firstLine"; ?>

354. Briocht na seirce i ndiaidh Eoin $
Length: middling 23 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy cp
Manuscripts:
  1. Stoneyhurst A/II/20ii C. O Corbain 1701
Prints:
  1. transl. Archiv. Hib. i, 98-1oo, 118-21
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. qualities of patron’s character
  3. irresistible attractions for women
  4. medical lore
  5. sickness
  6. druidry ?
Poet Christian Names:
  1. Uilliam Og (Stoneyhurst)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Eoin
Patron Surnames:
  1. O Cuileannain d. 1661 Bp of Raphoe
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Briocht na seirce i ndiaidh Eoin


[John MacErlean (ed. & transl.), ‘Eoin Ó Cuileannáin: Bishop of Raphoe, 1625-1661’, Archivium Hibernicum, 1 (1912), 77-121, poem 7]


Uilliam Og Mac an Bhaird .cc.


1 Briocht na seirce i ndiaidh Eoin

airdheanna foirfe fíreoin

mná is fir ag tál a dtoile

do ghrádh fhir na hionmhoine.


2 Searc na mban grádh gach gille

easpog go n-óigh n-intinne

fear sáimh gan oil gan omhan

gan choir gráidh do ghníomhoghadh.


3 Go dtairdís ansa a n-anma

ag sin bun mo bharamhla

giodh ní mór uile don fhior

slógh na cruinne do chithfiodh.


4 Is comaoin do chách a ngrádh

d’fhior na hansa go hiomlán

a ghrádh saor don uile fhior

acht duine claon don chreidiomh.


5 Ní fearr le haoighidh ól fleadh

dá mbiadh gan chuirm do chaitheamh

aithigh le hais aoibhe an fhir

dar lais ní haoine an aimsir.


6 Tar éis a shalm mblasda mbinn

mar ghlór toghaidhe tailghinn

fa horgán eoil don uile

comhrádh Eoin iar n-urnuighe.


7 Luibh íce d’fhearaibh othair

briathra an easpuig órghothaigh

fuighle toghtha an fhir fhéil

fa hothra do chneith chainnséir


8 Bás a chlainne ’s a chéile

easbhaidh carad is coigéile

ní léir d’aon ar dheaghaidh Eoin

an chraobh go gcabhair cineoil.


9 Do dhéanadh urlabhra Eoin

ag teagasg aosa an aineoil

dá mbeadh fear cumhadh dá chrádh

pudhar a chneadh do chlaochládh.


10 Atáid socair iomdha ann

do gheibhid cách na cumann

sláinte chuirp a hamharc Eoin

ar adhart fháilte an fhíreoin.


11 Sláinte anma is cabhair chuirp

atáid fa leith na labhuirt

beatha anma is coirche ceoil

na labhra fhoirfe fhíreoin.


12 Mar chuiris an ghrian a gal

feadh gach tíre na timchiol

cuiridh Eoin teas a thoile

tre o neas eoil na hionmhoine.


13 Mar thairringeas an ghrian gheal

an t-uisce suas ar sileadh

tairngidh glóir ionmhoine air

ionghloine Phóil is Pheadair.


14 Slighe na déisi dallda

atá san fhear fhíreanda

thairngeas grádh an uile air

mar lán tuile na tonnaibh.


15 Lorg na n-apstol leantar lais

ar ghrádh Íosa san eaglais

gan deadhail le glóir gloin

i ndeaghaidh Phóil is Pheadair.


16 Grádh na gcomharsan go ceart

is ansa Íosa i n-aoinfheacht

ar congbháil i gcridhe Eoin

slighe cláir an fhíreoil.


17 Atá istigh i ndia na ndúl

an fear garma go nglanrún

mar bhíos Críost san ghille ghlan

gan díosc na inne iodhan.


18 Tomba chuirp an choimhdhe chain

colann an éarlaimh uasail

mar bhíos na chlí ag iomrádh air

don iomlán iona fhochair.


19 Ní airde an aill le honóir

ní ísle le heasonóir

duine ar toil dé gan deadhail

é ar gach cor don chinneamhain.


20 Coimhéadach ar a chuing féin

éarlamh aoibhnis gach oiléin

grádh na n-aingeal aoibh gach fir

nár scaoil daingean an dúilimh.


21 Eoin ó Cuileannáin ciabh thais

réalta iongantach eolais

dochtúir dílios dé nimhe

sílios é don aithrighe.


22 Giodh é searc na n-inghean Eoin

órthóir uaigneach gach uirsceoil

leis ní háir don uile bhean

amháin acht Muire maighdean.


23 Fírbhriocht seirce ó mhac Mhuire

le hiomad na hionmhuine

fuair Muire mhéarghlan na miocht

don éarlamh uile an t-éinbhriocht. BRIOCHT NA SEIRCE