethanchath Laighnech
a Cethurlach
carntar.
Co Cill Coinnigh
nochar chromsat,
in toisg-sin is
tarbach.
Hí Fhailghi, is
dá n-eiri ac immthecht (line 35)
aighne is greidle
gallchloch;
is imdha ón
Fhailghech ar immchur
- gaillcherc agus
ganndal.
Sreth cabún ac
techt ’na theghlach,
sreth bagún is
brannrad. (line 40)
A n-eiri ón
echtra-sin Fhailghech
ar echlachuibh
d’adhbras.
Géill fa
shíthlaibh óir gá n-imchur
ac rígraidh fhóid
Alman.
Fine Chonchubair
a comruc (line 45)
comlasaid fan
Chalbhach.
Soighde lethna ón
ágh ar imchur,
slegha ar áth mar
aradh.
Anait súd ar
losgadh longphort
re goradh chúl
calbthad. (line 50)
Ceilter a áladh
con Fhailghech
bántor noco
mbarrlass.
Do dherg Caisel
do dherg Durlus -
aister is fherr
anfadh.
Do-béra fóss lá
do Luimnech, (line 55)
in tráth bus mó
in margadh.
Cill Dara gá lá
nach lingfedh?
Nás aga do
hadhnadh.
Atá tuilledh is
ar thuirmes,
cuirther ar an
Calbach. (line 60)
Mac meic
Muirchertaigh, bos barrghel,
rosg muinntremail
mallghlas,
aithris con
macsain ar Murchadh,
do fhalaigh gach
annsmacht.
A gemhel
ghlúinech ghlas ghailbech (line 65)
ac snas chúiledh
calpthadh.
Fer lé cumthar
cís ar coblach,
dá tundtar fín
Frangcach.
Scíath brec ina
aici ar imchur,
fer scailti
scíath n-amlach. (line 70)
Fer do grís an
t-áth gá imthecht,
lámh re sním na
samhthach,
fer sleighi go
dorn do dergadh,
tonn is treisi
anfadh.
Fer le linged
brugh a bidhbad, (line 75)
dá tug inghen
annsacht;
derc ar éndath is
[in] t-ogradh,
fer lé mbrécthur
banntracht.
Mac Gormlaithi,
nár fhaem ainchert,
fraech
borbthuinde balbus. (line 80)
Do cuiredh suas
don fhód Ultach
lé glór cuach ón
Chalbhach.
Faemthar don
bosfhada bronntach
Connachta fa
chrandchur.
Do coisged leis
medhair Muimnech, (line 85)
freagraid sein in
samhrad.
Is deredh
d’ossadh na n-Ulltach:
in codladh don
Chalbach?
In codladh don
Chalbhach?
Clú Mairgred ar
cor a caemna,
failmgég nach
blodh bríathra, (line 90)
ben nár chuir eól
ar an éra,
cnú beó d’fhuil
na n-iarla,
ciab gégach dan
hoide Íssa,
croidhe dércach
díadha;
ar ól fledh nir
thréig a trátha, (line 95)
ben do réir a
ríaghla;
atá sí ar an
ceird gá caemna,
is leind bíd a
bríathra.